Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • my scéal 89
  • Glannann Íosa an Teampall

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Glannann Íosa an Teampall
  • Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Dúthracht Íosa do Theach a Athar
    Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
my scéal 89

SCÉAL 89

Glannann Íosa an Teampall

TÁ CUMA feargach ar Íosa anseo. An bhfuil fhios agat cén fáth? Mar go bhfuil na fir seo ag teampall Dé an-santach. Tá siad ag iarraidh go leor airgead a dhéanamh as na daoine a thagann anseo chun Dia a adhradh.

Tá na fir ag díol na tairbh óga, na caoire agus na coilm anseo ag an teampall. An bhfuil fhios agat cén fáth? Mar go dteastaíonn ainmhithe agus éanacha ó éanacha ó na hIosraelítigh chun íobairt a dhéanamh do Dhia.

Dúirt dlí Dé nuair a dhéanfadh Iosraelíteach olc, go gcaithfeadh sé ofráil a thabhairt do Dhia. Bhí amanna eile ann freisin, nuair a bhí ar na hIosraelítigh ofráil a thabhairt. Ach cá bhfaighfeadh siad ainmhithe agus éanacha le n-ofráil?

Bhí a gcuid éanacha agus ainmhithe féin ag cuid de na hIosraelítigh. Ach bhí go leor acu nach raibh éan ná ainmhi acu. Chónaigh cuid eile acu chomh fada sin ó Iarusailéim nach mbeadh siad in ann ceann dá n-ainmhithe a thabhairt chuig an teampall. Mar sin cheannaigh na daoine na héanacha nó na hainmhithe a theastaigh uathu anseo. Ach bhí na fir seo ag baint an iomarca airgid de na daoine. Thairis sin ní ceart dóibh a bheith ag díol anseo sa teampall féin.

Seo é a chuireann fearg ar Íosa. Mar sin iompaíonn sé boird airgid na bhfir. Freisin, déanann sé fuip as rópaí agus ruaigeann sé na hainmhithe ar fad as an teampall. Ordaíonn sé do na fir atá ag díol na gcoilm: ‘Tóg amach as seo iad! Ná bí ag déanamh teach margaidh de theach m’Athar.’

Tá cuid de lucht leanúna Íosa anseo in éineacht leis ag an teampall. Tá íontas orthu faoi gach a ndéanann sé. Ansin cuimhníonn siad ar an áit sa mBíobla a ndeireann sé faoi Mhac Dé: ‘Béidh grá do theach Dé ag lasadh mar thine ann.’

Le linn d’Iosa a bheith anseo i Iarusailéim le haghaidh na Cásca, déanann sé go leor míorúiltí. Ansin fágann Íosa Iúdáia agus téann sé ar ais go Gaililí. Ach ar a bhealach, téann sé tríd An tSamáir. Féachaimis céard a thárlaíonn ansiúd.

Eoin 2:13-25; 4:3, 4.

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn