SCÉAL 113
Pól sa Róimh
TÁ SLABHRAÍ ar Phól agus tá an saighdiúr Rómhánach á ghárdáil. Tá Pól ina phríosúnach sa Róimh. Tá sé ag fanacht go socróidh an Céasar Rómhánach céard a dhéanfaidh sé leis. Ach tá cead ag daoine cuairt a thabhairt ar Phól.
Cuireann Pól scéala chuig roinnt ceannairí Giúdacha teacht agus é a fheiceáil. Tagann mórán Giúdaigh chuige agus labhraíonn sé leo faoi Íosa agus Ríocht Dé. Creideann cuid acu agus athraíonn siad ina gCríostaíthe, ach ní chreideann cuid eile.
Labhraíonn Pól freisin leis na saighdiúirí éagsúla a bhfuil sé de chúram orthu é a ghárdáil. Ar feadh an dá bhliain a bhíonn sé coinnithe mar phríosúnach anseo, labhraíonn Pól le gach a bhféadann sé. Cloiseann teaghlach Céasar fiú deá-scéala na Ríochta, agus athraíonn cuid acu ina gCríostaíthe.
Sé Timotéus an cuairteoir atá ag scríobh ag an mbord. Bhí seiseann i bpríosún freisin faoi a bheith ag craobhscaoileadh faoin Ríocht, ach tá sé saor arís. Agus tá sé tagtha anseo chun cabhrú le Pól. Ach céard atá sé a scríobh? Féachaimis.
An cuimhin leat na cathracha Filipí agus Eifeasas i Scéal 110? Chabhraigh Pól le pobail Críostaíthe a bhunú sna cathracha sin. Anois agus é i bpríosún, scríobhann Pól litreacha chuig na Críostaíthe sin. Tá na litreacha sa mBíobla, agus tugtar Eifisigh agus Filipigh orthu. Tá Pól ag inseacht do Timotéus céard a scríobhfaidh sé chuig a gcáirde Críostaí i bhFilipí.
Bhí na Filipígh an-charthanach le Pól. Chuir siad bronntanas chuige anseo sa bpríosún, agus tá Pól anois ag glacach buíochas leo. Is é Ea·paf·rai·dí’teas an fear a thug chuige an bronntanas. Ach fuair sé tinn agus is beag nach bhfuair sé bás. Anois tá sé go maith arís agus réidh le dul abhaile. Tabharfaidh sé leis an litir seo ó Phól agus Timotéus nuair a fhillfhidh sé ar Fhilipí.
Le linn dó a bheith i bpríosún scríobhann Pól dhá litir eile atá againn sa mBíobla. Tá ceann acu chuig na Críostaíthe i Colosae. Séard í an ceann eile ná litir phearsanta chuig a chara dlúth, Filéamón, a chónaíonn i gColosae freisin. Searbhónta Filéamón, O·naes’a·mas, atá mar ábhar sa litir.
D’imigh O·naes’a·mas ó Filéamón agus tháinig sé go dtí an Róimh. Chuala sé faoi Phól a bheith i bpríosún anseo. Tháinig sé ar cuairt chuige agus labhair Pól leis. Ba gearr gur athraigh O·naes’a·mas ina Chríostaí freisin. Anois tá brón ar O·naes’a·mas faoi gur imigh sé. Ach céard a scríobhann Pól chuig Filéamón?
Iarrann Pól ar Filéamón é a mhaitheadh do O·naes’a·mas. ‘Tá mé á chuir ar ais chugat,’ scríobhann Pól. ‘Ach ní mar shearbhónta amháin, ach mar Chríostaí freisin.’ Nuair a rachaidh O·naes’a·mas ar ais go Colosae tabharfaidh sé leis an dá litir, ceann do na Colosaigh agus an ceann eile do Filéamón. Is féidir linn a shamhladh cé chomh gliondarach is a bhíonn Filéamón nuair a chloiseann sé go bhfuil a shearbhónta ina Chríostaí.
Scríobhann Pól deá-scéala chuig na Filipí agus Filéamón. ‘Tá mé ag cuir Timotéus chugaibh,’ insíonn Pól do na Filipigh. ‘Ach tabharfaidh mé féin cuairt oraibh go luath.’ Agus chuig Filéamón scríobhann sé: ‘Fáigh áit réidh dom chun fanacht ann.’
Le linn dó a bheith saor, tugann Pól cuairt ar Chríostaíthe i mórán áiteanna. Ach déantar príosúnach de Phól sa Róimh arís. Tá fhios ag Pól anois go marófar é. Mar sin scríobhann sé chuig Timotéus agus deireann sé leis teacht go tapaidh. ‘Bhí mé unhal do Dhia,’ scríobhann Pól, ‘agus tabharfaidh Dia luach saothair dom.’ Cupla bliain tar éis Pól a chuir chun báis, scriostar Iarusailéim arís, ag na Rómhánaigh an uair seo.
Chuir Dia ar an aspal Eoin leabhra deireanacha an Bhíobla a scríobh, ina measc an Taispeáint. Féachaimis ar an leabhar sin.