SCÉAL 107
Maraítear Stiofán
SEO é Stiofán atá ar a ghlúine. Is deisceabal dílis le hÍosa é. Ach cén fáth a bhfuil na fir seo ag caitheamh clocha móra leis? Cén fáth go bhfuil oiread fuath acu do Stiofán? Féachaimis.
Bhí Dia ag cabhrú le Stiofán míorúiltí a dhéanamh. Ní maith leis na fir é seo, agus bíonn argóint acu leis i dtaobh é a bheith ag múineadh an fhírinne do na daoine. Ach tugann Dia críonnacht do Stiofán, agus taispeáineann Stiofán go raibh na fir seo ag múineadh rudaí bréagacha. Beireann na fir air agus tugann siad isteach daoine chun bréaga a inseacht faoi.
Fiafraíonn an t-ard shagart do Stiofán: ‘An bhfuil sé seo fíor?’ Freagraíonn Stiofán tré píosa breá cainte a dhéanamh faoin mBíobla. Insíonn sé faoin gcaoi a raibh fuath ag drochfhir d’fháithe Iehobhah fadó. Ansin deireann sé: ‘Mharaigh sibhse Íosa agus níor chomhlíon sibh dlíthe Dé.’
Baineann na ceannairí reiligiúnacha díoscán as a bhfiacla le fearg. Ach ansin ardíonn Stiofán a cheann agus deireann sé: ‘Feicim Íosa ag seasamh ag láimh dheas Dé ins na flaithis.’ Leis sin cuireann na fir a lámha ar a gcluasa. Beireann siad ar Stiofán agus tarraingíonn siad taobh amuigh den chathair é.
Anseo baineann siad díobh a gcótaí agus tugann an fear óg Sól aire dóibh. Ansin caitheann na fir clocha le Stiofán. Téann Stiofán ar a ghlúine agus guíonn sé chun Dé: ‘A Iehobhah, ná cuir píonós orthu faoin drochrud seo.’ Tá fhios aige go bhfuil dallamullóg curtha ar chuid acu ag na ceannairí reiligiúnach. Ansin fáigheann Stiofán bás.
Nuair a dhéanann duine éicint drochrud ortsa an dtriáileann tú iadsan a ghortú, nó a n-iarrann tú ar Dhia iad a ghortú? Ní hé sin a rinne Stiofán ná Íosa. Bhí siad cineálta fiú leo siúd a bhí míchineálta leosan. Triáilimis a sampla a leanacht.