SCÉAL 67
Muinín i Iehobhah
CÉ HIAD na fir seo agus céard atá ar siúl acu? Tá siad ag dul amach chun troda, agus tá na fir chun tosaigh ag amhránaíocht. Ach cén fáth nach bhruil claimhte agus sleanna ag na hamhránaithe chun troid leo? Féachaimís.
Is é Iahóis’eáfát an rí ar ríocht an dá threabh d’Iosrael. Cónaíonn sé ag an am chéanna le Rí Acháb agus Iesebel ó ríocht thuaidh na 10-dtreabh. Ach is rí maith é Iahóis’eáfát agus ba rí maith é a athair Ásá freisin. Mar sin ar feadh mórán blianta bíonn saol taitneamhach ag na daoine i ríocht theas an dá threabh.
Ach anois tárlaíonn rud a chuireann faitíos ar na daoine. Tugtar scéala chuig Iahóis’eáfát: ‘Tá arm ollmhór ó thíortha Mhóáb, Amón agus Shliabh Shaeír ag teacht chun tú a ionsaí.’ Cruinníonn mórán Iosraelítigh ag an teampall i Iarusailéim. Ansiúd guíonn Iahóis’eáfát: ‘Ó a Iehobhah ár nDia, níl fhios againn céard a dhéanfas muid. Tá muid gan taca in aghaidh an airm ollmhór seo. Chugatsa a thagann muid ag lorg cúnamh.’
Cuireann Iehobhah duine dá chuid searbhóntaí chuig na daoine ag rá: ‘Ní libhse an cath ach le Dia. Ní bhéidh oraibhse troid. Fairigí agus féachaigí mar a shábhálfaidh Iehobhah sibh.’
Maidin lá arna mhárach deireann Iahóis’eáfát leis na daoine: ‘Cuir muinín i Iehobhah!’ Ansin cuireann sé amhránaithe chun tosaigh ar na saighdiúirí. Canann siad amhráin molta do Iehobhah agus iad ag máirseáil. Ach nuair a thagann siad gar don chath cuireann Iehobhah saighdiúirí an namhad ag troid eatarthu féin. Nuaire a shroicheann na hIosraelítigh iad tá siad ar fad marbh!
Nach mba críonna é Iahóis’eáfát agus muinín a chuir i Iehobhah? Béidh muide críonna freisin ach muinín a chuir Ann.