Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • jl ceacht 16
  • Cé na Cúraimí Atá ar na Cúntóirí?

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Cé na Cúraimí Atá ar na Cúntóirí?
  • Cé Atá Ag Déanamh Toil Iehova Inniu?
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Léirigh Meas ar ‘Thabhartais i bhFearaibh’
    The An Túr Faire ag Fógairt Ríocht Iehova (Staidéar)—2024
  • A Dheartháireacha—An Bhfuil Tú ag Déanamh Dul Chun Cinn le Bheith i Do Chúntóir?
    The An Túr Faire ag Fógairt Ríocht Iehova (Staidéar)—2024
  • Cén Chaoi a bhFreastalaíonn na Seanóirí ar an bPobal?
    Cé Atá Ag Déanamh Toil Iehova Inniu?
Cé Atá Ag Déanamh Toil Iehova Inniu?
jl ceacht 16

CEACHT 16

Cé Na Cúraimí Atá Ar Na Cúntóirí?

Cúntóir ag tabhairt cúnamh ábhar léitheoireachta a dháileadh

Maenmar

Cúntóir ag tabhairt caint

Mír den chruinniú

Cúntóir ag cur mír i láthair ag an gcruinniú

Meitheal craobhscaoilteoirí

Cúntóir ag cabhrú le hobair chothabhála ag an Ríocht-halla

Ag cóiriú an Ríocht-halla

Tá cur síos sa mBíobla ar dhá ghrúpa d’fhir a thugann aire do dhualgais an phobail—seanóirí agus cúntóirí. (Filipigh 1:1) Bíonn cúpla duine acu ag freastal i ngach pobal de ghnáth. Cén obair a dhéanann na cúntóirí ar ár son?

Cabhraíonn siad leis na seanóirí. Tá na cúntóirí idir sean agus óg. Is fir spioradálta, coinsiasacha iad ar féidir braith orthu. Déanann siad an ghnáthobair a chaitear a dhéanamh go rialta sna pobail. Tugann sé seo deis do na seanóirí aire a thabhairt dá ndualgais maidir le múineadh agus aoireacht an phobail.

Tugann siad cúnamh praiticiúil. Bíonn cúraimí éagsúla ar na cúntóirí. Cuireann cuid acu fáilte roimh na daoine a thagann ag na cruinnithe. Bíonn cuid eile acu i bhfeighil an trealaimh fuaime, ag dáileadh ábhar léitheoireachta, ag coinneáil na gcuntas, agus ag comhordú na gceantar a bhfuil baill an phobail ag dul ag craobhscaoileadh iontu. Déanann siad obair chothabhála ar an Ríocht-halla chomh maith. Nuair a bhíonn gá leis, iarrann na seanóirí orthu cúnamh a thabhairt dóibh siúd atá ag teannadh amach sna blianta. Cibé obair a thugtar le déanamh do na cúntóirí, déanann siad go dúthrachtach é, agus tuilleann siad meas an phobail dá bharr.—1 Tiomóid 3:13.

Tugann siad dea-shampla. Ceaptar fir a bhfuil cáilíochtaí spioradálta acu mar chúntóirí. Neartaíonn siad ár gcreideamh nuair a chuireann siad míreanna i láthair ag na cruinnithe. Nuair a thógann siad ceannasaíocht i gcraobhscaoileadh an dea-scéil, méadaíonn siad ár ndíograis. Cuireann siad le suaimhneas agus le leas an phobail trína gcomhoibriú leis na seanóirí. (Eifisigh 4:16) In am tráth, is féidir leosan freisin cáiliú chun freastal mar sheanóirí.

  • Cén sórt fir iad na cúntóirí?

  • Cén chaoi a gcabhraíonn na cúntóirí le riaradh an phobail?

FAIGH TUILLEADH EOLAIS

Is féidir leat aithne a chur ar na seanóirí agus ar na cúntóirí de réir a chéile gach uair a théann tú go dtí na cruinnithe.

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn