Ceacht 4
Cé hÉ an Diabhal?
Sátan an Diabhal—Cé as a dtáinig sé? (1, 2)
Cén chaoi a gcuireann Sátan daoine amú? (3-7)
Cén fáth ar cheart duitse diúltú don Diabhal? (7)
1. Is é an chiall atá leis an bhfocal “diabhal” ná neach a d’inseodh bréaga mailíseacha faoi neach eile. Ciallaíonn an focal “Sátan” namhaid nó freasúraí. Baineann na téarmaí seo le príomhnamhaid Dé. Ar dtús, bhí sé ina aingeal foirfe ar neamh le Dia. Ach níos deireanaí d’éirigh sé rómhór ann féin agus shantaigh sé an t-adradh a bhí dlite do Dhia amháin.—Matha 4:8-10.
2. D’úsáid an t-aingeal seo, Sátan, nathair le labhairt le hÉabha. Trí bhréaga a insint di thug sé uirthi a bheith easumhal do Dhia. Ar an gcuma sin rinne Sátan ionsaí ar an rud ar a dtugtar “flaitheas” Dé, nó ar an stádas atá Aige mar an Té is Airde. Chaith Sátan amhras nach raibh Dia ag rialú ar bhealach fiúntach ná ar mhaithe lena chuid géillsineach. Chaith Sátan amhras freisin nárbh fhéidir le haon duine daonna fanacht dílis do Dhia. Ar an mbealach seo, rinne Sátan namhaid Dé dó féin. Sin é an fáth ar tugadh Sátan an Diabhal air.—Geineasas 3:1-5; Íob 1:8-11; Taispeáint 12:9.
3. Déanann Sátan iarracht an dallamullóg a chur ar dhaoine le go dtabharfaidh siad adhradh dó. (2 Corantaigh 11:3, 14) Usáideann sé reiligiún bréagach mar cheann de na bealaí leis sin a dhéanamh. Más bréaga a mhúineann reiligiún faoi Dhia is ag freastal ar aidhmeanna Shátain atá sé. (Eoin 8:44) Tharlódh go bhfuil daoine atá ina mbaill de reiligiúin bhréagacha a chreideann lándáiríre go bhfuil siad ag tabhairt adhartha don fhíorDhia. Ach is ag freastal ar Shátan atá siad i ndáiríre. Is eisean ‘dia an domhain seo.’—2 Corantaigh 4:4.
4. Bealach eile atá ag Sátan le daoine a thabhairt faoina smacht ná spioradachas. B’fhéidir go n-iarrfaidís ar na spioraid cosaint a thabhairt dóibh, nó dochar a dhéanamh do dhaoine eile, rudaí atá le tarlú a insint roimh ré, nó míorúiltí a dhéanamh. Sátan an chumhacht mhailíseach atá ar chúl na gcleachtas seo ar fad. Más linn Dia a shásamh caithfimid fanacht glan ar an spioradachas.—Deotranaimí 18:10-12; Gníomhartha 19:18, 19.
5. Cuireann Sátan an dallamullóg ar dhaoine trí mhórtas cine a bhíonn thar fóir agus trí adhradh eagraíochtaí polaitiúla. Ceapann daoine áirithe gur fearr a náisiún nó a gcine féin ná náisiún nó cine eile. Ach ní fíor é sin. (Gníomhartha 10:34, 35) Bíonn daoine eile a cheapadh go leigheasfaidh eagraíochtaí polaitiúla fadhbanna an duine. Ar an mbealach seo tá siad ag diúltú do Ríocht Dé. Is ag Ríocht Dé amháin atá réiteach ar ár bhfadhbanna.—Dainéil 2:44.
6. Cuireann Sátan an dallamullóg ar dhaoine freisin trí chathú a chur orthu le mianta peacúla. Deir Iehova linn fanacht glan ar ghníomhartha peacúla mar go bhfuil a fhios aige go ndéanfaidh siad dochar dúinn. (Galataigh 6:7, 8) B’fhéidir go n-iarrfadh daoine ortsa a bheith rannpháirteach leo ina leithéid de ghníomhartha. Ach cuimhnigh gurb é Sátan i ndáiríre atá ag iarraidh ort na rudaí seo a dhéanamh.—1 Corantaigh 6:9, 10; 15:33.
7. B’fhéidir go n-úsáidfeadh Sátan géarleanúint nó cur i do choinne le go bhfágfá Iehova. B’fhéidir go mbeadh an-fhearg ar roinnt de na daoine is mó a bhfuil gean agat orthu faoi go bhfuil tú ag déanamh staidéir ar an mBíobla. B’fhéidir go mbeadh daoine eile fós ag magadh fút. Ach cé thug do bheatha duit? Tá Sátan ag iarraidh tú a scanrú le go stopfaidh tú ag cur eolais ar Iehova. Ná lig do Shátan buachan! (Matha 10:34-39; 1 Peadar 5:8, 9) Má dhiúltaíonn tú don Diabhal cuirfidh tú áthas ar Iehova agus léireoidh tú go bhfuil tú ag tacú lena fhlaitheas.—Seanfhocal 27:11.
[Pictiúir ar leathanach 9]
Cuireann reiligiún bréagach, spioradachas agus náisiúnachas an dallamullóg ar dhaoine
[Pictiúir ar leathanach 9]
Diúltaigh do Shátan trí leanúint ar aghaidh ag cur eolais ar Iehova