CUID 23
Scaipeann an Dea-Scéala
Déanann Pól turais chraobhscaoilte ar muir agus ar thír
TAR éis dó athrú go dtí an creideamh Críostaí, chraobhscaoil Pól an dea-scéala faoi Ríocht Dé go díograiseach—ach anois, ní eisean atá ag déanamh na géarleanúna, is amhlaidh atá géarleanúint á dhéanamh air. Rinne an t-aspal dothuirsithe seo turais i bhfad agus i gcéin, chun an dea-scéala i dtaobh na Ríochta a chuirfidh bunchuspóir Dé don chine daonna i gcrích, a scaipeadh.
I Liostra, le linn a chéad thuras craobhscaoilte, leigheas Pól fear a bhí bacach ón mbroinn. Thosaigh na sluaite ag fógairt go mba dhéithe iad Pól agus a chompánach, Barnabas. Is ar éigean a bhí an bheirt fhear in ann na daoine a stopadh ó íobairtí a ofráil dóibh. Seo iad na sluaite céanna a tháinig faoi thionchar naimhde Phóil níos déanaí agus a d’ionsaigh le clocha é nó gur shíl siad é a bheith marbh. Tháinig Pól slán ón ionsaí seo agus in am trátha d’fhill sé ar an gcathair sin chun na deisceabail a chothú le briathra spreagúla.
Bhí cuid de na Críostaithe Giúdacha a cheap go mba cheart do Chríostaithe ó na náisiúin cloí le gnéithe de Dhlí Mhaois. Chuaigh Pól go hIarúsailéim agus chuir sé an cheist faoi bhráid na n-aspal agus na seanóirí. Tar éis dóibh scrúdú cúramach a dhéanamh ar na Scrioptúir agus le treoir ó spiorad naofa Dé, scríobh na fir sin chuig na pobail Chríostaí ag comhairliú dóibh staonadh ó íoladhradh, ó fhuil agus feoil a raibh fuil ann, agus ó mhígheanmnaíocht. Bhí na haitheanta seo “riachtanach,” ach níor ghá Dlí Mhaois a chleachtadh chun cloí leis na horduithe sin.—Gníomhartha 15:28, 29.
Ar a dhara turas craobhscaoilte, thug Pól cuairt ar Bhearóia, cathair atá suite i nGréig na linne seo. Ghlac Giúdaigh a bhí ina gcónaí ansin go díocasach leis an dea-scéala agus scrúdaigh siad na Scrioptúir go laethúil le teagasc Phóil a dheimhniú. Ach arís d’éirigh freasúra agus b’éigean dó imeacht. Thug sé aghaidh ar an Aithin. Thug Pól óráid os comhair ghrúpa léannta de chuid na hAithne. Óráid chumasach, stuama, solabhartha a bhí ann atá mar eiseamláir againn inniu.
Tar éis a thríú turas craobhscaoilte, chuaigh Pól go hIarúsailéim. Nuair a thug sé cuairt ar an teampall ansin, thosaigh roinnt Giúdaigh círéib, le súil is go maróidís é. Rinne saighdiúirí Rómhánacha idirghabháil agus cheistigh siad Pól. Ós rud é gur saoránach Rómhánach a bhí ann, chuir sé a chás i láthair an ghobharnóra Rómhánaigh Féilix níos déanaí. Ní raibh na Giúdaigh in ann aon fhianaise a chur ar fáil maidir leis na cúiseanna a bhí curtha i leith Phóil acu. Chun nach dtabharfadh Féastas, gobharnóir Rómhánach eile, suas é do na Giúdaigh, dúirt Pól: “Gairmim Céasar.” D’fhreagair Féastas: “Is go Céasar a rachaidh tú.”—Gníomhartha 25:11, 12.
Ansin tugadh Pól ar bhád chun na hIodáile, chun a thrialach. Tharla longbhriseadh ar an aistear farraige seo agus bhí orthu an geimhreadh a chaitheamh i Málta. Nuair a shroich sé an Róimh, chaith sé dhá bhliain i dteach a bhí ar cíos aige. Cé go raibh saighdiúir á ghardáil, lean an t-aspal air go díograiseach ag craobhscaoileadh Ríocht Dé do gach duine a tháinig ar cuairt chuige.
—Bunaithe ar Gníomhartha 11:22–28:31.