SCÉAL 91
Múineann Íosa ar an Sliabh
TÁ ÍOSA ag múineadh na ndaoine seo ar shliabh i nGaililí. Is iad a dheisceabail atá ina suí gar dó. Tá 12 acu roghnaithe mar aspail aige. Is deisceabail speisialta iad na haspail.
Tá Síomóin Peadar ann agus a dheartháir Aindrias. Tá na deartháireacha Séamus agus Eoin ann. Tá Séamus mar ainm ar aspal eile freisin agus tá Síomóin eile ann freisin. Iúdás is ainm do bheirt de na haspail. Duine acu Iúdás Isceiríot, agus tugtar Tadáias ar an Iúdás eile. Ansin tá Pilib agus Na·tan’ael (nó Parthalán) agus Matha agus Tomás.
Tar éis filleadh ón tSamáir, thosaigh Íosa ag teagasc don chéad uair: ‘Tá ríocht na bhflaitheas i ngar.’ Is fíor-rialtas ó Dhia é an ríocht sin. Is é Íosa an rí air. Rialóidh sé ó na flaithis agus tabharfaidh sé síocháin anseo ar an talamh. Déanfaidh ríocht Dé gáirdín chomh hálainn le gáirdín Phárthais den domhan ar fad.
Anseo tá Íosa ag múineadh i dtaobh na ríochta. ‘Mar seo is ceart daoibh guí,’ atá sé ag rá. ‘Ár nAthair ar neamh, go n-onórfar d’ainm. Go dtaga do ríocht. Go ndéantar do thoil ar an talamh mar a déantar ar neamh.’ Tugann daoine ‘Paidir an Tiarna’ nó an ‘Ár nAthair’ ar seo. An bhfuil tú in ann an paidir ar fad a rá?
Deireann Íosa freisin: ‘Déanaigí le daoine eile mar ba mhaith libh go ndéanfaidís libhse.’ Nach maith leatsa é nuair a bhíonn daoine eile cineálta leat? Mar sin, tá Íosa ag rá, ba cheart dúinne a bheith cineálta le daoine eile. Nach mbéidh sé íontach nuair a dhéanfaidh gach duine é seo agus an domhan ina phárthas?
Matha caibidil 5 go dtí 7; Mt 10:1-4.