SCÉAL 69
Cabhraíonn Cailín le Fear
TÁ AN cailín beag seo ag inseacht don bhean faoi fháidh Iehobhah, Eilí’seá, agus na rudaí íontacha a dhéanann sé le cabhair Iehobhah. Níl fhios ag an mbean faoi Iehobhah mar ní Iosraelíteach í. Féachaimís mar sin céard a chas an cailín i dteach na mná.
Is Síreach í an bhean. Is é a fear Námán, ceannfort airm na Síre. Ghabh na Sírigh an cailín beag Iosraelíteach seo. Tugadh do bhean Námán mar shearbhónta í.
Tá Námán an-tinn le lobhra. Amanta titeann an fheoil de dhuine leis an tinneas seo. Tá an cailín ag rá le bean Námán: ‘Faraoir nach bhféadfann mo mháistir dul chuig fáidh Iehobhah in Iosrael. Leigheasfadh sé a lobhra dó.’ Insíonn an bhean dá fear gach a ndúirt an cailín beag.
Ba bhreá le Námán dá leigheasfaí é; mar sin beartaíonn sé dul go hIosrael. Ansin dó, téann sé go dtí teach Eilí’seá. Cuireann Eilí’seá amach a shearbhónta chun a rá le Námán é féin a ní in abhainn na hIordáine seacht n-uaire. Cuireann sé seo an-fhearg ar Námán agus deireann sé: ‘Tá na haibhneacha sa mbaile níos fearr ná aon abhainn in Iosrael!’ Leis sin imíonn Námán.
Ach deireann a shearbhónta leis: ‘Dá ndéarfadh Eilí’seá leat rud deacair a dhéanamh, dhéanfá é. Anois cén fáth nach nífeá thú féin mar a dúirt sé leat?’ Mar sin téann Námán agus tomann sé é féin in abhainn na hIordáine seacht n-uaire. Nuair a dhéanann sé é seo fáigheann a fheoil láidir agus folláin.
Tá an-áthas ar Námán. Filleann sé ar Eilí’seá agus deireann sé leis: ‘Anois tá fhios agam go cinnte gurb é Dia Iosrael an t-aon fíor Dhia sa domhan ar fad. Mar sin tóg uaim an bronntanas seo.’ Ach freagraíonn Eilí’seá: ‘Ní thógfad.’ Tá fhios ag Eilí’seá nach mbeadh sé ceart aige an bronntanas a thógáil, mar ba é Iehobhah a leigheas Námán. Ach tá searbhónta Eilí’seá, Géichi’zí, ag iarraidh an bhronntanas dó féin.
Tar éis do Námán imeacht ritheann Géichi’zí chun teacht suas leis. ‘Chuir Eilí’seá chugat mé chun a rá leat gur mhaith leis cuid den bhronntanas dá cháirde atá tagtha ar cuairt chuige,’ a deireann Géichi’zí. Níl fhios ag Námán gur bréag é seo agus tugann sé cuid den bhronntanas dó.
Insíonn Iehobhah d’Eilí’seá gach a ndearna Géichi’zí. Mar sin deireann Eilí’seá: ‘Mar go ndearna tú an drochrud seo, tiocfaidh lobhra Námán ortsa.’ Agus tagann, ar an bpointe!
Céard a fhoghlaimímid uaidh seo? Ar dtús, go mba cheart dúinn a bheith cosúil leis an gcailín beag agus labhairt faoi Iehobhah. Déanann sé a lán maitheasa. An dara rud, ní ceart dúinn a bheith mórchúiseach mar a bhí Námán ar dtús, is ceart a bheith umhal do shearbhóntaí Dé. An tríú rud, ní ceart dúinn a bheith bréagach mar a bhí Géichi’zí.