SCÉAL 70
Iona Agus an Breac Mór
FÉACH ar an bhfear san uisce. Tá sé i dtrioblóid, nach bhfuil? Tá an breac mór sin chun é a shlogadh! An bhfuil fhios agat cé hé an fear seo? Io’na is ainm dó. Féachaimís mar a fuair sé sa méid sin trioblóide é féin.
Is fáidh Iehobhah é Io’ná. Tamall tar éis bháis Eilí’seá a deireann Iehobhah le Io’na: ‘Téigh go dtí cathair mhór Nín’ivé. Tá olcas an-mhór á dhéanamh ag na daoine ansin agus teastaíonn uaim labhairt leo faoi.’
Ach níl Io’na ag iarraidh dul. Mar sin téann sé ar bhád atá ag dul an treo eile ó Nín’ivé. Níl Iehobhah sásta le Io’na. Mar sin tosaíonn sé stoirm mhór. Tá sé chomh dona sin go bhfuil contúirt ann go mbáifear an bád. Tá an-eagla ar na máirnéalaigh, agus glaonn siad chuig a ndéithe ag lorg cúnamh.
Sa deireadh insíonn Io’na dóibh: ‘Adhrann mise Iehobhah, an Dia a chruthaigh neamh agus talamh. Agus tá mé ag teitheadh ón rud a d’iarr sé orm a dhéanamh.’ Fiafraíonn na Máirnéalaigh: ‘Céard is cóir dúinn a dhéanamh leat chun an stoirm a stopadh?’
‘Caithigí i bhfarraige mé agus béidh sé ciúin arís,’ deireann Io’na. Níl na máirnéalaigh ag iarraidh é a dhéanamh ach mar go n-éiríonn an stoirm níos measa caitheann siad Io’na thar bord. Ar an bpointe stopann an stoirm agus bíonn an fharraige ciúin arís.
Nuair a théann Io’na faoi uisce slogann an breac mór é. Ach ní maraítear é. Ar feadh trí lá agus trí oíche a bhíonn sé i mbolg an bhric. Tá an bhrón ar Io’na nach ndearna sé comhairle Iehobhah agus dul go Nín’ivé. Céard a dhéanfaidh sé anois?
Iarrann Io’na cabhair ar Iehobhah. Ansin cuireann Iehobhah ar an mbreac Io’na a chuir amach ar an talamh tirim. Ansin téann Io’na go Nín’ivé. Nach dtaispeáineann sé seo dúinn chomh tabhachtach is atá sé gach a ndeireann Iehobhah a dhéanamh?
Leabhar Iona 1-4 ón mBíobla.