Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • fg ceacht 9 ceisteanna 1-5
  • An Féidir le do Theaghlach a Bheith Sona?

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Féidir le do Theaghlach a Bheith Sona?
  • Dea-scéala Ó Dhia!
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Céard atá Ráite sa mBíobla Faoin bPósadh?
    Ceisteanna a Fhreagraítear sa mBíobla
  • An Pósadh—Bronntanas Ó Dhia
    Cumhdaígí Sibh Féin i nGrá Dé
  • Tar Éis na Bainise
    Cumhdaígí Sibh Féin i nGrá Dé
  • Cén Chaoi Ar Féidir Le Do Theaghlach a Bheith Sona?​—Cuid 1
    Mair Go Sona Go Deo!—Cúrsa Idirghníomhach ar an mBíobla
Dea-scéala Ó Dhia!
fg ceacht 9 ceisteanna 1-5

Ceacht 9

An Féidir le do Theaghlach a Bheith Sona?

1. Cén fáth a bhfuil an pósadh riachtanach do theaghlach sona?

Cúpla ag clarú a bpósadh de réir dlí

Tagann an dea-scéala ó Iehova, an “Dia beannaithe”, nó sonasach, ar mian leis go mbeadh an teaghlach suaimhneach. (1 Tiomóid 1:11) Eisean a bhunaigh an pósadh. Tá pósadh dlíthiúil riachtanach mar cothaíonn sé timpeallacht dhiongbháilte le páistí a thógáil ann. Is cóir do Chríostaithe a bpóstaí a chlárú de réir an dlí áitiúil.​—Léigh Lúcás 2:1, 4, 5.

Cén dearcadh atá ag Dia ar an bpósadh? Is mian leis gur aontas buan a bheadh ann idir fear agus bean. Is mian le hIehova go mbeadh fir agus mná céile dílis dá chéile. (Eabhraigh 13:4) Tá an ghráin aige ar cholscaradh. (Malaicí 2:16) Ach ceadaíonn sé do Chríostaithe colscaradh agus pósadh arís má dhéanann a gcéile adhaltranas.​—Léigh Matha 19:3-6, 9.

2. Cén chaoi ar cheart d’fhear céile agus bean chéile caitheamh lena chéile?

Fear céile agus bean chéile sona

Chruthaigh Iehova fir agus mná le hoibriú as lámh a chéile sa phósadh. (Geineasas 2:18) Mar cheann an teaghlaigh, tá cúram ar an bhfear céile riar a gcáis a sholáthar dá theaghlach agus múineadh dóibh faoi Dhia. Ní mór dó grá neamhleithleach a léiriú dá bhean chéile. Is cóir d’fhir agus do mhná céile grá agus ómós a bheith acu dá chéile. Tá gach fear céile agus bean chéile neamhfhoirfe, mar sin ní mór dóibh foghlaim le maithiúnas a thabhairt dá chéile. Cuireann sé sin go mór le sonas an phósta.​—Léigh Eifisigh 4:31, 32; 5:22-25, 33; 1 Peadar 3:7.

3. An cóir pósadh míshona a thréigeann?

Nuair a bhíonn deacrachtaí agat i do phósadh ní mór don bheirt agaibh iarracht a dhéanamh caitheamh go grámhar lena chéile. (1 Corantaigh 13:4, 5) Ní mholann Briathar Dé idir-scaradh mar réiteach ar na gnáthdheacrachtaí a bhaineann leis an bpósadh.—Léigh 1 Corantaigh 7:10-13.

4. A pháistí, céard atá Dia a iarraidh daoibhse?

Tuismitheoirí ag tabhairt cúnamh dá bpáistí sa bhaile

Ba mhaith le hIehova go mbeifeá sona sásta. Níl comhairle níos fearr ná comhairle Iehova má tá tú ag iarraidh taitneamh a bhaint as d’óige. Tá sé ag iarraidh ort tairbhe a bhaint as eagna agus taithí saoil do thuismitheoirí. (Colosaigh 3:20) Chomh maith leis sin, is mian le hIehova go mbainfeá sásamh as déanamh toil do Chruthaitheora agus a Mhic.—Léigh Cóheilit 11:9–12:1; Matha 19:13-15; 21:15, 16.

5. A thuismitheoirí, cén chaoi ar féidir le bhur bpáistí a bheith sona sásta?

Tuismitheoir ag caint lena pháiste

Is cóir duit oibriú go crua chun bia, dídean agus éadach a sholáthar do do pháistí. (1 Tiomóid 5:8) Chun go mbeidh do pháistí sona, múin dóibh le grá a thabhairt do Dhia agus le foghlaim uaidh. (Eifisigh 6:4) Bíonn tionchar mór ar chroí do pháiste ag an mbealach a léiríonn tú féin grá do Dhia. Is féidir meon do pháiste a mhúnlú ar bhealach dearfach nuair a bhíonn do chomhairle bunaithe ar Bhriathar Dé.—Léigh Deotranaimí 6:4-7; Seanfhocail 22:6.

Téann sé chun leasa do pháistí nuair a thugann tú moladh agus spreagadh dóibh. Teastaíonn iad a cheartú agus a smachtú freisin. Coinneoidh an oiliúint sin slán iad ó iompar a d’fhéadfadh iad a fhágáil ar bheagán sonais. (Seanfhocail 22:15) Mar sin féin, níor cheart go deo páistí a smachtú ar bhealaí atá dian ná cruálach.​—Léigh Colosaigh 3:21.

Foilsíonn Finnéithe Iehova a lán leabhair atá scríofa go speisialta le cabhrú le tuismitheoirí agus le páistí. Tá na leabhair seo bunaithe ar an mBíobla.​—Léigh Salm 19:8, 12.

Le haghaidh breis eolais, féach ar chaibidil 14 den leabhar Céard go Díreach a Mhúineann an Bíobla?

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn