Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • my scéal 78
  • Scríobh ar an Mballa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Scríobh ar an Mballa
  • Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • An Scríobh ar an mBalla
    Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
my scéal 78

SCÉAL 78

Scríobh ar an Mballa

CÉARD atá ag tárlú anseo? Tá na daoine ag caitheamh fleá mór. Tá cuireadh tugtha ag rí na Baibealóine do mhíle cuairteoir mór le rá. Tá siad ag úsáid na cupáin óir agus na cupáin airgid agus na babhlaí a tógadh as teampall Iehobhah i Iarusailéim. Ach, go tobann, tagann méara láimhe duine i láthair san aer agus tosaíonn siad ag scríobh ar an mballa. Tá eagla ar gach duine.

Is é Béilseaz’ar, garmhac Nabúcad·naz’ar, an rí anois. Cuireann sé fios ar a chuid fir feasa. ‘Éinne atá in ann an scríobh seo a léamh agus a mhíniú dom,’ deireann an rí, ‘tabharfar a lán bronntanais dó agus déanfar an tríú rialtóir is tabhachtaí sa ríocht de.’ Ach níl na fir feasa in ann an scríobh ar an mballa a léamh ná a mhíniú a thabhairt.

Cloiseann máthair an rí an gleo agus tagann sí isteach sa seomra bis. ‘Ná bíodh oiread sin eagla ort le do thoil,’ deireann sí leis an rí. ‘Tá fear in do ríocht a bhfuil aithne aige ar na déithe naofa. Nuair a bhí do sheanathair Nabúcad·naz’ar ina rí chuir sé i gceannas na bhfir feasa go léir é. Dainéil is aimn dó. Cuir fios air agus míneoidh sé é seo go léir duit.’

Tugtar isteach Dainéil láithreach. Tar éis dó na bronntanais a dhiúltú tosaíonn Dainéil ag inseacht faoin gcúis ar thóg Iehobhah an ríocht ó sheanathair Bhéilseaz’ar uair amháin. ‘Bhí sé an-mhórchúiseach,’ deireann Dainéil. ‘Chuir Dia píonós air.’

‘Ach tusa,’ deireann Dainéil le Béilseaz’ar, ‘bhí fhios agat faoin ar thárla dó, agus fós tá tú chomh mórchúiseach is a bhí Nabúcad·naz’ar. Thug tú isteach na cupáin agus na babhlaí as teampall Iehobhah agus d’ól tú astú. Mhol tú déithe déanta as cloch agus adhmad, agus níor thug tú onóir dár Mór Chruthaitheoir. Dia a sheol an láimh chun na focla seo a scríobh.’

‘Seo é atá scríofa,’ deireann Dainéil: ‘MENÉ, MENÉ, TECÉL, agus PARSÍN.’

‘Ciallaíonn MENÉ go bhfuil laethanta do ríochta comhairthe ag Dia agus í tugtha chun críche aige. Ciallaíonn TECÉL gur meádh ar na scálaí thú agus fuarthas amach nach raibh aon mhaith ionat. Ciallaíonn PARSÍN go bhfuil do ríocht tugtha do na Méidigh agus na Peirsigh.’

Fiú agus Dainéil ag caint tá na Méidigh agus na Peirsigh ag déanamh ionsaí ar Bhaibealón. Gabhann siad an chathair agus maraíonn siad Béilseaz’ar. Tagann an scríobh ar an mballa chun críche an oíche sin! Ach céard a thárlóidh do na hIosraelítigh anois? Feicfimid ar ball. Ach ar dtús, céard a thárla do Dhainéil?

Dainéil 5:1-31.

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn