Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • bhs caibidil 14 leathanaigh 145-153
  • Is Féidir Le Do Theaghlach a Bheith Sona Sásta

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Is Féidir Le Do Theaghlach a Bheith Sona Sásta
  • Céard Go Díreach a Mhúineann An Bíobla?
  • Fotheidil
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • CÚRAIMÍ AN FHIR CHÉILE
  • CÚRAIMÍ NA MNÁ CÉILE
  • CÚRAIMÍ NA dTUISMITHEOIRÍ
  • DUALGAS NA bPÁISTÍ
  • IS FÉIDIR LE DO THEAGHLACH A BHEITH SONA SÁSTA
  • Saol Clainne a Thugann Taitneamh do Dhia
    Céard Atá Dia a Iarraidh Orainne?
  • Cén Chaoi ar Féidir Leat Saol Sona Teaghlaigh a Bheith Agat?
    Éist le Dia agus Mair go Deo
  • Cén Chaoi Ar Féidir Le Do Theaghlach a Bheith Sona?​—Cuid 1
    Mair Go Sona Go Deo!—Cúrsa Idirghníomhach ar an mBíobla
Céard Go Díreach a Mhúineann An Bíobla?
bhs caibidil 14 leathanaigh 145-153

CAIBIDIL A CEATHAIR DÉAG

Is Féidir Le Do Theaghlach A Bheith Sona Sásta

1, 2. Céard atá Iehova ag iarraidh do theaghlaigh?

IS É IEHOVA a bhunaigh an chéad phósadh. Deir an Bíobla gur chruthaigh sé an chéad bhean “agus thug chun an duine í.” Bhí Ádhamh chomh lúcháireach sin go ndúirt sé: “Is cnámh de mo chnámha-sa í seo ar deireadh, Agus is feoil de m’fheoil-se í.” (Geineasas 2:22, 23) Léiríonn sé seo dúinn go bhfuil Iehova ag iarraidh ar lánúineacha pósta a bheith sona sásta.

2 Faraor, tá go leor daoine nach raibh saol sona teaghlaigh acu riamh. Tá a lán prionsabail sa mBíobla, áfach, a spreagfaidh gach duine sa gclann le cur le sonas an teaghlaigh.—Lúcás 11:28.

CÚRAIMÍ AN FHIR CHÉILE

3, 4. (a) Cén chaoi ar cheart d’fhear caitheamh lena bhean chéile? (b) Cén fáth a bhfuil sé tábhachtach go dtabharfadh lánúin phósta maithiúnas dá chéile?

3 Deir an Bíobla gur chóir d’fhear céile grá agus meas a bheith aige dá bhean. Léigh Eifisigh 5:25-29 le do thoil. Tá sé de dhualgas ar fhear céile caitheamh go maith lena bhean i gcónaí. Cosnóidh sé í freisin, agus tabharfaidh sé aire di, agus ní dhéanfaidh sé aon rud a dhéanfadh dochar di.

4 Céard is ceart d’fhear céile a dhéanamh nuair a dhéanann a bhean botúin? Is í an chomhairle a thugann an Bíobla: “Bíodh grá agaibh do bhur mná agus gan bheith garg leo.” (Colosaigh 3:19) A fhir chéile, cuimhnigh go ndéanann tusa botúin chomh maith. Má tá tú ag iarraidh maithiúnas ar Dhia, caithfidh tú féin maithiúnas a thabhairt do do bhean. (Matha 6:12, 14, 15) Nuair atá fear agus bean chéile sásta maithiúnas a thabhairt dá chéile, cabhraíonn sé leo pósadh sona a bheith acu.

5. Cén fáth ar cheart d’fhear onóir a thabhairt dá bhean?

5 Tá Iehova ag iarraidh go dtabharfaidh fear onóir dá bhean chéile. Ní mór d’fhear fios a bheith aige ar riachtanais a mhná. Is rud an-thromchúiseach é seo. Mura gcaitheann fear go maith lena bhean, ní éistfidh Iehova lena chuid paidreacha. (1 Peadar 3:7) Is de réir a ndílseacht a thugann Iehova breith ar dhaoine. Is cuma fir nó mná iad, tá siad chomh luachmhar céanna i súile Dé.

6. Céard a chiallaíonn sé go mbeadh lánúin phósta mar “aon cholainn amháin”?

6 Dúirt Íosa faoi lánúin phósta: “Ní beirt iad feasta ach aon cholainn amháin.” (Matha 19:6) Bíonn siad dílis dá chéile i gcónaí. (Seanfhocail 5:15-21; Eabhraigh 13:4) Ba chóir do lánúin phósta a bheith neamhleithleach ina gcaidreamh collaí. (1 Corantaigh 7:3-5) Ba chóir d’fhear céile cuimhneamh nach “raibh aon duine riamh a thug fuath dá cholainn féin; is amhlaidh a dhéanann sé í a chothú agus a chumhdach.” Mar sin, ba chóir dó grá a bheith aige dá bhean. Thar aon ní eile, tá bean chéile ag iarraidh go mbeadh a fear cineálta agus grámhar léi.—Eifisigh 5:29.

CÚRAIMÍ NA MNÁ CÉILE

7. Cén fáth a dteastaíonn ceann teaghlaigh?

7 Teastaíonn ceann teaghlaigh i ngach clann, duine a threoróidh iad, chun go n-oibreoidh siad go maith le chéile. Deir an Bíobla i 1 Corantaigh 11:3: “Ba mhaith liom go dtuigfeadh sibh, áfach, go bhfuil Críost ina cheann ar gach fear, go bhfuil an fear ina cheann ar a bhean agus go bhfuil Dia ina cheann ar Chríost.”

8. Cén chaoi ar féidir le bean meas a thaispeáint dá fear céile?

8 Déanann gach fear céile botúin. Ach nuair a thacaíonn bean chéile le cinntí a fir, téann sé chun tairbhe don chlann go léir. (1 Peadar 3:1-6) Deir an Bíobla: “Tugadh an bhean ómós dá fear.” (Eifisigh 5:33) Céard faoin mbean nach bhfuil an creideamh céanna ag a fear is atá aici féin? Fós féin, ní mór di ómós a thabhairt dó. Deir an Bíobla: “A mhná, bígí umhal do bhur bhfir chéile, i dtreo má tá cuid acu gan géilleadh don bhriathar, go ndéanfaí iad a ghnóthú gan bhriathar trí iompar a gcuid ban, nuair a gheobhaidh siad radharc ar bhur n-iompar urramach geanmnaí.” (1 Peadar 3:1, 2) Is minic a chothaíonn fear céile meas ar chreideamh a bhean de bharr a dea-iompar.

9. (a) Céard is ceart do bhean chéile a dhéanamh mura n-aontaíonn sí lena fear? (b) Cén chomhairle a thugann Títeas 2:4, 5 do mhná céile?

9 Céard is féidir le bean a dhéanamh mura n-aontaíonn sí lena fear? Is cóir di a tuairimí a chur in iúl go hómósach. Mar shampla, dúirt Sárá rud éigin le hAbrahhám nár thaitin leis, ach dúirt Iehova leis cluas éisteachta a thabhairt di. (Geineasas 21:9-12) Is annamh a dhéanann fear céile Críostaí cinneadh a théann in aghaidh an Bhíobla, mar sin ba cheart dá bhean tacú leis. (Gníomhartha 5:29; Eifisigh 5:24) Tabharfaidh bean chéile mhaith aire don chlann. (Léigh Títeas 2:4, 5.) Nuair a fheicfidh a fear céile agus a páistí an obair chrua a dhéanann sí, méadóidh a ngrá di.—Seanfhocail 31:10, 28.

Éisteann Abrahám le Sárá

Cén chaoi a bhfuil Sárá ina dea-shampla do mhná céile?

10. Céard atá ráite sa mBíobla faoi scaradh agus faoi cholscaradh?

10 Uaireanta déanann lánúineacha pósta cinneadh scaradh óna chéile nó colscaradh a fháil. Ach deir an Bíobla “ná tréigeadh bean a fear céile,” agus “ná scaoileadh fear a bhean chéile uaidh.” (1 Corantaigh 7:10, 11) Bíonn cúinsí as an ngnáth ann a chuireann ar lánúin scaradh óna chéile, ach is cinneadh tromchúiseach é seo. Céard faoi cholscaradh? Tá sé ráite sa mBíobla nach bhfuil colscaradh ceadmhach ach i gcás amháin, sé sin má bhíonn caidreamh gnéis taobh amuigh den phósadh ag an bhfear nó ag an mbean chéile.—Matha 19:9.

CÚRAIMÍ NA dTUISMITHEOIRÍ

1. Caitheann Íosa am le páistí; 2. Déanann athair plé ar an leabhar Learn From the Great Teacher lena mhac

Is dea-shampla é Íosa do gach duine sa gclann

11. Céard é an rud is mó a theastaíonn uaidh pháistí?

11 A Thuismitheoirí, caith an oiread ama agus is féidir libh le bhur bpáistí. Tá gá acu le bhur n-aird, agus thar aon ní eile, tá gá acu go múinfeadh sibh dóibh faoi Iehova.—Deotranaimí 6:4-9.

12. Céard is cheart do thuismitheoirí a dhéanamh chun a bpáistí a chosaint?

12 Tá domhan Shátain ag dul in olcas, agus tá daoine ann ar mhaith leo dochar a dhéanamh do bhur bpáistí, fiú ionsaí gnéasach a dhéanamh orthu. Bíonn sé deacair ag go leor tuismitheoirí labhairt faoin ábhar seo. Ach ba cheart páistí a chur ar an airdeall faoi dhaoine mar seo, agus iad a chur ar an eolas faoin mbealach is fearr leis na daoine seo a sheachaint. A thuismitheoirí, caithfidh sibh bhur bpáistí a chosaint.a—1 Peadar 5:8.

13. Cén chaoi ar chóir do thuismitheoirí a bpáistí a mhúineadh?

13 Is ar thuismitheoirí atá an fhreagracht smacht a chur ar a gcuid páistí. Teastaíonn traenáil uathu, ach ní ceart iad a cheartú go dian ná go cruálach riamh. (Irimia 30:11) Mar sin ná smachtaigh do chuid páistí nuair atá fearg ort. Níl tú ag iarraidh go mbeadh do chuid focail ar nós “sá claímh” ag gortú do chuid páistí. (Seanfhocail 12:18) Tabhair tuiscint do do pháistí ar an gcúis ar cheart dóibh a bheith umhal.—Eifisigh 6:4; Eabhraigh 12:9-11; féach Aguisín 30.

DUALGAS NA bPÁISTÍ

14, 15. Cén fáth ar cheart do pháistí a bheith umhal dá dtuismitheoirí?

14 Bhí Íosa umhal dá Athair i gcónaí, fiú nuair nach raibh sé éasca. (Lúcás 22:42; Eoin 8:28, 29) Tá Iehova ag iarraidh go mbeidh páistí umhal dá dtuismitheoirí.—Eifisigh 6:1-3.

15 A Pháistí, fiú má cheapann tú go bhfuil sé deacair a bheith umhal do do thuismitheoirí, bíodh a fhios agat go mbíonn Iehova agus do thuismitheoirí sásta leat, nuair a bhíonn tú umhal.b—Seanfhocail 1:8; 6:20; 23:22-25.

Diúltaíonn buachaill toitíní a chaitheamh

Céard a chabhróidh le daoine óga a bheith umhal do Dhia nuair a chuirtear cathú orthu an rud mícheart a dhéanamh?

16. (a) Cén chaoi a gcuireann Sátan cathú ar dhaoine óga drochrudaí a dhéanamh? (b) Cén fáth a bhfuil sé tábhachtach cairde a bhfuil grá acu d’Iehova a roghnú?

16 Is féidir leis an Diabhal tionchar a imirt ar do chuid cairde, chun cathú a chuir ort an rud mícheart a dhéanamh. Tá a fhios aige go bhfuil sé an-deacair seasamh in aghaidh an bhrú seo. Mar shampla, bhí cairde nár ghráigh Iehova ag Díneá, iníon Iacóib. Tharraing sé seo go leor trioblóide uirthi féin agus ar a clann. (Geineasas 34:1, 2) Mura bhfuil grá ag do chairde d’Iehova, b’fhéidir go gcuirfidís cathú ort rud éigin a dhéanamh nach mbeadh Iehova sásta leis. D’fhéadfadh sé seo a bheith ina ábhar dóláis duit féin, do do chlann, agus do Dhia. (Seanfhocail 17:21, 25) Sin é an fáth a bhfuil sé an-tábhachtach cairde a bheith agat a bhfuil grá acu d’Iehova.—1 Corantaigh 15:33.

IS FÉIDIR LE DO THEAGHLACH A BHEITH SONA SÁSTA

17. Cén freagracht atá ar gach duine sa gclann?

17 Nuair a leanann gach duine sa gclann comhairle Dé, seachnaíonn siad go leor fadhbanna. Mar sin, más fear céile tú, bíodh grá agat do do bhean agus caith go grámhar léi. Más bean chéile tú, bíodh ómós agat do d’fhear céile agus lean dea-shampla na mná céile a bhfuil cur síos uirthi i Seanfhocail 31:10-31. Más tuismitheoir tú, múin do do pháistí le grá a bheith acu do Dhia. (Seanfhocail 22:6) Más athair tú, ‘bí i do cheann maith ar do theaghlach féin.’ (1 Tiomóid 3:4, 5; 5:8) A pháistí, bígí umhal do bhur dtuismitheoirí. (Colosaigh 3:20) Cuimhnigh go ndéanann gach duine sa gclann botúin, mar sin bí uiríseal agus iarr maithiúnas ar a chéile.

a Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoin gcaoi is fearr le do pháistí a chosaint i gcaibidil 32 den leabhar Learn From the Great Teacher, atá foilsithe ag Finnéithe Iehova.

b Ní gá do pháiste a bheith umhal dá thuismitheoirí má tá siad ag iarraidh air rud éigin a dhéanamh atá in aghaidh dlí Dé.—Gníomhartha 5:29.

ACHOIMRE

FÍRINNE 1: BHUNAIGH IEHOVA AN TEAGHLACH

“Sin é an fáth a dtéim ar mo ghlúine i bhfianaise an Athar óna n-ainmnítear gach clann ar neamh agus ar talamh.”—Eifisigh 3:14, 15

Cén chaoi ar féidir le do theaghlach a bheith sona sásta?

  • Geineasas 1:26-28

    Bhunaigh Iehova an chéad teaghlach.

  • Eifisigh 5:1, 2

    Ní mór aithris a dhéanamh ar Iehova agus ar Íosa chun saol sona teaghlaigh a bheith agat.

FÍRINNE 2: CÚRAIMÍ AN LÁNÚIN PHÓSTA

“Grádh gach duine agaibhse a bhean . . . agus tugadh an bhean ómós dá fear.”—Eifisigh 5:33

Cén chaoi ar cheart do lánúin phósta caitheamh lena chéile?

  • Eifisigh 5:22-29

    Tá dualgas ar an bhfear céile aire a thabhairt don chlann. Is cóir dó grá a bheith aige dá bhean, agus is cóir d’ise tacú leis.

  • Colosaigh 3:19; 1 Peadar 3:4

    Ní mór dóibh a bheith cineálta agus tuisceanach lena chéile.

  • 1 Peadar 3:1, 2, 7

    Is cóir do lánúin phósta onóir agus ómós a thabhairt dá chéile.

  • 1 Tiomóid 5:8; Títeas 2:4, 5

    Tá dualgas ar an bhfear céile riar a gcáis a sholáthar dá chlann. Is cóir don bhean chéile aire mhaith a thabhairt dá teaghlach.

FÍRINNE 3: CÚRAIMÍ NA dTUISMITHEOIRÍ

“A aithreacha, ná déanaigí bhur leanaí a chiapadh, ach iad a thógáil faoi oiliúint agus smacht an Tiarna.”—Eifisigh 6:4

Cé na cúraimí atá ar thuismitheoirí?

  • Deotranaimí 6:4-9; Seanfhocail 22:6

    Ní mór daoibh am a chur ar leataobh chun múineadh do bhur bpáistí faoi Iehova. Cabhraigh go foighneach le gach páiste, ó aois an-óg, le bheith ina chara ag Iehova.

  • 1 Peadar 5:8

    Cuir do chuid páistí ar an eolas maidir leis an mbealach is fearr le hionsaí gnéasach, agus contúirtí eile, a sheachaint.

  • Irimia 30:11; Eabhraigh 12:9-11

    Ní mór daoibh bhur bpáistí a smachtú, ach ná bí dian ná cruálach riamh.

FÍRINNE 4: DUALGAS NA bPÁISTÍ

“A leanaí, bígí umhal do bhur dtuismitheoirí.”—Eifisigh 6:1

A pháistí, cén fáth ar cheart daoibh a bheith umhal do bhur dtuismitheoirí?

  • Seanfhocail 23:22-25; Colosaigh 3:20

    Cuirfidh d’umhlaíocht áthas ar Iehova agus ar do thuismitheoirí.

  • 1 Corantaigh 15:33

    Déan cairdeas le daoine a bhfuil grá acu d’Iehova. Ansin, beidh sé níos éasca agat an rud ceart a dhéanamh.

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn