CEACHT 24
Níor Chomhlíon Siad a nGealltanas
Dúirt Iehova le Maois: ‘Tar aníos chugam ar an sliabh. Scríobhfaidh mé mo dhlíthe ar leaca cloiche agus tabharfaidh mé duit iad.’ Chuaigh Maois suas an sliabh agus d’fhan sé ann ar feadh 40 lá agus 40 oíche. Scríobh Iehova na Deich nAitheanta ar dhá leac cloiche agus thug sé do Mhaois iad.
Tar éis tamaill, cheap na hIosraeilítigh go raibh siad tréigthe ag Maois. Dúirt siad le hÁrón: ‘Teastaíonn duine uainn le muid a threorú. Déan dia dúinn!’ Dúirt Árón: ‘Tugaigí dom bhur gcuid óir.’ Leáigh Árón an t-ór agus rinne sé dealbh lao as. Dúirt na daoine: ‘Is é an lao seo ár nDia a thug amach as an Éigipt muid!’ Thosaigh siad ag adhradh an lao óir, agus ag ceiliúradh. An raibh rud éigin mícheart leis sin? Bhí, mar thug na daoine gealltanas d’Iehova gur dósan amháin a thabharfaidís adhradh. Ach níor chomhlíon siad a ngealltanas.
Chonaic Iehova an méid a bhí ag tarlú agus dúirt sé le Maois: ‘Gabh síos go dtí na daoine. Tá siad ag adhradh dia bréige.’ Síos le Maois agus an dá leac aige.
Nuair a bhí sé ag teannadh leis an gcampa, chuala Maois na daoine ag canadh. Ansin chonaic sé iad ag damhsa agus ag umhlú síos don lao óir. Bhuail fearg Maois agus chaith sé uaidh an dá leac agus déanadh smidiríní díobh. Scrios sé an lao óir láithreach. Ansin d’fhiafraigh sé d’Árón: ‘Cén chaoi ar chuir na daoine ort an rud uafásach seo a dhéanamh?’ D’fhreagair Árón: ‘Ná bíodh fearg ort. Tá a fhios agat féin cén bealach atá leis na daoine seo. Bhí siad ag iarraidh dia, mar sin chaith mé a gcuid óir isteach sa tine agus tháinig an lao seo amach!’ Níor cheart d’Árón é sin a dhéanamh. Chuaigh Maois suas an sliabh arís, agus d’impigh sé ar Iehova maithiúnas a thabhairt do na daoine.
Thug Iehova maithiúnas dóibh siúd a bhí sásta a bheith umhal dó. An dtuigeann tú cén fáth a raibh sé tábhachtach go leanfadh na hIosraeilítigh treoir Mhaois?
“Nuair a thugann tú móid do Dhia, ná cuir a comhlíonadh ar cairde [nó, ar athló] mar ní thaitníonn amadáin leis. Comhlíon a bhfuil móidithe agat.”—Cóheilit 5:3 (5:4 i mBíoblaí eile)