SCÉAL 38
An 12 Spiaire
FÉACH ar na torthaí atá á n-iompar ag na fir seo. Teastaíonn beirt fhear chun iad a iompar. Féach ar na fíonchaora, na figí agus na pomagrainítí. Cé as ar tháinig na torthaí áilne seo? As tír Cha’naan. Cuimhnigh gur i gCa’naan a chónaigh Abraham, Isac agus Iacob uair amháin. Ach mar gheall ar an ngorta chuaigh Iacob lena chlann go dtí an Éigipt. Anois, timpeall 216 bliain níos deireanaí, tá Maois ag treorú na hIosraelítigh ar ais go Ca’naan. Tá siad tagtha go dtí áit sa bhfásach ar a dtugtar Cáidéis.
Cónaíonn drochdhaoine i gCa’naan. Mar sin cuireann Maois amach 12 spiaire. Deireann sé: ‘Fáighigí amach cé mhéid duine a chónaíonn ann agus cé chomh láidir is atá siad. Fáighigí amach an bhfuil an talamh go maith agus tugaigí cuid dá thorthaí ar ais.’
Nuair a thagann na spiairí ar ais, deireann siad le Maois: ‘Is tír mhaith í cinnte.’ Taispeáineann siad cuid de na torthaí dó. Ach deireann deichniúr de na spiairí: ‘Tá na daoine ann mór agus láidir, Marófar sinn má thriáileann muid an tír a thógáil.’
Tá eagla ar na hIosraelítigh nuair a chloiseann siad é seo. ‘Bheadh sé níos fearr bás a fháil ins an Éigipt nó anseo ins an bhfásach fiú,’ a deireann siad. ‘Marófar sinn sa gcath agus gabhfar ár mná agus ár bpáistí. Roghnaimís taoiseach nua in áit Mhaois agus téimís ar ais go dtí an Éigipt.’
Ach tá muinín ag beirt de na spiairí i Iehobhah, agus triáileann siad na daoine a shuaimhniú. Deireann Iosua agus Cáléb: ‘Ná bíodh eagla oraibh. Tá Iehobhah linn. Béidh sé éasca an tír a thógáil.’ Ach ní éisteann na daoine.
Cuireann sé seo an-fhearg ar Iehobhah. Deireann sé le Maois: ‘Ní rachaidh éinne atá 20 bliain d’aois nó ós a chionn isteach go Ca’naan. Chonaic siad na míorúiltí a rinne mé ins an Éigipt agus ins an bhfásach, ach fós níl muinín acu asam. Mar sin béidh siad ag fánaíocht ins an bhfásach ar feadh 40 bliain go dtí go bhfaighfidh an duine deireanach bás. Ní rachaidh isteach go Ca’naan ach Iosua agus Cáléb.’