Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • lfb ceacht 64 lth. 152-lth. 153 alt 4
  • Dainéil in Uaimh na Leon

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Dainéil in Uaimh na Leon
  • Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Dainéil Leisd na Leoin
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
  • Foghlaim ó Shampla Dhainéil
    An Túr Faire ag Fógairt Ríocht Iehova (Staidéar)—2023
Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
lfb ceacht 64 lth. 152-lth. 153 alt 4
Beireann naimhde Dhainéil air ag guí os comhair fuinneog oscailte

CEACHT 64

Dainéil in Uaimh na Leon

Tháinig Dáire an Méideach i réim mar rí sa mBablóin. Thug Dáire faoi deara go mba duine ionraic é Dainéil. Chuir sé Dainéil i gceannas ar na fir ba thábhachtaí sa tír. Bhí na fir seo in éad le Dainéil agus bhí siad ag iarraidh fáil réidh leis. Bhí a fhios acu go mbíodh Dainéil ag guí chuig Iehova trí huaire sa lá. Mar sin, dúirt siad le Dáire: ‘A rí, ba cheart dlí a bheith ann nach mbeadh cead ag aon duine guí, ach chugatsa amháin. Ba cheart duine ar bith a bhriseann an dlí sin, a chaitheamh isteach in uaimh na leon.’ Thaitin an moladh seo le Dáire agus shínigh sé an dlí.

Chomh luath is a chuala Dainéil faoin dlí nua, chuaigh sé abhaile. Chuaigh sé síos ar a dhá ghlúin os comhair fuinneog oscailte, agus thosaigh sé ag guí chuig Iehova. Tháinig na fir a bhí in éad leis isteach sa mullach air, agus rug siad air ag guí. Rith siad go dtí Dáire agus dúirt: ‘Bhris Dainéil do dhlí. Bíonn sé ag guí chuig a Dhia trí huaire sa lá.’ Bhí Dáire an-mhór le Dainéil agus níor mhaith leis go bhfaigheadh sé bás. Chaith sé an lá go léir ag iarraidh cuimhneamh ar bhealach le Dainéil a shábháil. Ach ní raibh an rí féin fiú, in ann dlí a bhí déanta agus sínithe aige a chur ar ceal. Bhí air ordú a thabhairt dá chuid fear, Dainéil a chaitheamh isteach in uaimh ina raibh leoin fhíochmhara.

Bhí an oiread imní ar Dháire faoi Dhainéil an oíche sin, nár chodail sé néal. Rith sé go dtí an uaimh ar maidin, agus ghlaoigh sé: ‘A Dhainéil, ar shábháil do Dhia thú?’

Ansin chuala Dáire glór. Dainéil a bhí ann! Dúirt sé le Dáire: ‘Dhún aingeal Iehova clab na leon. Níor ghortaigh siad ar chor ar bith mé.’ Bhí lúcháir ar Dháire! D’ordaigh sé Dainéil a thógáil amach as an uaimh. Ní raibh scríob féin air. Ansin d’ordaigh an rí: ‘Caithigí na fir a rinne casaoid in aghaidh Dhainéil isteach san uaimh.’ Nuair a caitheadh na fir seo isteach san uaimh, d’alp na leoin iad.

D’ordaigh Dáire dá dhaoine: ‘Bíodh eagla ar gach duine roimh Dhia Dhainéil. Is é a thug Dainéil slán sábháilte ó na leoin.’

An mbíonn tusa ag guí chuig Iehova gach lá, mar a bhíodh Dainéil?

Dainéil in uaimh na leon

“Tá a fhios ag an Tiarna conas na fíréin a fhuascailt ó thriail.”—2 Peadar 2:9

Ceisteanna: Céard a rinne Dainéil trí huaire sa lá? Cén chaoi ar shábháil Iehova Dainéil?

Dainéil 6:2-29 (6:1-28 i mBíoblaí eile)

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn