Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • my scéal 92
  • Tógann Íosa na Mairbh

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Tógann Íosa na Mairbh
  • Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Déanann Íosa go Leor Míorúiltí
    Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
my scéal 92

SCÉAL 92

Tógann Íosa na Mairbh

TÁ AN cailín óg seo dhá bhliain déag d’aois. Tá Íosa i ngreim láimhe inti, agus tá a hathair agus a máthair in aice láimhe. Ach cén fáth oiread áthais a bheith orthu? Féachaimis.

Is fear mór le rá é a hathair. Iárus is ainm dó. Lá amháin fáigheann a iníon tinn agus cuirtear a chodladh í. Ach ní thagann aon fheabhas uirthi. Fáigheann an tinneas níos measa agus níos measa. Tá imní ar Iárus agus ar a bhean mar is cosúil go bhfuil a gcailín beag chun bás a fháil. Níl acu ach í. Mar sin téann Iárus ar thóir Íosa. Tá cloiste aige faoi na míorúiltí a dhéanann sé.

Nuair a thagann Iárus ar Íosa tá slua mór timpeall air. Ach éiríonn le Iárus dul tríd an slua agus titeann sé ag cosa Íosa. ‘Tá m’iníon an-tinn,’ deireann sé. ‘Tar, le do thoil, agus leigheas í’, impíonn sé. Deireann Íosa go dtiocfaidh sé.

Le linn dóibh a bheith ag siúl bíonn an slua ag brú air. Go tobann stopann Íosa. ‘Cé bhain liom?’ fiafríonn sé. D’airigh Íosa cumhacht ag imeacht uaidh, mar sin tá fhios aige gur bhain duine éicint leis. Ach cé rinne é? Bean atá ann a bhí tinn le dhá bhliain déag. Leag sí láimh ar éadaigh Íosa agus leigheasadh í!

Airíonn Iárus níos fearr anois, mar feiceann sé chomh héasca is atá sé ag Íosa duine a leigheas. Ach ansin tagann teachtaire. ‘Ná cuir isteach ar Íosa níos mó,’ deireann sé le Iárus. ‘Tá d’iníon marbh.’ Cloiseann Íosa é seo agus deireann sé le Iárus: ‘Ná bíodh imní ort béidh sí ceart go leor.’

Nuair a shroicheann siad teach Iárus bíonn na daoine ag caoineadh. Ach deireann Íosa: ‘Ná bígí ag caoineadh. Níl an cailín marbh. Tá sí ina codladh.’ Ach tosaíonn siad ag gáire agus ag magadh faoi Íosa, mar tá fhios acu go bhfuil an cailín marbh.

Ansin tugann Íosa athair agus máthair an chailín agus triúr dá chuid aspail isteach sa seomra ina bhfuil an cailín. Beireann sé greim láimhe uirthí agus deireann: ‘Éirigh suas!’ Agus bíonn an cailín beo arís, mar a fheiceann tú anseo. Agus éiríonn sí agus siúlann sí thart! Sin é an fáth go bhfuil a máthair agus a hathair chomh háthasach sin.

Ní hí seo an chéad duine a thóg Íosa ón mbás. An chéad duine a dtagraíonn an Bíobla dó ná mac na baintrí a chónaíonn i Náín. Níos deireanaí tógann Íosa Lasarus, deartháir Mháire agus Mhárta, ón mbás. Nuair a rialóidh Íosa mar rí Dé, tógfaidh sé go leor daoine ón mbás. Nach údar áthais dúinne é sin?

Lúcás 8:40-56; 7:11-17; Eoin 11:17-44.

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn