Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • yc ceacht 6 leathanaigh 14-15
  • Ní Raibh Faitíos ar Dháiví

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Ní Raibh Faitíos ar Dháiví
  • Ag Foghlaim Le Chéile Ó Dhia
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Dáiví agus Góla
    Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • Dáibhí Agus Goliat
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
  • Is Mian Leis na hIosraeilítigh go gCeapfaí Rí
    An Bíobla—Cén Teachtaireacht atá Ann?
Ag Foghlaim Le Chéile Ó Dhia
yc ceacht 6 leathanaigh 14-15

CEACHT 6

Ní Raibh Faitíos ar Dháiví

Céard a dhéanann tusa nuair a bhíonn faitíos ort?— B’fhéidir go dtéann tú go dtí do Mhamaí agus do Dhaidí chun cabhair a fháil. Ach cé eile atá ann a d’fhéadfá cabhair a fháil uaidh, atá níos cumhachtaí ná aon duine?— Iehova. Breathnóimid anois ar fhear óg sa Bhíobla darb ainm Dáiví. Bhí a fhios aigesean go dtabharfadh Iehova cabhair dó i gcónaí, agus dá bhrí sin ní raibh aon fhaitíos air.

Ón am a raibh sé ina pháiste, mhúin a thuismitheoirí do Dháiví le grá a thabhairt do Iehova. Chuidigh sé seo leis gan faitíos a bheith air, nuair a tharla drochrudaí dó. Bhí a fhios aige go raibh Iehova mar Chara aige agus go dtacódh sé leis. Uair amháin, nuair a bhí Dáiví ag tabhairt aire do chaoirigh, tháinig leon mór agus sciob sé caora leis ina bhéal! An bhfuil a fhios agat céard a rinne Dáiví? Lean sé den leon agus is cosúil gur mharaigh sé é lena dhá lámh. Uair eile, nuair a rinne béar ionsaí ar na caoirigh, mharaigh Dáiví an béar freisin. Meas tú cé a bhí ag cuidiú le Dáiví?— Iehova.

Bhí uair eile fós ann nuair a bhí Dáiví an-chróga. Bhí na hIosraeilítigh ag troid in aghaidh dream ar a dtugtar na Filistínigh. Bhí duine de na saighdiúirí Filistíneach an-ard ar fad, mar a bheadh fathach ann! Góla an t-ainm a bhí air. Bhí an fathach seo ag magadh faoi na hIosraeilítigh agus faoi Iehova. Bhí Góla ag tabhairt dúshlán na saighdiúirí Iosraeilíteacha é a throid. Ach bhí na hIosraeilítigh ar fad ag creathadh le faitíos roimhe. Nuair a chuala Dáiví faoi dúirt sé le Góla: ‘Troidfidh mise thú! Cuideoidh Iehova liom, agus gheobhaidh mé an ceann is fearr ort!’ An gceapann tú go raibh Dáiví cróga?— Bhí sé an-chróga. An bhfuil tú ag iarraidh a fháil amach céard a tharla ansin?

Thug Dáiví leis a chrann tabhaill agus cúig chloch mhíne, agus chuaigh sé amach chun an fathach a throid. Nuair a chonaic Góla chomh hóg is a bhí Dáiví, thosaigh sé ag magadh faoi. Ach dúirt Dáiví leis: ‘Tá tusa ag teacht chugamsa le claíomh, ach tá mise ag teacht chugatsa in ainm Iehova!’ Ansin chuir sé cloch ina chrann tabhaill, rith sé i dtreo Ghóla, agus scaoil sé an chloch leis. Bhuail an chloch Góla idir an dá shúil! Thit an fathach, mín marbh! Tháinig an oiread sin faitís ar na Filistínigh gur theith siad. Cén chaoi a raibh buachaill óg ar nós Dáiví in ann an ceann is fear a fháil ar fhathach?— Chuidigh Iehova leis, agus bhí Iehova i bhfad níos cumhachtaí ná an fathach sin!

Maraíonn Dáiví Góla

Ní raibh faitíos ar Dháiví mar bhí a fhios aige go gcabhródh Iehova leis

Céard is féidir leatsa a fhoghlaim ó scéal Dháiví?— Is é Iehova an té is cumhachtaí ar fad. Agus is é do Chara é. Mar sin an chéad uair eile a mbeidh faitíos ortsa, cuimhnigh go bhfuil Iehova in ann cabhrú leat a bheith cróga!

LÉIGH I DO BHÍOBLA

  • Salm 56:4, 5

  • 1 Samúéil 17:20-54

CEISTEANNA:

  • Céard a rinne Dáiví nuair a d’ionsaigh leon agus béar a chuid caorach?

  • Nuair a bhí Góla ag magadh faoi Iehova, céard a dúirt Dáiví leis?

  • Cén chaoi a bhfuair Dáiví an ceann is fearr ar Ghóla?

  • Cén fáth nach raibh faitíos ar Dháiví roimh an leon, an béar, ná an fathach?

  • Céard is féidir leatsa a fhoghlaim ó scéal Dháiví?

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn