Ceacht 11
Gnásanna agus Rudaí a Chreidtear Nach bhFuil Dia Sásta Leo
Cén sórt gnásanna agus rudaí a chreidtear nach bhfuil ceart? (1)
An ceart do Chríostaithe a chreidiúint gur Tríonóid é Dia? (2)
Cén fáth nach ndéanann fíorChríostaithe ceiliúradh ar an Nollaig, an Cháisc, ná laethanta breithe? (3, 4)
An bhfuil na mairbh in ann dochar a dhéanamh don bheo? (5)
Ar bhásaigh Íosa ar chros? (6)
Cé chomh tábhachtach is atá sé Dia a shásamh? (7)
1. Níl gach rud a chreidtear nó atá mar ghnás go dona. Ach níl aon ghlacadh ag Dia leis más ó reiligiún bréagach a thagann sé nó má tá sé i gcoinne theagasc an Bhíobla.—Matha 15:6.
2. Tríonóid: An Tríonóid é Iehova—trí phearsa i nDia amháin? Ní hea! Is é Iehova, an tAthair, “an t-aon fhíorDhia.” (Eoin 17:3; Marcas 12:29) Is é Íosa a chéadghin Mic, agus tá seisean umhal do Dhia. (1 Corantaigh 11:3) Is mó an tAthair ná an Mac. (Eoin 14:28) Ní pearsa é an spiorad naomh; fórsa gníomhach Dé atá ann.—Geineasas 1:2; Gníomhartha 2:18.
3. Nollaig agus Cáisc: Níor rugadh Íosa ar an 25ú Nollaig. Rugadh é thart ar an 1ú Deireadh Fómhair, tráth den bhliain a gcoinníodh aoirí a gcuid caorach amuigh faoin aer san oíche. (Lúcás 2:8-12) Níor ordaigh Íosa riamh do Chríostaithe a bhreith a cheiliúradh. Ach dúirt sé lena dheisceabail comóradh nó cuimhneachán a dhéanamh ar a bhás. (Lúcás 22:19, 20) Is ó reiligiúin bhréagacha ársa a thagann an Nollaig agus na gnásanna a bhaineann léi. Tá an rud céanna fíor faoi ghnásanna na Cásca, iad sin a bhaineann le huibheacha agus coiníní mar shampla. Ní dhearna na chéad Chríostaithe ceiliúradh ar Nollaig ná ar Cháisc, ná ní dhéanann fíorChríostaithe inniu amhlaidh.
4. Laethanta Breithe: Baineann an dá thagairt do cheiliúradh laethanta breithe atá sa Bhíobla le dream nár thug adhradh do Iehova. (Geineasas 40:20-22; Marcas 6:21, 22, 24-27) Ní dhearna na chéad Chríostaithe ceiliúradh ar laethanta breithe. Is ó reiligiúin bhréagacha ársa a tháinig an gnás laethanta breithe a cheiliúradh. Tugann fíorChríostaithe bronntanais agus bíonn spraoi acu i gcuideachta a chéile ag amanna eile i rith na bliana.
5. Faitíos roimh na Mairbh: Ní féidir leis na mairbh rud ar bith a dhéanamh ná rud ar bith a aireachtáil. Ní féidir linne cuidiú leo, ná ní féidir leosan dochar a dhéanamh dúinne. (Salm 146:4; Cóheilit 9:5, 10) Faigheann an t-anam bás; ní mhaireann sé i ndiaidh báis. (Eizicéil 18:4) Ach amanna cuireann drochaingle, ar a dtugtar deamhain, i gcéill gurb iad spioraid na marbh iad. Níl aon ghnásanna a bhaineann le faitíos roimh na mairbh ná adhradh na marbh ceart.—Íseáia 8:19.
6. Cros: Ní bhfuair Íosa bás ar chrois. Fuair sé bás ar chuaille, nó ar stáca. Ní raibh i gceist leis an bhfocal Gréigise a aistrítear mar “cros” in go leor Bíoblaí ach aon phíosa amháin adhmaid. Is ó reiligiúin bhréagacha ársa a thagann siombail na croise. Níor úsáid na chéad Chríostaithe an chros ná níor thug siad adhradh di. Dá réir sin, an gceapfása go mbeadh sé ceart cros a úsáid inár n-adhradh?—Deotranaimí 7:26; 1 Corantaigh 10:14.
7. B’fhéidir go mbeadh sé an-deacair éirí as cuid de na gnásanna seo agus rudaí a chreidtear. B’fhéidir go gcuirfeadh cairde agus gaolta ina luí ort nár cheart duit an creideamh atá agat a athrú. Ach is tábhachtaí Dia a shásamh ná daoine.—Seanfhocal 29:25; Matha 10:36, 37.
[Pictiúr ar leathanach 22]
Ní Tríonóid é Dia
[Pictiúr ar leathanach 23]
Is ó reiligiúin bhréagacha ársa a thagann an Nollaig agus an Cháisc
Níl aon chúis go dtabharfaí adhradh do na mairbh ná go mbeadh faitíos rompu