Ceacht 3
Cé hÉ Íosa Críost?
Cén fáth a dtugtar “céadghin” Mic Dé ar Íosa? (1)
Cén fáth a dtugtar “an Briathar” air? (1)
Cén fáth ar tháinig Íosa ar an talamh mar fhear? (2-4)
Cén fáth a ndearna sé míorúiltí? (5)
Céard a dhéanfaidh Íosa go gairid? (6)
1. Mhair Íosa i bpearsa spioraid ar neamh sular tháinig sé ar an talamh. Ba é an chéad ní é a chruthaigh Dia, mar sin tugtar “céadghin” Mic Dé air. (Colosaigh 1:15; Taispeáint 3:14) Is é Íosa an t-aon Mhac a chruthaigh Dia uaidh féin. D’úsáid Iehova an tÍosa réamhdhaonna mar a “cheardaí oilte,” agus é ag cruthú gach ní eile ar neamh agus ar talamh. (Seanfhocal 8:22-31; Colosaigh 1:16, 17) D’úsáid Dia é mar A phríomh urlabhraí freisin. Sin é an fáth go dtugtar “an Briathar” ar Íosa.—Eoin 1:1-3; Taispeáint 19:13.
2. Chuir Dia a Mhac ar an talamh trína bheatha a aistriú go dtí broinn Mhuire. Dá bhrí sin ní raibh athair daonna ag Íosa. Sin é an fáth nach raibh peaca ná neamhfhoirfeacht mar oidhreacht aige. Bhí trí chúis ag Dia le hÍosa a chur ar an talamh: (1) Chun an fhírinne faoi Dhia a mhúineadh dúinn (Eoin 18:37), (2) chun maireachtáil go hiomlán ionraic, le go mbeadh eiseamláir againne le leanúint (1 Peadar 2:21), agus (3) lena bheatha a thabhairt mar íobairt le muide a shaoradh ón bpeaca agus ón mbás. Cén fáth a raibh gá leis seo?—Matha 20:28.
3. Nuair a bhí an chéad fhear, Ádhamh, easumhal don ordú a thug Dia dó, rinne sé an rud ar a dtugann an Bíobla “peaca.” Dá bhrí sin ghearr Dia pionós an bháis air. (Geineasas 3:17-19) Ní raibh sé ar an gcaighdeán a bhí leagtha síos ag Dia dó níos mó, mar sin ní raibh sé foirfe níos mó. De réir a chéile tháinig an aois air agus fuair sé bás. Thóg a chlann go léir an peaca ó Ádhamh. Sin é an fáth go dtagann an aois orainne freisin, go n-éirímid tinn agus go bhfaighimid bás. Cén chaoi a bhféadfaí an cine daonna a shlánú?—Rómhánaigh 3:23; 5:12.
4. Duine foirfe daonna a bhí in Íosa mar a bhí in Ádhamh. Ach, ní hionann is Ádhamh, bhí Íosa umhal go hiomlán do Dhia fiú faoin triail ba mhó ar fad. Dá bhrí sin bhí ar a chumas a bheatha fhoirfe dhaonna a thabhairt mar íobairt a d’iocfadh as peaca Ádhaimh. Seo é an rud ar a dtugann an Bíobla an “éiric.” Dá réir sin d’fhéadfaí clann Ádhaimh a scaoileadh ón mbreith báis a bhí tugtha orthu. Is féidir le gach duine a chreideann in Íosa maithiúnas a fháil dá bpeacaí agus beatha shíoraí a fháil.—1 Tiomóid 2:5, 6; Eoin 3:16; Rómhánaigh 5:18, 19.
5. Nuair a bhí Íosa ar an talamh leigheas sé an té a bhí tinn, thug sé bia don ocrach, agus chiúnaigh sé stoirmeacha. Thóg sé daoine ón mbás fiú. Cén fáth a ndearna sé míorúiltí? (1) Bhí trua aige do na daoine a bhí ag fulaingt agus bhí fonn air cabhrú leo. (2) Chruthaigh na míorúiltí a rinne sé gurbh é Mac Dé é. (3) Thaispeáin siad an rud a dhéanfaidh sé nuair a rialóidh sé mar Rí os cionn an talaimh, don chuid den chine daonna a bheadh umhal dó.—Matha 14:14; Marcas 2:10-12; Eoin 5:28, 29.
6. Fuair Íosa bás agus thug Dia aiséirí dó i gcruth spioraid, agus d’fhill sé ar neamh. (1 Peadar 3:18) Ó shin, rinne Dia Rí de. Go gairid cuirfidh Íosa deireadh le gach olc agus fulaingt atá anseo ar talamh.—Salm 37:9-11; Seanfhocal 2:21, 22.
[Pictiúir ar leathanach 7]
Bhí a theagasc, déanamh míorúiltí agus fiú tabhairt a bheatha ar ár son, mar chuid den fhreastal a rinne Íosa