Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • lfb ceacht 7 lth. 24-lth. 25 alt 1
  • Túr Bháibil

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Túr Bháibil
  • Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Tógann Fir Fúr Mór
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
  • Áirc Naoi
    Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
lfb ceacht 7 lth. 24-lth. 25 alt 1
Níl na daoine in ann oibriú le chéile níos mó, tar éis d’Iehova a dteangacha a athrú

CEACHT 7

Túr Bháibil

I ndiaidh na díleann, bhí go leor páistí ag clann Naoi. Chuaigh a dteaghlaigh i méid agus thosaigh siad ag scaipeadh amach ar fud an domhain, díreach mar a d’ordaigh Iehova.

Ach bhí cuid de na teaghlaigh nach raibh umhal d’Iehova. Dúirt siad: ‘Tógfaidh muid cathair agus fanfaidh muid anseo. Déanfaidh muid túr chomh hard is go sroichfidh a bharr na flaithis. Ansin beidh muid cáiliúil.’

Ní raibh Iehova sásta leis an obair a bhí ar siúl acu, mar sin bheartaigh sé stop a chur leo. An bhfuil a fhios agat cén chaoi a ndearna sé é sin? Go tobann, chuir sé orthu labhairt i dteangacha éagsúla. Nuair nach raibh siad in ann a chéile a thuiscint, stop an obair thógála. Tugadh Báibil, a chiallaíonn “mearbhall,” mar ainm ar an gcathair a bhí siad a thógáil. Scaip na daoine ansin agus chuir siad fúthu ar fud an domhain mhóir. Ach lean siad orthu ag déanamh drochrudaí pé áit a ndeachaigh siad. An raibh aon duine a d’fhan dílis d’Iehova? Gheobhaidh muid amach sa gcéad scéal eile.

“Gach aon duine a ardaíonn é féin, ísleofar é, agus an té a íslíonn é féin ardófar é.”—Lúcás 18:14

Ceisteanna: Céard a rinne muintir Bháibil? Cén chaoi ar stop Iehova iad?

Geineasas 11:1-9

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn