Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • jl ceacht 21
  • Céard í Béitéil?

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Céard í Béitéil?
  • Cé Atá Ag Déanamh Toil Iehova Inniu?
Cé Atá Ag Déanamh Toil Iehova Inniu?
jl ceacht 21

CEACHT 21

Céard í Béitéil?

Beirt d’Fhinnéithe Iehova ag obair sa Roinn Ealaíne i mBéitéil

An Roinn Ealaíne, S.A.M.

Duine d’Fhinnéithe Iehova ag déanamh obair chlódóireachta sa mBéitéil sa nGearmáin

An Ghearmáin

Duine d’Fhinnéithe Iehova ag níochán éadaí sa mBéitéil i gCéinia

An Chéinia

Ag réiteach boird sa seomra bia sa mBéitéil sa gColóim

An Cholóim

Is focal Eabhraise é Béitéil a chiallaíonn “Teach Dé.” (Geineasas 28:17, 19) Is ainm feiliúnach é do na craobh-oifigí atá bunaithe ag Finnéithe Iehova ar fud an domhain chun tacaíocht agus treoir a thabhairt do chraobhscaoileadh an dea-scéil. Tá an Bord Stiúrtha lonnaithe ag an gceanncheathrú i stáit Nua-Eabhrac, S.A.M., agus is as sin a riarann sé imeachtaí na gcraobh-oifigí atá lonnaithe i dtíortha eile. Teaghlach Bhéitéil a thugtar ar an bhfoireann a bhíonn ag obair ag na hionaid seo. Mar a bheadh teaghlach, oibríonn siad agus cónaíonn siad san áit chéanna, itheann siad a mbéile le chéile, agus déanann siad staidéar ar an mBíobla le chéile.—Salm 133:1.

Áit ar leith í Béitéil. Is fir agus mná a thugann tús áite d’Iehova atá ag obair i mBéitéil. Oibríonn siad go lánaimseartha chun toil Dé a dhéanamh agus chun gnóthaí na Ríochta a chur chun cinn. (Matha 6:33) Ní fhaigheann aon duine acu pá ná tuarastal, ach cuirtear bia agus lóistín ar fáil dóibh, agus tugtar liúntas dóibh i gcomhair costais phearsanta. Tá a gcuid oibre féin le déanamh ag gach duine i mBéitéil, bíodh sé sin in oifig, i gcistin, nó i seomra bia. Bíonn cuid acu ag clódóireacht, ag ceangal leabhair, ag déanamh obair tí, ag déanamh obair chothabhála, agus mar sin de.

Áit chruógach a thugann tacaíocht do chraobhscaoileadh an dea-scéil. Is é príomhchuspóir gach Béitéil fírinne an Bhíobla a chur ar fáil don oiread daoine agus is féidir. Is sampla amháin den obair a dhéantar i mBéitéil é an bróisiúr seo. Scríobhadh é faoi threoir an Bhoird Stiúrtha, cuireadh chun bealaigh é go leictreonach go dtí na céadta foireann aistriúcháin ar fud an domhain, priontáladh é ar chlóphreasanna ardluais i gcuid d’ionaid Bhéitéil, agus seoladh é go dtí breis agus 110,000 pobal. Is crann taca iad teaghlaigh Bhéitéil don obair is práinní ar fad—craobhscaoileadh an dea-scéil.—Marcas 13:10.

  • Cé a oibríonn ag Béitéil agus céard a chuirtear ar fáil dóibh?

  • Cén obair phráinneach a bhfuil gach Béitéil ag tabhairt tacaíochta di?

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn