CEACHT 85
Leigheasann Íosa Fear ar an tSabóid
Bhí an ghráin ag na Fairisínigh ar Íosa agus bhí siad ag cuardach leithscéal lena ghabháil. Dúirt siad nár cheart dó daoine tinne a leigheas ar an tSabóid. Lá Sabóide amháin, tháinig Íosa ar fhear dall a bhí ag iarraidh déirce. Bhí an fear seo dall nuair a saolaíodh é. Dúirt sé lena chuid deisceabail: ‘Fan go bhfeice sibh an chaoi a gcabhróidh cumhacht Dé leis an bhfear seo.’ Mheasc Íosa a sheile féin le cré chun taos a dhéanamh agus ansin chuir sé ar shúile an fhir é. Dúirt Íosa leis: ‘Téigh agus nigh do shúile i linn Siolóam.’ Rinne an fear amhlaidh agus don chéad uair ina shaol bhí sé in ann feiceáil.
Chuir sé seo an-iontas ar na daoine. Dúirt siad: ‘An é seo an fear dall a bhíodh ina shuigh anseo ag iarraidh déirce, nó nach é?’ Dúirt an fear: ‘Is mise an fear a bhí dall!’ D’fhiafraigh na daoine de: ‘Cén fáth nach bhfuil tú dall níos mó?’ Nuair a d’inis sé dóibh faoin méid a tharla thug siad go dtí na Fairisínigh é.
Dúirt an fear leis na Fairisínigh: ‘Chuir Íosa taos ar mo shúile agus dúirt sé liom a dhul agus iad a níochán. Nigh mé iad agus anois tá mé in ann feiceáil.’ Dúirt na Fairisínigh: ‘Má tá Íosa ag leigheas daoine ar an tSabóid, ní féidir gur ó Dhia a fhaigheann sé a chumhacht.’ Ach dúirt daoine eile: ‘Murach gur ó Dhia atá sé ag fáil a chumhacht, ní bheadh sé in ann aon duine a leigheas.’
Ghlaoigh na Fairisínigh ar thuismitheoirí an fhir agus cheistigh siad iad, ag rá: ‘Cén chaoi ar tharla sé go bhfuil bhur mac in ann feiceáil?’ Bhí eagla ar a chuid tuismitheoirí de bhrí go ndúirt na Fairisínigh go gcaithfí amach as an tsionagóg duine ar bith a chreidfeadh in Íosa. Mar sin dúirt siad: ‘Níl a fhios againn. Cuirigí ceist air féin.’ Cheistigh na Fairisínigh an fear arís, agus sa deireadh dúirt sé leo: ‘Tá gach uile ní inste agam daoibh. Cén fáth a bhfuil sibh do mo cheistiú?’ Chuir sé seo olc ar na Fairisínigh agus chaith siad amach as an tsionagóg é.
Chuaigh Íosa go dtí an fear agus d’fhiafraigh sé de: ‘An gcreideann tú sa Meisias?’ Dúirt an fear: ‘Chreidfinn, dá mbeadh a fhios agam cé hé féin.’ Dúirt Íosa: ‘Is mise an Meisias.’ Nach raibh sé an-chineálta ag Íosa é sin a dhéanamh? Ní hé amháin gur leigheas sé an fear, ach chabhraigh sé leis creideamh a bheith aige.
“Tá dul amú oraibh, de bhrí nach eol daoibh na scrioptúir ná cumhacht Dé.”—Matha 22:29