SCÉAL 65
Tá an Ríocht Roinnte
CÉN fath go bhfuil an fear seo ag stróiceadh a róba ina phíosaí? Iehobhah a dúirt leis é a dhéanamh. Is fáidh Dé é an fear seo, Aichíá. An bhfuil fhios agat céard é fáidh? Is duine é a n-insíonn Dia roimh ré dó céard atá le titim amach.
Tá Aichíá ag labhairt le Iaróboám. Is fear é Iaróboám ar chuir Sólamh i gceannas ar chuid dá obair tógála é. Nuair a chasann Aichíá le Iaróboám anseo ar an mbóthar, baineann Aichíá de an róba nua atá air agus stróiceann sé suas i dhá phíosa dhéag é. Deireann sé le Iaróboám: ‘Tóg 10 bpíosa duit féin.’ An bhfuil fhios agat cén fáth go dtugann sé 10 bpíosa do Iaróboám?
Míníonn Aichíá go bhfuil Iehobhah chun an ríocht a thógáil ó Shólamh. Deireann sé go bhfuil Iehobhah chun 10 dtreabh a thabhairt do Iaróboám. Ciallaíonn sé seo nach mbéidh fágtha ag mac Shólaimh, Rachaboám, le rialú ach dhá threabh.
Nuair a insítear do Shólamh gach a ndúirt Aichíá le Iaróboám bíonn an-fhearg air. Triáileann sé Iaróboám a mharú. Ach teitheann Iaróboám go dtí an Éigipt. Tar éis tamall fáigheann Sólamh bás agus déantar rí de Rachaboám. San Éigipt, cloiseann Iaróboám faoi bhás Shólaimh agus filleann sé ar Iosrael.
Ní rí maith é Rachaboám. Tá sé níos géire ar na daoine ná mar a bhí Sólamh fiú. Téann Iaróboám agus fir thabhachta eile chuig rí Rachaboám agus iarrann siad air a bheith níos cineálta leis na daoine. Ach ní éisteann Rachaboám. Go deimhin bíonn sé níos géire fós. Mar sin déanann na daoine rí d’Iaróboám ar na 10-treabh. Ach coinníonn treabhanna Bheniámín agus Iúdá Rachaboám mar rí orthu féin.
Níl Iaróboám ag iarraidh go rachadh a phobal go hIarusailéim chun adhradh ag teampall Iehobhah. Mar sin déanann sé dhá lao óir agus cuireann ar na daoine iad a adhradh, i ríocht na 10-dtreabh. Is gearr go mbíonn an tír lán le coirpeacht agus foréigean.
Tá trioblóid i ríocht an dá threadh freisin. Sula mbíonn cúig bhliana caite mar rí ag Rachaboám, tagann rí na hÉigipte chun troid in aghaidh Iarusailéim. Tugann sé leis cuid mhaith den mhaoin as teampall Iehobhah. Mar sin ní fhanann an teampall mar a tógadh é ach tamall gearr.