Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • lfb ceacht 77 lth. 182-lth. 183 alt 2
  • An Bhean ag an Tobar

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bhean ag an Tobar
  • Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Leis an mBean ag an Tobar
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
  • Céard is brí le Bheith i do “Shamárach Maith”?
    Ceisteanna a Fhreagraítear sa mBíobla
Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
lfb ceacht 77 lth. 182-lth. 183 alt 2
Labhraíonn Íosa le bean Shamárach ag tobar Iacóib

CEACHT 77

An Bhean ag an Tobar

Tar éis Cháisc na nGiúdach, chuaigh Íosa agus a chuid deisceabail tríd an tSamáir ar an mbealach ar ais go dtí an Ghailíl. Stop Íosa ag tobar Iacóib in aice le cathair Shuchar. Fad is a bhí sé ag ligean a scíth, chuaigh a chuid deisceabail isteach sa gcathair chun bia a cheannach.

Tháinig bean chuig an tobar chun uisce a fháil. Dúirt Íosa léi: “Tabhair dom deoch.” Dúirt sí: ‘Cén fáth a bhfuil tú ag caint liomsa? Is bean Shamárach mé. Ní labhraíonn Giúdaigh le Samáraigh.’ Dúirt Íosa léi: ‘Dá mbeadh a fhios agat cé mé féin, d’iarrfadh tusa deoch ormsa agus thabharfainn uisce beo duit.’ ‘Céard atá i gceist agat?’ a d’fhiafraigh an bhean, ‘níl an buicéad féin agat.’ Dúirt Íosa: ‘An té a ólfaidh an t-uisce a thabharfaidh mise dó, ní bheidh tart air choíche.’ Dúirt an bhean: “A dhuine uasail, tabhair dom an t-uisce sin.”

Dúirt Íosa léi ansin: “Imigh agus glaoigh ar d’fhear céile agus fill anseo.” Dúirt sí: ‘Níl aon fhear céile agam.’ Dúirt sé: ‘Tá tú ag insint na fírinne. Bhí tú pósta chúig uaire, agus an té a bhfuil tú i do chónaí anois leis, ní hé d’fhear céile é.’ Dúirt an bhean: ‘A dhuine uasail, feicim gur fáidh thú. Creideann na Samáraigh gur féidir Dia a adhradh ar an sliabh seo, ach deir na Giúdaigh gur in Iarúsailéim is cóir adhradh a dhéanamh. Creidim nuair a thiocfaidh an Meisias go múinfidh sé dúinn le hadhradh a dhéanamh mar is cóir.’ Ansin d’inis Íosa rud di nár inis sé d’aon duine eile: ‘Is mise an Meisias.’

Labhraíonn Íosa le Samáraigh

Dheifrigh an bhean go dtí an chathair arbh as í agus dúirt sí leis na Samáraigh: ‘Tá mé ag ceapadh go bhfuil an Meisias faighte agam. Tá a fhios aige gach rud fúm. Tagaigí go bhfeice sibh é!’ Lean siad ar ais go dtí an tobar í agus d’éist siad le hÍosa.

Thug na Samáraigh cuireadh d’Íosa fanacht leo ina gcathair. Chaith sé dhá lá sa gcathair ag múineadh na ndaoine agus chreid go leor ann. Dúirt siad leis an mbean Shamárach: ‘Tar éis a bheith ag éisteacht leis, tá a fhios againn féin anois gurb é seo slánaitheoir an domhain.’

“‘Tar.’ Agus an té a bhfuil tart air tagadh sé; agus an té a bhfuil dúil aige ann, bíodh uisce na beatha in aisce aige.”—Apacailipsis 22:17

Ceisteanna: Cén fáth ar chuir sé iontas ar an mbean Shamárach nuair a labhair Íosa léi? Céard a d’inis Íosa di?

Eoin 4:1-42

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn