Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • jl ceacht 19
  • Cé hÉ An Seirbhíseach Iontaofa Ciallmhar?

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Cé hÉ An Seirbhíseach Iontaofa Ciallmhar?
  • Cé Atá Ag Déanamh Toil Iehova Inniu?
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • An Ról Atá ag an “Seirbhíseach Iontaofa Ciallmhar”
    Mair Go Sona Go Deo!—Cúrsa Idirghníomhach ar an mBíobla
Cé Atá Ag Déanamh Toil Iehova Inniu?
jl ceacht 19

CEACHT 19

Cé hÉ An Seirbhíseach Iontaofa Ciallmhar?

Íosa ag caint lena dheisceabail
Duine d’Fhinnéithe Iehova ag déanamh staidéar ar fhoilseachán atá bunaithe ar an mBíobla

Baineann muid ar fad tairbhe as ár mbia spioradálta

Beirt de Bhord Stiúrtha Fhinnéithe Iehova

Go gairid sula bhfuair sé bás, labhair Íosa go príobháideach le ceathrar dá chuid deisceabail—Peadar, Séamas, Eoin, agus Aindrias. Le linn dó a bheith ag tairngreacht faoi chomhartha a láithreachta sna laethanta deireanacha, chuir sé ceist thábhachtach: “Cé hé, más ea, an seirbhíseach iontaofa ciallmhar ar cheap a mháistir os cionn sclábhaí a theaghlaigh é chun a gcuid bia a thabhairt dóibh i dtráth?” (Matha 24:3, 45; Marcas 13:3, 4) Bhí Íosa, an “máistir,” ag tabhairt le fios go gceapfadh seisean grúpa, nó seirbhíseach. Chuirfeadh an grúpa seo bia spioradálta ar fáil go seasta dá lucht leanúna le linn na laethanta deireanacha. Cé hé an seirbhíseach seo?

Is grúpa beag de lucht leanúna ungtha Íosa é. Is é Bord Stiúrtha Fhinnéithe Iehova an “seirbhíseach.” Cuireann sé bia spioradálta ar fáil d’Fhinnéithe Iehova. Braitheann muid ar an seirbhíseach iontaofa seo chun “ár gcion den arbhar” a thabhairt dúinn go rialta i dtráth.—Lúcás 12:42.

Riarann sé teaghlach Dé. (1 Tiomóid 3:15) Chuir Íosa freagracht mhór ar an seirbhíseach nuair a chuir sé an obair a dhéanann eagraíocht Iehova anseo ar an talamh faoina chúram—ag bainistiú a cuid maoine, ag stiúradh chraobhscaoileadh an dea-scéil, agus dár dteagasc trí na pobail. Mar sin, chun an rud a theastaíonn uainn a chur ar fáil dúinn ag an am ceart, dáileann an “seirbhíseach iontaofa ciallmhar” bia spioradálta orainn i bhfoirm ábhair fhoilsithe, chomh maith leis na cláir a chuirtear i láthair ag ár gcruinnithe agus ag ár dtionóil.

De bhrí go bhfuil an seirbhíseach dílis d’fhírinní an Bhíobla agus dá choimisiún an dea-scéal a chraobhscaoileadh, tá sé iontaofa; agus tá sé ciallmhar sa mbealach stuama ina riarann sé gnóthaí Chríost ar an talamh. (Gníomhartha 10:42) Tá Iehova ag beannú a chuid oibre agus tá sé seo le feiceáil ón méadú atá tagtha ar líon na bhFinnéithe agus ón bhflúirse bia spioradálta atá ar fáil.—Íseáia 60:22; 65:13.

  • Cé atá ceaptha ag Íosa chun bia spioradálta a chur ar fáil dá dheisceabail?

  • Cén fáth ar féidir a rá go bhfuil an seirbhíseach iontaofa agus ciallmhar?

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn