Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • bm cuid 16 lth. 19
  • Tagann an Meisias

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Tagann an Meisias
  • An Bíobla—Cén Teachtaireacht atá Ann?
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Cé hÉ Íosa Críost?
    Céard Go Díreach a Mhúineann An Bíobla?
An Bíobla—Cén Teachtaireacht atá Ann?
bm cuid 16 lth. 19
Baisteann Eoin Íosa

CUID 16

Tagann an Meisias

Ainmníonn Iehova Íosa as Nazarat mar an Meisias a bhí geallta le fada

AN gCABHRÓDH Iehova le daoine an Meisias a bhí geallta a aithint? Chabhródh sé. Féach ar na rudaí a bhí déanta ag Dia. Bhí sé breis is 400 bliain ó críochnaíodh na Scrioptúir Eabhraise. Tugadh cuairt gan choinne ar bhean óg darbh ainm Muire i gcathair Nazarat, i dtuaisceart na Gailíle. Tháinig aingeal darbh ainm Gaibriéil chuici. Dúirt sé léi go dtiocfadh sí faoi thionchar an spioraid naoimh agus go mbéarfaí mac di, cé go raibh sí ina maighdean. Bheadh an mac seo ina Rí de réir mar a bhí geallta le fada agus rialódh sé go deo! Ba mhac le Dia a bheadh sa pháiste seo, agus d’aistreodh Dia beatha a mhic ó na flaithis go dtí broinn Mhuire.

Ghlac Muire go humhal leis an gcúram ollmhór seo. Bhí sí geallta le pósadh le siúinéir darbh ainm Iósaef. Phós siad tar éis do Dhia aingeal a chur chuig Iósaef le míniú dó cé mar a tharla sé go raibh Muire ag iompar clainne. Ach céard faoin tairngreacht a dúirt go saolófaí an Meisias i mBeithil? (Míocá 5:1 [5:2 i mBíoblaí eile]) Bhí an baile beag sin breis is 140 ciliméadar ó bhaile!

D’ordaigh rialtóir Rómhánach go reáchtálfaí daonáireamh. Bhí ar gach duine clárú ina mbaile dúchais. De réir dealraimh, ba as Beithil muintir Mhuire agus Iósaef, mar sin thug Iósaef a bhean thorrach go Beithil. (Lúcás 2:3) Rugadh an páiste do Mhuire i stábla agus leag sí sa mhainséar é. Ansin chuir Dia slua mór aingil chuig scata aoirí a bhí ar thaobh cnoic. Chuir na haingil in iúl dóibh gurbh é an páiste nuabheirthe seo an Meisias, nó an Críost, a bhí geallta.

Níos déanaí, thabharfadh dream eile fós fianaise gurbh é Íosa an Meisias a bhí geallta. Thuar an fáidh Íseáia go dtiocfadh fear roimh ré leis an mbealach a réiteach d’obair ríthábhachtach an Mheisias. (Íseáia 40:3) Ba é Eoin Baiste an réamhtheachtaire sin. Nuair a chonaic sé Íosa, d’fhógair sé: “Seo é Uan Dé a thógann peaca an domhain.” Lean cuid de dheisceabail Eoin Íosa láithreach. Dúirt duine acu: “Fuaireamar an Meisias.”—Eoin 1:29, 36, 41.

Bhí tuilleadh fianaise ann. Nuair a bhaist Eoin Íosa, labhair Iehova féin ó na flaithis. Tríd an spiorad naomh, cheap sé Íosa mar an Meisias agus dúirt: “Is é seo mo Mhac muirneach dár thug mé gnaoi.” (Matha 3:16, 17) Bhí an Meisias a bhí geallta le fada tagtha!

Cén uair a tharla sé seo? Sa bhliain 29 CR, díreach tar éis na 483 bliain a bhí tuartha ag Dainéil. Níl ansin ach cuid den chruthúnas gurb é Íosa an Meisias, nó an Críost. Ach cén teachtaireacht a d’fhógródh sé le linn dó a bheith ar an talamh?

—Bunaithe ar Matha caibidil 1 go 3; Marcas caibidil 1; Lúcás caibidil 2; Eoin caibidil 1.

  • Cén chaoi ar úsáid Iehova na haingil chun Íosa a chur in aithne mar an Meisias?

  • Cén chaoi ar úsáid Iehova Eoin Baiste chun aird a tharraingt ar Íosa mar an Meisias?

  • Cén chaoi ar chuir Iehova féin a Mhac i láthair mar an Meisias?

MAC DÉ?

Is é Iehova Athair Íosa, ach ní gnáthathair é. Níor gabhadh Íosa ó bhean—chruthaigh Dia é. Go deimhin, bhí sé ar an gcéad phearsa a chruthaigh Iehova. (Colosaigh 1:15-17) Ós rud é gurbh é Iehova a thug beatha d’Íosa nuair a chruthaigh sé é, is féidir a rá gurb é Iehova Athair Íosa. Tar éis dó an mac seo a chruthú mar phearsa spioraid, d’úsáid Iehova é mar “cheardaí oilte” chun gach ní eile a chruthú, an chruinne fhisiceach san áireamh.—Seanfhocail 8:30.

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn