Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • lfb ceacht 75 lth. 178-lth. 179 alt 4
  • Cuireann an Diabhal Cathú ar Íosa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Cuireann an Diabhal Cathú ar Íosa
  • Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
lfb ceacht 75 lth. 178-lth. 179 alt 4
Diúltaíonn Íosa é féin a chaitheamh síos de bharr an teampaill

CEACHT 75

Cuireann an Diabhal Cathú ar Íosa

Diúltaíonn Íosa arán a dhéanamh de na clocha

Tar éis a bhaiste, threoraigh an spiorad naomh Íosa amach sa bhfásach. Níor ith sé dada ar feadh 40 lá agus bhí an-ocras air. Ansin tháinig an Diabhal agus chuir sé cathú ar Íosa, ag rá: ‘Más tú Mac Dé déan arán de na clocha seo.’ Ach d’fhreagair Íosa: ‘Tá sé scríofa nach ar arán amháin a mhaireann an duine. Ach ar gach uile fhocal a thagann as béal Iehova.’

Ansin thug an Diabhal dúshlán Íosa, ag rá: ‘Más tú Mac Dé, caith síos tú féin de bharr an teampaill. Mar tá sé scríofa go gcuirfidh Dia a chuid aingil chun thú a shábháil.’ Ach d’fhreagair Íosa: ‘Tá sé scríofa nach bhfuil sé ceart teist a chur ar Iehova.’

Diúltaíonn Íosa ríochtaí uile an domhain a thógáil ó Shátan

Ansin, thaispeáin Sátan ríochtaí an domhain, a saibhreas agus a nglóir d’Íosa, agus dúirt: ‘Tabharfaidh mé duit na ríochtaí seo uile agus a nglóir má umhlaíonn tú síos agus mé a adhradh.’ Ach d’fhreagair Íosa: ‘Imigh leat a Shátain! Mar tá sé scríofa gurb é Iehova amháin is ceart a adhradh.’

Ansin d’imigh an Diabhal leis, agus tháinig aingil agus thug siad bia le hithe d’Íosa. As sin amach, chraobhscaoil Íosa dea-scéal na Ríochta. Is chun an obair seo a dhéanamh a chur Dia ar an talamh é. Thaitin a theagasc leis na daoine agus lean siad Íosa pé áit a ndeachaigh sé.

“Nuair a labhraíonn [an Diabhal] an bhréag labhraíonn sé as a stór féin, mar is bréagaire é agus is é athair an bhréagaire é.”—Eoin 8:44

Ceisteanna: Cén trí chathú a cuireadh ar Íosa? Cén chaoi ar fhreagair Íosa an Diabhal?

Matha 4:1-11; Marcas 1:12, 13; Lúcás 4:1-15; Deotranaimí 6:13, 16; 8:3; Séamas 4:7

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn