Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • my scéal 100
  • Íosa sa nGáirdín

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Íosa sa nGáirdín
  • Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Gabhtar Íosa
    Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
my scéal 100

SCÉAL 100

Íosa sa nGáirdín

TAR éis an seomra thuas-staighre a fhágáil, téann Íosa agus a aspail go dtí gáirdín Get·semání. Tháinig siad anseo go minic cheanna. Deireann Íosa anois leo fanacht ina ndúiseacht agus a bheith ag guí. Ansin imíonn sé achar beag uathu, agus téann ar a bhéal ar an talamh chun guí a dhéanamh.

Nuair a thagann Íosa ar ais go dtí an áit a bhfuil a aspail, bíonn siad ina gcodladh. Trí huaire a deireann Iosa leo fanacht ina ndúiseacht, ach gach uair a fhilleann sé orthu bíonn siad ina gcodladh. ‘Cén chaoi ar féidir libh codladh ag am mar seo?’ deireann Íosa leo an uair dheireanach a bhfilleann sé orthu. ‘Tá an t-am tagtha chun mé a thabhairt ar láimh do mo náimhde.’

Ag an noiméad sin cloistear torann slua. Féach! Tá na fir ag teacht le claimhte agus bataí! Agus tá siad ag iompar tóirsí. Nuair a dhruideann siad leis, seasann duine éigin amach as an slua agus siúlann sé suas díreach go dtí Íosa. Pógann sé é, mar a fheiceann tú anseo. Iúdás Isceiríot atá ann!

Fiafraíonn Íosa: ‘A Iúdáis, an dtréigeann tú mé le póg?’ Sea, is comhartha í an phóg. Tugann sé le fios do na fir atá le Iúdás gurb é seo Íosa, an fear atá uathu. Mar sin seasann náimhde Íosa amach chun breith air. Ach níl Peadar chun ligeann dóibh é a thógáil gan troid. Tarraingíonn sé amach claíomh atá tughtha leis aige agus buaileann sé an fear is gaire dó. Teipeann air cloigeann an fhir a bhualadh agus baineann sé a chluais dheis de. Ach cuireann Íosa a mhéir ar chluais an fhir agus leigheasann sé í.

Deireann Íosa le Peadar a chlaíomh a chuir ar ais. ‘Nach dtuigeann sibh gur féidir liom na mílte aingeal a iarraidh ar m’Athair chun mé a shábháil?’ Sea, is féidir! Ach ní iarrann Íosa ar Dhia aon aingle a chuir chuige, mar tá fhios aige go bhfuil an t-am tagtha chun go dtógfadh a náimhde é. Ligeann sé dóibh é a thabhairt leo. Féachaimis céard a thárlaíonn d’Íosa anois.

Matha 26:36-56; Lúcás 22:39-53; Eoin 18:1-12.

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn