Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • lfb ceacht 22 lth. 56-lth. 57 alt 3
  • Míorúilt ag an Muir Rua

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Míorúilt ag an Muir Rua
  • Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Trasnú na Mara Rua
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
  • Fuasclaíonn Dia Sliocht Iosrael
    An Bíobla—Cén Teachtaireacht atá Ann?
  • Roghnaigh Maois Iehova a Adhradh
    Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
lfb ceacht 22 lth. 56-lth. 57 alt 3
Faró agus a arm

CEACHT 22

Míorúilt ag an Muir Rua

Chomh luath is a chuala Faró go raibh an Éigipt fágtha ag na hIosraeilítigh, bhí aiféala air gur scaoil sé saor iad. D’ordaigh sé dá chuid saighdiúirí: ‘Réitígí mo charbaid cogaidh go léir agus leanfaidh muid iad. Níor cheart dúinn iad a scaoileadh saor.’ Lean sé féin agus a chuid fear na hIosraeilítigh.

Threoraigh Iehova a dhaoine go dtí an Muir Rua, le scamall sa lá agus le tine san oíche. Dúirt sé leo campa a shocrú ann.

Ansin chonaic na hIosraeilítigh go raibh Faró agus a arm ag déanamh orthu. Bhí siad sáinnithe idir an fharraige agus arm na hÉigipte. ‘Tá siad ag dul muid a mharú!’ a scread siad ar Mhaois. ‘Ba chóra duit muid a fhágáil san Éigipt.’ Dúirt Maois leo: ‘Ná bíodh faitíos oraibh. Fan go bhfeice sibh an chaoi a sábhálfaidh Iehova muid.’ Nach raibh an-mhuinín ag Maois as Iehova?

Dúirt Iehova leis na hIosraeilítigh fáil réidh le himeacht. An oíche sin chuir Iehova an scamall idir na hÉigiptigh agus na hIosraeilítigh. Bhí dorchadas ar thaobh na nÉigipteach. Ach bhí solas ar thaobh na nIosraeilíteach.

Dúirt Iehova le Maois a lámh a shíneadh amach os cionn na farraige. Ansin, chuir Iehova gaoth láidir ag séideadh ar feadh na hoíche. Scar uiscí na farraige óna chéile, ag fágáil cosán síos ina lár. Mháirseáil na hIosraeilítigh anonn go dtí an taobh eile, ar ghrinneall tirim na farraige, idir na ballaí uisce.

Siúlann na hIosraeilítigh ar ghrinneall tirim na farraige agus balla uisce lena dtaobh

Lean arm Fharó na hIosraeilítigh ar ghrinneall tirim na farraige. Ansin chuir Iehova mearbhall ar an arm. Thosaigh na rothaí ag titim dá gcarbaid. ‘Fágaigí seo!’ a scread na saighdiúirí. ‘Tá Iehova ag troid ar son na nIosraeilíteach.’

Dúirt Iehova le Maois: ‘Sín amach do lámh os cionn na farraige.’ Ar an bpointe boise, thit na ballaí uisce ar arm na hÉigipte. Maraíodh Faró agus a chuid saighdiúirí. Níor tháinig duine amháin acu slán.

Ar an taobh thall den fharraige, chas an slua mór amhrán molta do Dhia, ag rá: “Canaigí don Tiarna; rug sé bua le barr glóire! chaith sé i bhfarraige idir each agus charbadóir.” Nuair a bhí na daoine ag canadh, bhí na mná ag damhsa agus ag seinm na dtiompán. Bhí an-áthas ar gach duine mar go raibh saoirse acu anois.

“Ní miste dúinn a rá go muiníneach: ‘Is é an Tiarna a thugann cabhair dom, ní bheidh eagla dá laghad orm. Cad is féidir le haon duine a dhéanamh orm?’”—Eabhraigh 13:6

Ceisteanna: Céard a tharla ag an Muir Rua? Cén chaoi ar shábháil Iehova na hIosraeilítigh?

Eaxodus 13:21–15:21; Nihimiá 9:9-11; Salm 106:9-12; 136:11-15; Eabhraigh 11:29

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn