Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • bm cuid 12 lth. 15
  • Eagna Dhiaga le hAghaidh an tSaoil

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Eagna Dhiaga le hAghaidh an tSaoil
  • An Bíobla—Cén Teachtaireacht atá Ann?
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Rialaíonn Solamh le Críonnacht
    An Bíobla—Cén Teachtaireacht atá Ann?
An Bíobla—Cén Teachtaireacht atá Ann?
bm cuid 12 lth. 15
Bailíonn daoine grán in aimsir an Bhíobla

CUID 12

Eagna Dhiaga le hAghaidh an tSaoil

Is bailiúchán de chomhairle inspioráidithe atá i leabhar na Seanfhocal—scríofa ag Solamh den chuid is mó—a sholáthraíonn comhairle dár saol laethúil

AN RIALTÓIR críonna é Iehova? Tá bealach amháin cinnte le freagra na ceiste sin a fháil, sé sin, machnamh a dhéanamh ar an gcomhairle a thugann sé. An bhfuil sí éifeachtach? An mbíonn an saol níos fearr agus níos mó brí leis as ucht na comhairle sin a leanúint? Scríobh an Rí críonna, Solamh, na céadta seanfhocal. Déanann siad seo tagairt de gach gné den saol. Féach ar roinnt samplaí.

Muinín i nDia. Tá muinín ríthábhachtach más linn caidreamh maith a bheith againn le Iehova. Scríobh Solamh: “Bíodh muinín agat as an Tiarna, agus ná bíodh iontaoibh agat as do thuiscint féin; Bíodh aird agat air siúd cibé cúrsa ar a mbíonn tú, agus féachfaidh sé chuige go mbeidh do chosáin réidh.” (Seanfhocail 3:5, 6) Má léiríonn tú muinín i nDia tríd a chomhairle a lorg agus a dhéanamh tabharfaidh sé brí níos doimhne do do shaol. Cuireann an cúrsa seo ar chumas duine lúcháir a chur ar chroí Dé agus tugann sé an deis do Iehova freagra a thabhairt don té atá á mhaslú, Sátan.—Seanfhocail 27:11.

Ag caitheamh go maith le daoine. Tá comhairle an Bhíobla d’fhir chéile, do mhná céile agus do pháistí níos tráthúla inniu ná riamh. “Bíodh suáilceas agat i gcomhluadar na mná a phós tú i d’óige,” a chomhairlíonn Dia don fhear céile ag tabhairt treoir dó a bheith dílis dá bhean. (Seanfhocail 5:18-20) Tugtar tuairisc mholtach ar an mbean phósta chumasach i leabhar na Seanfhocal, bean a thuilleann meas a fir agus a clainne. (Seanfhocail, caibidil 31) Tugtar treoir do pháistí a bheith umhal dá dtuismitheoirí. (Seanfhocail 6:20) Léiríonn an leabhar seo freisin go bhfuil cairdeas ríthábhachtach, mar an té nach meascann le daoine eile bíonn sé leithleach. (Seanfhocail 18:1) Is féidir le cairde dea-thionchar nó drochthionchar a bheith acu orainn, mar sin ní mór dúinn iad a roghnú go ciallmhar.—Seanfhocail 13:20; 17:17.

Ag tabhairt aire duit féin. Tá comhairle den scoth i leabhar na Seanfhocal maidir le seachaint mí-úsáide alcóil, chun mothúcháin fholláine a chothú agus le dul i ngleic le mothúcháin dhochracha, agus chun a bheith i d’oibrí dícheallach. (Seanfhocail 6:6; 14:30; 20:1) Tugann sé foláireamh go bhfuil sé tubaisteach muinín a chur i mbreithiúnas an duine, beag beann ar chomhairle Dé. (Seanfhocail 14:12) Spreagann sé muid lenár gcroí a chosaint ar rudaí a thruailleodh é, ag meabhrú dúinn gur “[sa chroí] atá foinsí na beatha.”—Seanfhocail 4:23.

Tá sé faighte amach ag na milliúin duine ar fud an domhain gur fearrde a saol de bharr maireachtáil de réir na comhairle sin. Dá réir sin, tá cúis mhaith acu glacadh le Iehova mar a Rialtóir.

—Bunaithe ar leabhar na Seanfhocal.

  • Céard atá le foghlaim as staidéar a dhéanamh ar leabhar na Seanfhocal?

  • Cén treoir a thugann leabhar na Seanfhocal maidir le muinín i nDia, caitheamh go maith le daoine agus aire a thabhairt duit féin?

CÓHEILIT

Cén chaoi ar féidir sásamh agus brí a bhaint as an saol? Bhí deis mhaith ag Solamh le freagra na ceiste sin a fhiosrú. Bhí saibhreas ollmhór, eagna agus údarás aige, agus scrúdaigh sé na rudaí seo go bhfeicfeadh sé an dtabharfaidís fíorshásamh dó. D’fhéach sé le pléisiúr a bhaint as a mhaoin shaolta, phós sé go leor mná áille, agus bhí an chuid is fearr den chaitheamh aimsire aige. Thug sé faoi thionscadail tógála. Rinne sé iniúchadh ar eagna sna scríbhinní léannta. Céard a d’fhoghlaim sé? “Níl in aon ní ach baois.” Mar sin féin, tháinig sé ar an tuiscint dhomhain seo: “Mar choimriú scoir ar a bhfuil cloiste agat: bíodh eagla Dé ort agus coimeád a aitheanta, mar is é sin príomhdhualgas an duine.”—Cóheilit 12:8, 13.

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn