Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • yc ceacht 4 leathanaigh 10-11
  • Bhí a hAthair agus Iehova Sásta léi

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Bhí a hAthair agus Iehova Sásta léi
  • Ag Foghlaim Le Chéile Ó Dhia
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Geallúint Iefta
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
  • Gealltanas Iaftá
    Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
Ag Foghlaim Le Chéile Ó Dhia
yc ceacht 4 leathanaigh 10-11
Iaftá ag caitheamh ama lena iníon nuair a bhí sí ina cailín beag

CEACHT 4

Bhí a hAthair Agus Iehova Sásta Léi

Iaftá ag guí chuig Iehova le linn don arm Iosraeilíteach a bheith ag troid in aghaidh a namhad

Cén gealltanas atá á thabhairt ag Iaftá do Iehova?

Iaftá ag tabhairt barróg dá iníon a thagann amach roimhe tar éis dó filleadh abhaile ón gcath

Cé nach raibh sé éasca, rinne iníon Iaftá an rud a bhí geallta ag a hathair

An bhfeiceann tú an cailín sa phictiúr?— Is iníon í le fear darb ainm Iaftá. Cé nach luann an Bíobla a hainm, insíonn sé dúinn go raibh a hathair agus Iehova sásta léi. Tá tuilleadh le foghlaim againn fúithi féin agus a hathair, Iaftá.

B’fhear maith é Iaftá agus chaith sé go leor ama ag múineadh dá iníon faoi Iehova. B’fhear láidir é freisin agus ceannaire maith. Sin é an fáth ar iarr na hIosraeilítigh air ceannas a ghlacadh sa troid in aghaidh a naimhde.

Ghuigh Iaftá chun Dé ag iarraidh air an bua a thabhairt dó. Gheall Iaftá dá mbeadh an bua aige, go dtabharfadh sé do Iehova an chéad duine a thiocfadh amach as a theach nuair a d’fhillfeadh sé abhaile. Bheadh ar an té sin an chuid eile dá shaol a chaitheamh ina chónaí agus ag obair ag taibearnacal Dé. Ba é an taibearnacal an áit a théadh na daoine chun Dia a adhradh ag an am sin. Bhuel, bhí an bua ag Iaftá! An bhfuil a fhios agat cén chéad duine a tháinig amach as a theach nuair a d’fhill sé abhaile?—

Sea, a iníon! Cé nach raibh aige ach í, chaithfeadh sé scaradh léi. Chuir sé seo an-bhrón air. Ach ná déan dearmad ar a ghealltanas. Ar an bpointe dúirt a iníon: ‘A athair, thug tú gealltanas do Iehova, caithfidh tú é a chomhlíonadh.’

Iníon Iaftá ag bailiú adhmaid don taibernacal; tá a cairde tagtha ar cuairt chuici

Thug a cairde cuairt ar iníon Iaftá gach bliain

Bhí iníon Iaftá faoi bhrón freisin. Ag an taibearnacal ní fhéadfadh sí pósadh agus páistí a bheith aici. Ach ba é mian a croí gealltanas a hathar a chomhlíonadh agus Iehova a shásamh. Ba thábhachtaí di é seo ná pósadh nó páistí a bheith aici. Mar sin, d‘fhág sí an baile agus chaith sí an chuid eile dá saol ina cónaí ag an taibearnacal.

An gceapann tú gur chuir an rud a rinne sí áthas ar Iehova agus ar a hathair?— Cinnte chuir! Má bhíonn tusa umhal do Iehova agus má thugann tú grá dó, is féidir leat a bheith cosúil le hiníon Iaftá. Cuirfidh tusa áthas ar do thuismitheoirí agus ar Iehova, mar a rinne sise.

LÉIGH I DO BHÍOBLA

  • Deotranaimí 6:4-6

  • Breithiúna 11:30-40

  • 1 Corantaigh 7:32-34

CEISTEANNA:

  • Cérbh é Iaftá? Céard a gheall sé?

  • Cén fáth a raibh sé deacair ar iníon Iaftá an rud a bhí geallta ag a hathair a dhéanamh?

  • Cén mhian croí a bhí ag iníon Iaftá?

  • Cén chaoi ar féidir leatsa a bheith cosúil le hiníon Iaftá?

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn