Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • bhs caibidil 19 leathanaigh 197-206
  • Druid i gCóngar Iehova

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Druid i gCóngar Iehova
  • Céard Go Díreach a Mhúineann An Bíobla?
  • Fotheidil
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • GLAC GRÁ DÉ
  • LEAN ORT AG COTHÚ DLÚTHCHAIRDEAS LE hIEHOVA
  • AG LABHAIRT LE DAOINE EILE FAOI IEHOVA
  • AN BHEATHA SHÍORAÍ
  • Maireann Grá Dé go Deo
    Cumhdaígí Sibh Féin i nGrá Dé
  • Lean Ort ag Neartú i do Ghrá
    An Túr Faire ag Fógairt Ríocht Iehova (Staidéar)—2023
Céard Go Díreach a Mhúineann An Bíobla?
bhs caibidil 19 leathanaigh 197-206

CAIBIDIL A NAOI DÉAG

Druid i gCóngar Iehova

1, 2. Cén áit ar féidir linn faoiseamh a fháil inniu?

SAMHLAIGH go bhfuil tú ag siúl taobh amuigh lá stoirme. Éiríonn an spéir dorcha, tá lasracha ann, agus tosaíonn toirneach. Tosaíonn sé ag díle báistigh. Cuardaíonn tú áit le dul ar foscadh. Bíonn ríméad ort nuair a fhaigheann tú áit ina mbeidh tú slán sábháilte agus tirim!

2 Is é an cás céanna againn inniu é. Tá cúinsí domhanda ag dul in olcas. B’fhéidir go bhfiafraíonn tú díot féin ‘Cén áit ar féidir liom tearmann, nó dídean, a fháil?’ Deir scríbhneoir Salm 91: “Mo dhídean is mo dhaingean tú; mo Dhia ina bhfuil mo dhóchas.” (Salm 91:2) Go deimhin, tá Iehova in ann faoiseamh a thabhairt dúinn ónár bhfadhbanna anois, agus dóchas buan a thabhairt dúinn don todhchaí.

3. Cén chaoi ar féidir linn Iehova a bheith mar thearmann againn?

3 Cén chaoi ar féidir le hIehova muid a chosaint? Tá sé in ann cabhrú linn déileáil le haon fhadhb atá againn, agus tá sé i bhfad níos cumhachtaí ná aon duine atá ag iarraidh dochar a dhéanamh dúinn. Fiú má tharlaíonn drochrud dúinn anois, tá Iehova in ann é sin a chur ina cheart amach anseo. Deir an Bíobla linn: “Cumhdaígí sibh féin i ngrá Dé.” (Iúd 21) Ní mór dúinn caidreamh buan a choinneáil le Dia más linn cabhair a fháil uaidh in am an ghátair. Cén chaoi ar féidir linn é sin a dhéanamh?

GLAC GRÁ DÉ

4, 5. Cén chaoi a léiríonn Iehova a ghrá dúinn?

4 Má choinníonn muid i gcuimhne an grá atá ag Iehova dúinn cabhróidh sé linn caidreamh buan seasmhach a bheith againn leis i gcónaí. Smaoinigh ar an méid atá déanta ag Iehova ar ár son. Tá domhan álainn tugtha aige dúinn atá lán de phlandaí agus d’ainmhithe iontacha. Tá bia blasta tugtha aige dúinn le hithe, chomh maith le huisce glan. Chuir sé an Bíobla ar fáil ionas go mbeadh eolas againn ar a ainm agus ar na tréithe iontacha atá aige. Thar aon ní eile, chuir sé in iúl a ghrá dúinn nuair a chuir sé uaidh a Mhac muirneach, Íosa, chun a bheatha a thabhairt ar ár son. (Eoin 3:16) Agus de bharr na híobartha sin, tá dóchas iontach againn don todhchaí.

5 Tá Ríocht bunaithe ag Iehova, a rialóidh ó neamh agus a chuirfidh deireadh go luath le gach olc. Déanfaidh an Ríocht parthas den talamh, áit a mbeidh gach duine in ann maireachtáil go sona suaimhneach go brách. (Salm 37:29) Tá grá Iehova le feiceáil sa méid is go múineann sé dúinn an chaoi is fearr le maireachtáil sa lá atá inniu ann. Tugann sé cuireadh dúinn guí chuige, agus tá sé réidh i gcónaí le héisteacht lenár bpaidreacha. Tá an grá atá ag Iehova do gach duine againn léirithe go soiléir aige.

6. Cén chaoi ar cheart duit grá Iehova a ghlacadh?

6 Cén chaoi ar féidir grá Iehova a ghlacadh? Taispeáin dó go bhfuil tú buíoch as gach atá déanta aige duit. Faraor, tá cuid mhaith daoine inniu atá míbhuíoch. Ba é an scéal céanna é nuair a bhí Íosa ar talamh. Uair amháin, leigheas Íosa deichniúr lobhar, ach níor ghlac buíochas leis ach aon duine amháin acu. (Lúcás 17:12-17) Tá muidne ag iarraidh a bheith ar nós an fhir a ghlac buíochas le hÍosa agus a bheith buíoch d’Iehova i gcónaí.

7. Cén sórt grá nach mór dúinn a bheith againn d’Iehova?

7 Ní foláir dúinn an grá atá againn d’Iehova a chur in iúl dó freisin. Dúirt Íosa lena dheisceabail gur chóir dóibh Iehova a ghrá lena gcroí go hiomlán, lena n-anam go hiomlán, agus lena n-aigne go hiomlán. (Léigh Matha 22:37.) Cén bhrí atá leis seo?

8, 9. Cén chaoi a gcuireann muid in iúl d’Iehova go bhfuil grá againn dó?

8 An leor a rá go bhfuil grá againn d’Iehova? Ní leor. Má ghránn muid Iehova ónár gcroí go hiomlán, ónár n-anam go hiomlán, agus ónár n-aigne go hiomlán, beidh sé le feiceáil sna rudaí a dhéanann muid. (Matha 7:16-20) De réir an Bhíobla, má tá grá againn do Dhia comhlíonfaidh muid a aitheanta. An bhfuil sé sin deacair? Níl, mar “ní tromualach a aitheanta.”—Léigh 1 Eoin 5:3.

9 Nuair a bhíonn muid umhal d’Iehova, bíonn saol sona sásta againn. (Íseáia 48:17, 18) Ach céard a chabhróidh leat fanacht umhal d’Iehova? Feicfidh muid.

LEAN ORT AG COTHÚ DLÚTHCHAIRDEAS LE hIEHOVA

10. Cén fáth nach mór duit leanúint ort ag foghlaim faoi Iehova?

10 Cén chaoi ar tharla sé go bhfuil tú i do chara ag Iehova? Trí do staidéar ar an mBíobla chuir tú aithne níos fearr air agus chothaigh tú cairdeas leis. Tá an cairdeas seo mar a bheadh tine ann atá tú ag iarraidh a choinneáil ar lasadh. Díreach mar a theastaíonn breosla chun tine a choinneáil lasta, ní mór duit leanúint ort ag foghlaim faoi Iehova chun do chairdeas leis a choinneáil dlúth.—Seanfhocail 2:1-5.

Fear á théamh féin os comhair na tine

Cosúil le tine, caithfidh tú do ghrá d’Iehova a chothú ionas go gcoinneoidh do chroí ag lasadh le grá dó

11. Cén chaoi a dtiocfaidh teagasca an Bhíobla i gcion ort?

11 De réir mar a dhéanann tú staidéar ar an mBíobla, beidh tú ag foghlaim rudaí a thiocfaidh i gcion go mór ort. Tabhair faoi deara an chaoi ar mhothaigh beirt de dheisceabail Íosa nuair a bhí Íosa ag míniú tairngreachtaí an Bhíobla dóibh. Dúirt siad: “Nach raibh ár gcroí ar lasadh ionainn le linn dó bheith ag labhairt linn feadh na slí, agus é ag nochtadh na scrioptúr dúinn?”—Lúcás 24:32.

12, 13. (a) Céard a d’fhéadfadh tarlú don ghrá atá againn d’Iehova? (b) Cén chaoi ar féidir linn ár ngrá d’Iehova a choinneáil beo?

12 Díreach mar a chuaigh sé i gcion go mór ar na deisceabail nuair a thuig siad na scrioptúir, b’fhéidir go bhfuair tusa ardú meanma freisin nuair a thosaigh tú ag tuiscint an Bhíobla. Chabhraigh sé seo leat leanúint ort ag cur aithne ar Iehova agus grá a bheith agat dó. Níl tú ag iarraidh go dtiocfaidh meath ar do ghrá.—Matha 24:12.

13 Ní mór duit oibriú go crua chun do chaidreamh le hIehova a choinneáil láidir ón tús. Lean ort ag foghlaim faoi Iehova agus faoi Íosa, agus ag cur na rudaí atá tú a fhoghlaim i bhfeidhm i do shaol. (Eoin 17:3) Nuair a léann tú an Bíobla, fiafraigh: ‘Céard a insíonn sé seo dom faoi Iehova Dia? Cén fáth ar cheart dom é a ghrá ó mo chroí agus ó m’anam go hiomlán?’—1 Tiomóid 4:15.

14. Cén chaoi a gcabhraíonn ár bpaidreacha linn ár ngrá d’Iehova a choinneáil láidir?

14 Nuair a bhíonn dlúthchara agat, labhraíonn tú leis go rialta, coinníonn sé seo an caidreamh atá eadraibh láidir. Ar an gcaoi chéanna nuair a ghuíonn muid chuig hIehova go rialta, coinníonn sé an grá atá againn dósan láidir. (Léigh 1 Teasalónaigh 5:17.) Is bronntanas iontach é a bheith in ann labhairt le hIehova i bpaidir. Is cóir dúinn labhairt leis i gcónaí ónár gcroí amach. (Salm 62:9 [62:8 i mBíoblaí eile]) Ní cheart dúinn a bheith ag athrá paidreacha atá foghlamtha de ghlanmheabhair againn, ach a bheith i ndáiríre faoi na rudaí atá le rá againn. Go deimhin, má leanann muid orainn ag staidéar an Bhíobla agus ag guí ónár gcroí amach, coinneoidh muid láidir ár ngrá d’Iehova.

AG LABHAIRT LE DAOINE EILE FAOI IEHOVA

15, 16. Cén dearcadh atá agat ar chraobhscaoileadh an dea-scéil?

15 Má tá muid ag iarraidh ár ndlúthchairdeas le hIehova a choinneáil láidir, ní mór dúinn labhairt le daoine eile faoinár gcreideamh. Is pribhléid mhór í a bheith ag labhairt le daoine eile faoi Iehova. Is dualgas é a chuir Íosa ar gach fíorChríostaí. Is cóir do gach duine againn dea-scéal Ríocht Dé a chraobhscaoileadh. An bhfuil tú á dhéanamh seo?—Matha 24:14; 28:19, 20.

16 Ba í tuairim an aspail Pól go raibh craobhscaoileadh an dea-scéil an-luachmhar, agus thug sé “an tseoid” air. (2 Corantaigh 4:7) Is í seo an obair is tábhachtaí is féidir leat a dhéanamh. Is bealach é le freastal ar Iehova, agus tá sé buíoch as gach a ndéanann tú ar a shon. (Eabhraigh 6:10) Téann an craobhscaoileadh chun tairbhe duit féin agus dóibh siúd a éisteann leat, mar cabhraíonn sé leatsa agus leosan caidreamh a chothú le hIehova. (Léigh 1 Corantaigh 15:58.) An bhfuil aon obair eile ann a mbeifeá in ann an sásamh céanna a bhaint aisti?

17. Cén fáth a bhfuil an obair chraobhscaoilte an-phráinneach?

17 Tá an obair chraobhscaoilte an-phráinneach. Is cóir dúinn “an briathar a fhógairt” agus é a dhéanamh “i dtráth agus in antráth.” (2 Tiomóid 4:2) Tá sé tábhachtach go gcloisfeadh daoine faoi Ríocht Dé. Deir an Bíobla: “Tá lá mór an Tiarna in achmaireacht; tá sé sa chóngar agus é ag teacht faoi lánluas.” Ní bheidh sé deireanach. (Zafainiá 1:14; Habacúc 2:3) Scriosfaidh Iehova domhan urchóideach Shátain go luath. Sula dtarlóidh sé sin, caithfear foláireamh a thabhairt do dhaoine ionas go mbeidh siad in ann roghnú a bheith umhal d’Iehova nó gan a bheith.

18. Cén fáth ar chóir dúinn Iehova a adhradh i dteannta fíorChríostaithe eile?

18 Tá Iehova ag iarraidh go n-adhrfaidh muid é i dteannta fíorChríostaithe eile. Deir an Bíobla: “Tugaimis aird ar a chéile chun go spreagfaimid a chéile chun grá a thaispeáint dá chéile agus chun dea-oibreacha a dhéanamh. Ná fanaimis as láthair ónár gcomhthionól mar a dhéanann daoine áirithe, ach bímis ag misniú a chéile, go mór mór ó fheiceann sibh go bhfuil Lá an Tiarna ag druidim linn.” (Eabhraigh 10:24, 25) Is cóir dúinn ár ndícheall a dhéanamh a bheith ag gach cruinniú. Tugann na cruinnithe deis dúinn a chéile a spreagadh agus a neartú.

19. Céard a chabhróidh linn grá a bheith againn dár mbráithre?

19 Déanfaidh tú cairde maithe ag na cruinnithe agus cabhróidh siad leat Iehova a adhradh. Casfaidh tú le daoine cosúil leat féin atá ag déanamh a ndícheall Iehova a adhradh. Ach an oiread leat féin, níl siad foirfe agus déanann siad botúin. Mar sin, bí réidh le maithiúnas a thabhairt. (Léigh Colosaigh 3:13.) Tabhair suntas do dhea-thréithe do bhráithre i gcónaí, mar cabhróidh sé leat grá a bheith agat dóibh agus dlúthchairdeas a bheith agat le hIehova chomh maith.

AN BHEATHA SHÍORAÍ

20, 21. Céard í an bheatha shíoraí?

20 Tá Iehova ag iarraidh go mbeidh saol chomh maith agus is féidir ag a chairde. Tá sé ráite sa mBíobla go mbeidh difríocht mhór idir an saol a bheidh againn sa todhchaí agus an saol atá againn anois.

Teaghlach sona sásta i bParthas

Is mian le hIehova go mairfidh muid go deo. An mairfidh tusa?

21 Sa todhchaí mairfidh muid go deo, ní ar feadh 70 nó 80 bliain mar a mhaireann muid inniu. Beidh sláinte fhoirfe againn, síocháin agus sonas i bparthas álainn anseo ar an talamh. Deir an Bíobla go mbeidh an bheatha a bheidh againn an uair sin, “ina beatha dáiríre.” Geallann Iehova go dtabharfaidh sé dúinn an bheatha shíoraí, ach caithfidh muid ár ndícheall a dhéanamh anois chun seilbh a fháil uirthi.—1 Tiomóid 6:12, 19.

22. (a) Cén chaoi ar féidir linn seilbh a fháil ar an mbeatha shíoraí? (b) Cén fáth nach féidir linn an bheatha shíoraí a shaothrú?

22 Cén chaoi ar féidir linn seilbh a fháil ar an mbeatha shíoraí? Ní mór dúinn “an mhaith a dhéanamh” agus a “bheith saibhir i ndea-oibreacha.” (1 Tiomóid 6:18) Ciallaíonn sé seo go gcaithfidh muid an méid atá muid a fhoghlaim ón mBíobla a chur i bhfeidhm inár saol. Ag an am céanna, ní gheobhaidh muid seilbh ar an mbeatha shíoraí as ár stuaim féin. Ní féidir linn í a shaothrú. Is bronntanas í a thugann Iehova dá shearbhóntaí dílse. Is bealach amháin é seo a dtugann Dia “grásta [nó, cineáltas nach bhfuil tuillte againn]” dúinn.—Rómhánaigh 5:15.

23. Cén fáth nach mór duit na cinntí cearta a dhéanamh anois?

23 Fiafraigh díot féin: ‘An bhfuil mé ag adhradh Dé ar an mbealach a bhfuil glacadh aige leis?’ Má cheapann tú go bhfuil athruithe le déanamh agat, déan ar an bpointe iad. Beidh Iehova mar thearmann againn, má bhraitheann muid air, agus má dhéanann muid ár ndícheall a bheith umhal dó. Coinneoidh sé slán a dhaoine dílse le linn laethanta deireanacha dhomhan Shátain. Ansin déanfaidh Iehova cinnte go mairfidh muid i bParthas go deo, díreach mar atá geallta aige. Sea go deimhin, is féidir leat an bheatha shíoraí a bheith agat má dhéanann tú na cinntí cearta anois.

ACHOIMRE

FÍRINNE 1: TÁ CION AG IEHOVA ORT

“Óir ghráigh Dia an domhan chomh mór sin gur thug sé a Aonghin Mic uaidh i dtreo, gach duine a chreideann ann, nach gcaillfí é ach go mbeadh an bheatha shíoraí aige.”—Eoin 3:16

Cén chaoi a léiríonn Dia a ghrá?

  • Salm 91:2

    Is é Iehova ár ndídean. Tá sé in ann faoiseamh a thabhairt dúinn ónár bhfadhbanna.

  • Salm 37:29

    Tá dóchas buan tugtha aige dúinn don todhchaí.

  • 1 Tiomóid 6:12, 19

    Tabharfaidh Dia beatha shíoraí dúinn. Mairfidh muid go sona i bparthas agus beidh sláinte fhoirfe againn.

FÍRINNE 2: GRÁIGH IEHOVA

“Gráóidh tú do Thiarna Dia ó do chroí go hiomlán agus ó d’anam go hiomlán agus ó d’aigne go hiomlán.”—Matha 22:37

Cén chaoi a spreagann grá Dé thú?

  • Lúcás 17:12-17

    Bí buíoch do Dhia.

  • Matha 7:16-20

    Léirigh do ghrá do Dhia.

  • 1 Eoin 5:3

    Comhlíon aitheanta Dé.

  • 1 Tiomóid 6:18

    Déan do dhícheall an mhaith a dhéanamh do dhaoine eile.

FÍRINNE 3: COINNIGH DO CHAIDREAMH LE hIEHOVA BUAN

“Cumhdaígí sibh féin i ngrá Dé.”—Iúd 21

Céard a chabhróidh leat do chaidreamh le hIehova a choinneáil buan?

  • 1 Teasalónaigh 5:17

    Guí go minic.

  • Matha 28:19, 20; 2 Tiomóid 4:2

    Déan do dhícheall labhairt le daoine eile faoi Ríocht Dé.

  • Seanfhocail 2:1-5

    Lean ort ag foghlaim faoi Iehova.

  • Eabhraigh 10:24, 25

    Bí ag na cruinnithe go rialta. Cabhróidh do bhráithre leat caidreamh buan a chothú le hIehova.

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn