Ceacht 6
Céard is Ríocht Dé Ann?
Cá bhfuil Ríocht Dé lonnaithe? (1)
Cén Rí atá uirthi? (2)
An bhfuil rialóirí eile i bpáirt leis an Rí? Má tá, cé mhéid? (3)
Céard a léiríonn go bhfuil muid ag maireachtáil sna laethanta deireanacha? (4)
Céard a dhéanfaidh Ríocht Dé don chine daonna sa todhchaí? (5-7)
1. Nuair a bhí sé ar talamh, mhúin Íosa dá dheisceabail guí ar son Ríocht Dé. Is éard is ríocht ann ná rialtas a bhfuil rí ina cheann. Is rialtas ar leith í Ríocht Dé. Tá sí suite ar neamh agus rialóidh sí an talamh seo. Naomhóidh sí ainm Dé. Cuirfidh sí toil Dé á déanamh ar an talamh mar a dhéantar í ar neamh.—Matha 6:9, 10.
2. Gheall Dia gurb é Íosa a bheadh mar Rí ar A Ríocht. (Lúcás 1:30-33) Nuair a bhí Íosa ar an talamh, chruthaigh sé gur Rialóir cineálta, cóir agus foirfe a bheadh ann. Nuair a d’fhill sé ar neamh ní dhearnadh Rí ar Ríocht Dé de ar an bpointe. (Eabhraigh 10:12, 13) Sa bhliain 1914, thug Iehova an t-údarás a bhí geallta Aige d’Íosa. Ó shin i leith, tá Íosa ag rialú ar neamh mar Rí ainmnithe Iehova.—Dainéil 7:13, 14.
3. Tá roinnt fear agus ban dílse ón talamh roghnaithe ag Iehova le dhul ar neamh freisin. Rialóidh siad an cine daonna mar ríthe, breithiúna, agus sagairt in éineacht le hÍosa. (Lúcás 22:28-30; Taispeáint 5:9, 10) “Tréad beag” a thug Íosa ar an dream seo a bheadh ag comhrialú leis ina Ríocht. Tá 144,000 acu ann.—Lúcás 12:32; Taispeáint 14:1-3.
4. Chomh luath agus a rinneadh Rí de, chaith Íosa Sátan agus a dhrochaingle anuas ó neamh go dtí comharsanacht an talaimh. Sin í an chúis go bhfuil cúrsaí chomh holc agus atá anseo ar an talamh ó 1914 i leith. (Taispeáint 12:9, 12) Cogaí, gortaí, plánna, méadú ar an aindlí—is cuid iad seo ar fad de “chomhartha” a thugann le fios go bhfuil Íosa ag rialú agus go bhfuil a laethanta deireanacha sroichte ag an reacht seo.—Matha 24:3, 7, 8, 12; Lúcás 21:10, 11; 2 Tiomóid 3:1-5.
5. Is gearr anois go dtabharfaidh Íosa breithiúnas ar dhaoine, á scaradh ó chéile mar a scarann an t-aoire na caoirigh ó na gabhair. Is iad na “caoirigh” na daoine a mbeidh cruthúnas acu go raibh siad ina ngéillsinigh dílse dó. Tabharfar beatha shíoraí ar an talamh dóibhsean. Is iad na “gabhair” na daoine a mbeidh diúltaithe acu do Ríocht Dé. (Matha 25:31-34, 46) Go gairid anois, scriosfaidh Íosa iad siúd ar fad atá ar nós “gabhar.” (2 Teasalónaigh 1:6-9) Más é do mhian a bheith i measc “chaoirigh” Íosa, ní mór duit éisteacht le teachtaireacht na Ríochta agus gníomhú dá réir.—Matha 24:14.
6. Faoi láthair tá an domhan roinnte idir go leor tíortha éagsúla. Tá a rialtas féin ag gach ceann acu. Is minic na náisiúin seo ag troid lena chéile. Ach tógfaidh Ríocht Dé áit gach rialtais daonna. Rialóidh sé mar an t-aon rialtas amháin ar an talamh go léir. (Dainéil 2:44) Ansin ní bheidh cogadh, coiriúlacht ná foréigean ann níos mó. Beidh síocháin agus aontas i measc na ndaoine ar fad.—Míoca 4:3, 4.
7. Le linn Réimeas Mhíle Bliain Íosa, tabharfar chun foirfeachta daoine dílse, agus déanfar parthas den talamh ar fad. Faoi dheireadh an mhíle bliain, beidh gach rud a d’iarr Dia air déanta ag Íosa. Ansin tabharfaidh sé an Ríocht ar ais ar lámh dá Athair. (1 Corantaigh 15:24) Cén fáth nach n-insíonn tú do do chairde agus dóibh siúd a bhfuil gean agat orthu faoin rud a dhéanfaidh Ríocht Dé?
[Pictiúr ar leathanach 13]
Faoi réimeas Íosa, ní bheidh gráin ná leatrom ann níos mó