Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • my scéal 26
  • Tá Iób Dílis do Dhia

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Tá Iób Dílis do Dhia
  • Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Cérbh É Iób?
    Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • Coinníonn Iób a Ionracas
    An Bíobla—Cén Teachtaireacht atá Ann?
Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
my scéal 26

SCÉAL 26

Tá Iób Dílis do Dhia

IÓB is ainm don fhear tinn seo. An bhfuil fhios agat céard atá a bhean a rá le Iób? ‘Cuir do mhallacht ar Dhia agus fáigh bás.’ Cén fáth a ndéarfadh sí rud mar sin agus cén fáth a bhfuil Iób ag fulaingt?

Ba fear dílis é Iób a bhí umhal do Iehobhah. Chónaigh sé i dtír Uz, gar do Cha’naan. Bhí an-chion ag Iehobhah ar Iób. Ach bhí fuath ag Sátan an Deabhal do Iób.

Sé Sátan an drochaingeal a bhfuil fuath aige do Iehobhah. Bhí sé in ann Ádhamh agus Éabha a iompú ó Dhia agus cheap sé go bhféadfadh sé gach duine eile a iompú freisin. Ach níor éirigh leis. Cuimhnigh ar na fir agus na mná dílse ar fhoghlaim muid fúthu. Cé mhéid acu atá tú in ann a ainmniú?

Tar éis do Iacob agus do Sheosamh bás a fháil san Éigipt, ba é Iób an duine ba dílse do Dhia sa domhan iomlán. Theastaigh ó Dhia go mbeadh fhios ag Sátan nach bhféadfadh sé gach duine a chuir i gcoinee Dé. Dúirt sé leis: ‘Féach chomh dílis is atá Iób.’

‘Tá sé dílis,’ a deireann Sátan, ‘mar beannaíonn tú é agus tá rudaí maithe aige. Ach tóg uaidh iad agus cuirfidh sé a mhallacht ort.’

Mar sin dúirt Dia: ‘Tóg uaidh iad. Déan gach rud is mian leat le Iób. Feicfimíd an gcuirfidh sé a mhallacht orm. Ach bí cinnte nach maraíonn tú é.’

Ar dtús, chuir Sátan ar ghadaithe ba, caoire agus camaill Iób a ghoid. Ansin mharaigh sé a dheichniúr mac agus iníon i stoirm. Ansin bhuail Sátan Iób le tinneas uafásach. D’fhulaing Iób go mór. Dúirt a bhean leis a mhallacht a chuir ar Dhia agus bás a fháil. Ach ní dhéanfadh Iób é. Tháinig trí chara bréige chuige a dúirt leis go raibh drochshaol caite aige. Ach d’fhan Iób dílis.

Bhí Iehobhah an-sásta leis seo agus ina dhiaidh bheannaigh sé Iób. Leigheas sé a thinneas. Bhí deichniúr eile páistí áilne ag Iób agus a dhá oiread caoire, ba agus camaill.

An mbéidh tusa dílis do Iehobhah mar a bhí Iób? Má bhíonn beannóidh sé tusa freisin. Béidh tú in ann maireachtáil go deo ar an domhan nuair a bhéas sé chomh hálainn le gáirdín Phárthais.

Iób 1:1-22; 2:1-13; 42:10-17

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn