Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • lfb ceacht 53 lth. 128
  • Bhí Misneach ag Iahóideá

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Bhí Misneach ag Iahóideá
  • Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Cén Fáth Ar Chóir Eagla Iehova a Bheith Orainn?
    An Túr Faire ag Fógairt Ríocht Iehova (Staidéar)—2023
  • Réamhrá Cuid 9
    Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
lfb ceacht 53 lth. 128
Cuireann an tArdsagart Iahóideá Rí Ióáis i láthair na ndaoine

CEACHT 53

Bhí Misneach ag Iahóideá

Bhí iníon ag Ízeibil darbh ainm Atailiá, agus ba dhrochbhean í cosúil lena máthair. Bhí Atailiá pósta le rí Iúdá. Nuair a fuair a fear bás, thosaigh a mac ag rialú. Ach nuair a fuair a mac bás, ghabh Atailiá seilbh ar an ríchathaoir. Rinne sí iarracht an ríshliocht go léir a scriosadh. Dhúnmharaigh sí duine ar bith a d’fhéadfadh a theacht mar rialtóir ina háit, a garmhic féin ina measc. Bhí eagla ar gach duine roimpi.

Bhí a fhios ag an Ardsagart Iahóideá agus a bhean Iahóiseaba, go gcaithfidís duine den ríshliocht a chosaint. Chuir siad a mbeatha féin i mbaol chun garmhac Atailiá, leanbh darbh ainm Ióáis, a chur i bhfolach. Tógadh ag an teampall é.

Nuair a bhí Ióáis seacht mbliana d’aois, bhailigh Iahóideá na ceannfoirt agus na Léivítigh agus dúirt sé leo: ‘Cuirigí garda ar dhoirse an teampaill, agus ná ligigí aon duine isteach.’ Chuir Iahóideá an choróin ar Ióáis agus rinne sé rí ar Iúdá de. Bhéic muintir Iúdá: ‘Fad saoil don rí!’

Screadann Banríon Atailiá

Chuala an bhanríon Atailiá na gártha molta, agus chuaigh sí go dtí an teampall faoi dheifir. Nuair a chonaic sí an rí nua, scread sí: ‘Feall! Feall!’ Rug na ceannfoirt ar an mbanríon, thug siad leo í agus chuir siad chun báis í. Ach céard faoin drochthionchar a bhí aici ar an náisiún?

Chabhraigh Iahóideá leis an náisiún conradh a dhéanamh le hIehova inar gheall siad gur go Iehova amháin a thabharfaidís adhradh. D’ordaigh Iahóideá dóibh teampall Bháil a leagan agus smidiríní a dhéanamh de na híola. Cheap sé na sagairt agus na Léivítigh chun oibriú ag an teampall ionas go mbeadh na daoine in ann adhradh ann arís. Chuir sé gardaí ar gheataí an teampaill ionas nach mbeadh an té a bhí neamhghlan in ann dul isteach. Ansin thug Iahóideá agus na ceannfoirt Ióáis go dtí an pálás agus chuir siad ar an ríchathaoir é. Bhí lúcháir ar mhuintir Iúdá. Bhí siad in ann seirbhís a thabhairt d’Iehova sa deireadh, agus bhí siad saortha ó Atailiá agus ó adhradh Bháil. An bhfeiceann tú an chaoi ar chabhraigh misneach Iahóideá le go leor daoine?

“Ná bíodh eagla oraibh rompu seo a mharaíonn an corp ach nach féidir dóibh an t-anam a mharú: ní hea, ach bíodh eagla oraibh roimh an té ar féidir dó idir chorp agus anam a mhilleadh.”—Matha 10:28

Ceisteanna: Cén chaoi ar léirigh Iahóideá go raibh misneach aige? Meas tú nach féidir le hIehova cabhrú leatsa a bheith cróga?

2 Ríthe 11:1–12:13 (11:1–12:12 i mBíoblaí eile); 2 Croinicí 21:1-6; 22:10-12; 23:1–24:16

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn