Ceacht 2
Cé hÉ Dia?
Cé hé an fíorDhia, agus cén t-ainm atá air? (1, 2)
Cén cineál colainne atá aige? (3)
Céard iad na tréithe is suntasaí a bhaineann leis? (4)
An ceart dúinn íomhánna agus siombailí a úsáid agus muid á adhradh? (5)
Cén dá bhealach gur féidir linn eolas a chur ar Dhia? (6)
1. Is iomaí rud a dtugann daoine adhradh dóibh. Ach insíonn an Bíobla dúinn nach bhfuil ann ach fíorDhia amháin. Chruthaigh seisean gach ní ar neamh agus ar talamh. Ós rud é gurb é a thug beatha dúinn, is eisean amháin is cóir dúinne a adhradh.—1 Corantaigh 8:5, 6; Taispeáint 4:11.
2. Tá go leor teideal ag Dia ach níl aige ach aon ainm amháin. Is é IEHOVA an t-ainm sin. Tá ainm Dé tógtha as an gcuid is mó de na Bíoblaí agus na teidil TIARNA nó DIA curtha ina áit. Ach nuair a scríobhadh an Bíobla, bhí an t-ainm Iehova le feiceáil ann tuairim is 7,000 uair!—Eaxodus 3:15; Salm 83:18.
3. Tá colainn ag Iehova, ach níl sé cosúil leis an gcolainn atá againne. “Spiorad é Dia,” a deir an Bíobla. (Eoin 4:24) Tá an cineál beatha atá ag spiorad i bhfad níos airde ná an bheatha atá againne. Ní fhaca aon duine Dia riamh. Tá cónaí ar Iehova ar neamh, ach tá ar a chumas gach rud a fheiceáil. (Salm 11:4, 5; Eoin 1:18) Ach céard é an spiorad naomh? Ní pearsa atá ann mar atá i nDia. Is éard atá ann ná fórsa gníomhach Dé.—Salm 104:30.
4. Tugann an Bíobla léargas dúinn ar phearsantacht Iehova. Léiríonn sé gurb iad grá, ceart, eagna agus cumhacht na tréithe is suntasaí a bhaineann leis. (Deotranaimí 32:4; Iób 12:13; Íseáia 40:26; 1 Eoin 4:8) Insíonn an Bíobla dúinn go bhfuil sé trócaireach, cineálta, maiteach, flaithiúil, agus foighneach chomh maith. Ba cheart dúinne iarracht a dhéanamh aithris a dhéanamh air mar a dhéanfadh páistí umhla.—Eifisigh 5:1, 2.
5. An ceart dúinn umhlú os comhair nó guí chuig íomhánna, nó siombailí inár n-adhradh? Ní ceart! (Eaxodus 20:4, 5) Deir Iehova gurb é féin amháin is cóir dúinn a adhradh. Ní roinnfidh sé a ghlóir le haon duine ná le haon aon rud eile. Níl sé in acmhainn íomhánna cabhrú linn.—Salm 115:4-8; Íseáia 42:8.
6. Cén chaoi ar féidir linn aithne níos fearr a chur ar Dhia? Bealach amháin ná suntas a thabhairt do na rudaí atá cruthaithe aige agus machnamh domhain a dhéanamh ar a n-insíonn siad sin dúinn. Léiríonn na rudaí atá cruthaithe ag Dia go bhfuil mórchumhacht agus eagna aige. Feicimid a ghrá sa mhéid atá déanta aige. (Salm 19:1-6; Rómhánaigh 1:20) Bealach eile le heolas a chur ar Dhia ná staidéar a dhéanamh ar an mBíobla. Is ann a insíonn sé go leor eile dúinn faoin sórt Dé é féin. Insíonn sé freisin dúinn faoin gcuspóir atá aige agus an rud atá sé a iarraidh orainne a dhéanamh.—Amos 3:7; 2 Tiomóid 3:16, 17.
[Pictiúir ar leathanach 5]
Tugann obair chruthaitheach Dé agus an Bíobla eolas dúinn ar Dhia