CUID 4
An Chéad rí ar Iosrael go dtí an Géibheann i mBailbealón
Déanadh an chéad rí ar Iosrael de Shól. Ach dhiúltaigh Iehobhah é, agus roghnaíodh Dáibhí mar rí ina áit. Fáigheann muid go leor eolais faoi Dháibhí. Agus é ina ógánach, throid sé Goliat. Níos deireanaí theith sé ón Rí Sól, a raibh éad air. Ansin ní ligeann Abigail álainn dó rud amaideach a dhéanamh.
Ansin, foghlaimíonn muid go leor rudaí faoi mhac Dháibhí, Sólamh, a thóg áit Dháibhí mar rí ar Iosrael. Rialaigh na chéad trí rí Israel 40 bliain an duine. Nuair a fuair Sólamh bás roinneadh Iosrael i dhá ríocht, ríocht thuaidh agus ríocht theas.
Mhair ríocht thuaidh na 10-dtreabh 257 bliain sul mar scrios na hAsaírigh í. Ansin 133 bliain níos deireanaí, scriosadh ríocht theas an dá-threabh. San am seo tógadh na hIosraelítigh mar phríosúnaigh go Bailbealón. Mar sin clúdaíonn Cuid a CEATHAIR 510 bliain den stair, am ina bhfeiceann muid go leor eachtraí corraitheacha.