Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • my scéal 51
  • Rút Agus Naomí

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Rút Agus Naomí
  • Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Rút agus Náoimí
    Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
my scéal 51

SCÉAL 51

Rút Agus Naomí

INS an mBíobla gheobhaidh tú leabhar ar a dtugtar Rút. Is scéal é faoi chlann a mhair le linn breithiúna Iosraeil. Is bean óg í Rút as tír Mhóáb; ní bhaineann sí le náisiún Dé, Iosrael. Ach nuair a chloiseann sí i dtaobh an fíorDhia Iehobhah, tugann sí grá mór dó. Is bean níos sine í Na’o·mí. Chabhraigh sí le Rút eolas a chuir ar Iehobhah.

Is bean Iosraelíteach í Na’o·mí. D’aistrigh sí féin, a fear agus a beirt mhac go dtí Móáb le linn ganntanas bia in Iosrael. Ansin lá amháin bhásaigh fear Na’o·mí. Níos deireanaí phós mic Na’o·mí beirt chailíní Mhóábach, Rút agus Or’pá. Ach tar éis tuairim is 10 mbliana bhásaigh beirt mhac Na’o·mí. Nach brónach a bhí an triúr ban! Céard a dhéanfadh Na’o·mí anois?

Lá amháin socraíonn Na’o·mí an t-aistear fada a dhéanamh ar ais abhaile go dtí a muintir féin. Tá Rút agus Or’pá ag iarraidh fanacht in éineacht léí, agus mar sin imíonn siad léí. Tar éis dóibh a bheith tamall ar an mbóthar deireann Na’o·mí leis na cailíní dul abhaile go dtí a máithreacha féin.

Fágann Na’o·mí slán ag na cailíní. Leis sin tosaíonn siad ag caoineadh, mar tá an-ghrá acu do Na’o·mí. Deireann siad: ‘Rachaimid in éineacht leatsa go dtí do mhuintirse.’ Ach freagraíonn Na’o·mí: ‘Caithfidh sibh dul ar ais. Béidh sibh níos fearr as sa mbaile.’ Mar sin tosaíonn Or’pá ar a bealach abhaile.

Deireann Na’o·mí le Rút: ‘Tá Or’pá imithe. Imigh tusa freisin.’ Ach freagraíonn Rút: ‘Ná triáil mé a chuir uait. Lig dom dul leat. San áit a rachaidh tusa, rachaidh mise, san áit a chónaithe tusa, cónóidh mise. Béidh do mhuintirse mar mhuintir agamsa, agus béidh do Dhiasa mar Dhia agamsa. San áit a bhfaighfidh tusa bás, gheobhaidh mise bás.’ Nuair a deireann Rút é seo, ní thriáileann Na’o·mí í a chuir abhaile níos mó.

Sa deireadh sroicheann an bheirt bhan Iosrael. Cuireann siad fúthu chun maireachtáil anseo. Tosaíonn Rút láithreach ag obair ins na goirt, mar am bainte na heorna atá ann. Ligeann fear arbh ainm dó Bo’az, cead do Rút eorna a bhailiú ina ghort féin. An bhfuil fhios agat cérbh í máthair Bho’az? Ba í Rahab as Iericho í.

Lá amháin deireann Bo’az le Rút: ‘Chuala mé faoi chomh carthanach is a bhí tú le Na’o·mí. Tá fhios agam faoin gcaoi ar fhág tú d’athair, do mháthair agus do thír féin agus ar tháinig tú chun cónaithe i measc daoine nach raibh aithne agat orthu. Go raibh Iehobhah go maith duit.’

Freagraíonn Rút: ‘Tá tú an charthanach liom, a dhuine uasail. Mothaím i bhfad níos fearr mar gur labhair tú chomh cineálta sin.’ Tá an chion ag Bo’az ar Rút agus is gearr go bpósann siad. Nach áthasach atá Na’o·mí faoi! Ach tá sí níos sásta fós nuair a bhíonn a gcéad mhac ag Rút agus Bo’az, ar a dtugtar Óbaed. Níos deireanaí bíonn Óbaed ina sheanathair ag Dáibhí, a bhfoghlaimeoimid tuille faoi ar ball.

Leabhar Rút ón mBíobla.

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn