SCÉAL 61
Déantar Rí De Dháibhí
TRIÁILEANN Sól arís Dáibhí a ghabháil. Tugann sé 3,000 saighdiúr leis agus téann ar a thóir. Nuair a chloiseann Dáibhí é seo, cuireann sé amach spiairí chun fáil amach cá bhfuil Sól agus a chuid fir campáilte le hadhaidh na hoíche. Ansin fiafraíonn Dáibhí de bheirt dá chuid fir: ‘Cé agaibh a rachaidh go dtí campa Shóil in éineacht liom?’
‘Rachaidh mise,’ freagraíonn Aibísí. Is mac le Zarúá, deirfiúr Dháibhí, é Aibísí. Le linn do Shól agus a chuid fir a bheith ina gcodladh, téann Dáibhí agu Aibísí isteach sa gcampa i ngan fhios. Tógann siad slea agus crúsca uisce Shóil, atá leagtha ag cloigeann Shóil. Ní chloiseann éinne iad mar tá siad ar fad ina gcodladh go trom.
D’éalaigh Dáibhí agus Aibísí agus tá siad slán sábháilte ar bharr cnoic. Glaonn Dáibhí ar cheannfort airm Iosrael: ‘A Aibneár, cén fáth nach bhfuil tú ag cosaint do mháistir, an rí? Féach! Cá bhfuil a shlea agus a chrúsca uisce?’
Dúisíonn Sól. Aithoníonn sé glór Dháibhí agus fiafaíonn sé: ‘An tú Dáibhí?’ An bhfeiceann tú Sól agus Aibneár thíos ansin?
‘Is mé, a rí,’ arsa Dáibhí. Fiafraíonn Dáibhí: ‘Cén fáth go bhfuil tú sa tóir orm? Cén éagóir atá déanta agam? Seo é do shlea a rí. Tagadh duine de do chuid fir chun é a fháil.’
‘Tá éagóir déanta agam,’ admhaíonn Sól. Leis sin imíonn Dáibhí ar a bhealach agus filleann Sól abhaile. Ach deireann Dáibhí leis féin: ‘Ceann de na laethanta seo maróidh Sól mé. Ba chóir dom éalú go tír na bhFi·lis’tíneach.’ Sin é a dhéanann sé. Cuireann Dáibhí an dallamullóg ar na Fi·lis’tínigh agus ceapann siad go bhfuil sé ar a dtaobhsan anois.
Tamall níos deireanaí téann na Fi·lis’tínigh chun troid in aghaidh Iosrael. Ins an gcath maraítear Sól agus Ionátán araon. Cuireann sé seo buairt ar Dháibhí agus scríobhann sé amhrán álainn, ina gcanann sé: ‘Chuir tú brón orm, mo dheartháir Ionátán. Nárbh íontach an chion a bhí agam ort!’
Filleann Dáibhí ar Iosrael go dtí cathair Heabrón. Tá cogadh idir na fir a roghnaíonn mac Shóil, Ís·bois’eat, mar rí agus fir Dháibhí. Ach buann fir Dháibhí. Tá Dáibhí 30 bliain d’aois nuair a déantar rí de. Ar feadh seacht mbliana go leith a rialaíonn sé i Heabrón. Ar chuid de na mic a beirtear ansiúd dó tá Amnón, Aib’seálóm agus Adóiníá.
Tagann an t-am nuair a théann Dáibhí agus a chuid fir suas chun cathair álainn ar a dtugtar Iarusailéim a ghabháil. Tógann Ióáb, mac eile le Zarúá, deirfiúr Dháibhí, ceannas sa gcath. Cuireann Dáibhí Ióáb ina cheannfort ar a arm mar luach saothair dó. Anois tosaíonn Dáibhí ag rialú as cathair Iarusailéim.