Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • my scéal 86
  • Fir a Leanann Réalt

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Fir a Leanann Réalt
  • Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Chosain Iehova Íosa
    Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
my scéal 86

SCÉAL 86

Fir a Leanann Réalt

AN BHFEICEANN tú an réalt geal sin? Nuair a d’fhág na fir seo Iarusailéim thaispeáin an réalt é féin. Is ón Oirthear na fir seo, agus déanann siad staidéar ar na réalta. Creideann siad go bhfuil an réalt nua seo á dtreorú chuig duine tabhachtach.

Nuair a shroich na fir Iarusailéim, d’fhiafraigh siad: ‘Cá bhfuil an páiste atá le bheith ina rí ar na Giúdaigh?’ Is ainm eile é “Giúdaigh” ar Iosraelítigh. ‘Chonaic muid réalt an pháiste san Oirthear,’ arsa na fir. ‘Tá muid tagtha chun é a adhradh.’

Nuair a chuala Héaróid, an rí i Iarusailéim, é seo bhí sé buartha. Níor theastaigh uaidh go dtógfadh rí eile a áit. Mar sin ghlaoigh Héaróid ar uachtaráin na sagart agus d’fhiafraigh: ‘Cá mbéarfar an rí atá geallta?’ D’fhreagair siad: ‘I mBétlehem.’

Dúirt Héaróid leis na fir ón Oirthear: ‘Lorgaigí an páiste. Nuair a gheobhaidh sibh é inis dom é. Tá mise ag iarraidh é a adhradh fresin.’ Ach i ndáiríre, bhí Héaróid ag iarraidh an páiste a mharú!

Gluaiseann an réalt roimh na fir go Bétlehem agus stopann ós cionn na háite ina bhfuil an páiste. Nuair a théann na fir isteach sa teach fáigheann siad Muire agus Íosa beag. Tugann siad bronntanais d’Íosa. Tugann Iehobhah rabhadh do na fir i mbrionglóid gan dul ar ais go dtí Héaróid. Mar sin fillean siad ar a dtír féin ar bhóthar eile.

Nuair a chloiseann Héaróid é seo tugann sé ordú gach páiste fir i mBétlehem atá dhá bhliain nó níos óige a mharú. Ach tugann Iehobhah rabhadh do Sheosamh i mbrionlóid, agus tugann Seosamh a chlann go dtí an Éigipt. Nuair a bhíonn fhios ag Seosamh go bhfuil Héaróid marbh tugann sé Muire agus Íosa abhaile go Naz’arat, áit a bhfásann Íosa suas.

Cé chuir an réalt sin ag soilsiú? Cuimhnigh, chuaigh na fir go Iarusailéim ar dtús tar éis an réalt a fheiceáil. Bhí Sátan an Deabhal ag iarraidh Mac Dé a mharú, agus bhí fhios aige go dtriáilfeadh Rí Héaróid Iarusailéim é a mharú. Mar sin caithfidh gurb é Sátan a chuir an réalt sin ag soilsiú.

Matha 2:1-23; Míocá 5:2.

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn