CEACHT 56
Bhí Ómós ag Ióisíá do Dhlí Dé
Ceapadh Ióisíá ina rí ar Iúdá agus gan é ach ocht mbliana d’aois. Bhíodh draíocht á chleachtadh, agus íola á n-adhradh, sna laethanta sin. Nuair a bhí Ióisíá 16 bliana d’aois thosaigh sé ag foghlaim le hIehova a adhradh mar is ceart. Nuair a bhí sé 20 bliain d’aois thosaigh sé ag scriosadh na n-íol agus na n-altóirí a bhí acu in Iúdá. Agus nuair a bhí Ióisíá 26 bliana d’aois thosaigh sé ag athchóiriú teampall Iehova.
Fuair an t-ardsagart, Hilcíá, scrolla de Dhlí Iehova sa teampall—d’fhéadfadh sé gurbh é seo an scrolla ceannann céanna a scríobh Maois. Thug Seáfán, rúnaí an rí, an scrolla chuig Ióisíá agus thosaigh sé ag léamh Dlí Dé i láthair an rí. De réir mar a bhí Ióisíá ag éisteacht leis, thuig sé go raibh na daoine easumhal d’Iehova le blianta fada. Dúirt Ióisíá le Hilcíá: ‘Tá an-fhearg ar Iehova linn. Téigh agus labhair leis. Inseoidh Iehova dúinn céard is cóir dúinn a dhéanamh.’ D’fhreagair Iehova trí bhéal an bhanfháidh Huldá: ‘Tá mé tréigthe ag muintir Iúdá. Cuirfear pionós orthu ach ní tharlóidh sé le linn réimis Ióisíá, de bhrí gur umhlaigh sé é féin.’
Nuair a chuala Rí Ióisíá an teachtaireacht, chuaigh sé go dtí an teampall agus bhailigh sé muintir Iúdá le chéile. Ansin léigh sé Dlí Iehova os comhair an náisiúin go léir. Gheall Ióisíá agus muintir Iúdá go mbeidís dílis d’Iehova óna gcroí amach.
Ní raibh ceiliúradh déanta ag náisiún Iúdá ar Cháisc na nGiúdach le blianta fada roimhe sin. Ach nuair a léigh Ióisíá sa Dlí gur cheart Cáisc na nGiúdach a cheiliúradh gach bliain, dúirt sé leis an náisiún: ‘Tá muid chun Cáisc na nGiúdach a cheiliúradh d’Iehova.’ Ansin réitigh Ióisíá go leor íobairtí le hofráil, agus d’eagraigh sé amhránaithe chun canadh ag an teampall. Rinne an náisiún ceiliúradh ar Cháisc na nGiúdach, agus ina dhiaidh sin, ar Fhéile an tSlimaráin a mhair seacht lá. Níor déanadh ceiliúradh mar é ar Cháisc na nGiúdach ó aimsir Shamúéil. Bhí Ióisíá an-tugtha do Dhlí Dé. An mbaineann tusa taitneamh as a bheith ag foghlaim faoi Iehova?
“Is lóchrann do mo chosa do bhriathar; is solas do mo chosán é.”—Salm 119:105