SCÉAL 66
Iesebel—Drochbhanríon
TAR éis do rí Iaróboám bás a fháil, is drochrí gach rí a rialaíonn sa ríocht thuaidh na 10-dtreabh d’Iosrael. Sé rí Acháb an rí is measa ar fad. An bhfuil fhios agat cén fáth? Fáth mór amháin is ea a bhean, an drochbhanríon Iesebel.
Ní Iosraelíteach í Iesebel. Is iníon le rí Shíodón í. Adhrann sí an dia bréagach Bál. Tugann sí ar Acháb agus móran Iosraelítigh eile Bál a adhradh freisin. Tá fuath ag Iesebel do Iehobhah agus maraíonn sí mórán dá chuid fáithe. Bíonn ar dhaoine eile fós dul i bhfolach sa gcaoi is nach marófar iad. Má theastaíonn rud ó Iesebel, maróidh sí duine fiú chun é a fháil.
Lá amháin tá rí Acháb an-bhrónach. Mar sin fiafraíonn Iesebel de: ‘Cén fáth go bhfuil tú brónach inniu?’
‘Mar gheall ar a ndúirt Nábót liom,’ freagraíonn Acháb. ‘Ní dhíolfaidh sé a fhíonghort liom.’
‘Gheobhaidh mise duit é,’ deireann Iesebel.
Scríobhann Iesebel litreacha chuig roinnt de cheannairí na cathrach ina gcónaíonn Nábót. ‘Fáigh roinnt fir gan mhaith agus abair leo a rá gur mhaslaigh Nábót Dia agus an rí,’ deireann sí leo. ‘Ansin tóg amach é agus maraigí le clocha é.’
Nuair a chloiseann Iesebel go bhfuil Nábót marbh deireann sí le Acháb: ‘Anois tóg a fhíonghort.’ Nach n-aontófá go mba cheart píonós a chuir ar Iesebel faoin rud uafásach a rinne sí?
Cuireann Iehobhah Iéahú chun píonós a chuir uirthí. Nuair a chloiseann Iesebel go bhfuil Iéahú ag teacht, dathaíonn sí a súile agus triáileann sí í féin a dhéanamh dathúil. Ach nuair a fheiceann Iéahú Iesebel sa bhfuinneoig, glaonn sé chuig na fir sa bpálás: ‘Caithigí anuas í!’ Déanann na fir a chomhairle mar a fheiceann tú sa bpictiúr. Caitheann siad anuas í agus maraítear í. Sin é deireadh an drochbhanríon Iesebel.