Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • lfb ceacht 62 lth. 148-lth. 149 alt 1
  • Ríocht a Bhí Cosúil le Crann Mór Ard

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Ríocht a Bhí Cosúil le Crann Mór Ard
  • Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Ríocht a Sheasfaidh go Deo
    Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
lfb ceacht 62 lth. 148-lth. 149 alt 1
Gearrtar anuas an crann i mbrionglóid Nabúcadnazar

CEACHT 62

Ríocht a Bhí Cosúil le Crann Mór Ard

Oíche amháin bhí brionglóid scanrúil ag Nabúcadnazar. Chuir sé fios ar na fir feasa agus d’iarr sé orthu a bhrionglóid a mhíniú dó. Ach ní raibh siad in ann. Sa deireadh, labhair an rí le Dainéil.

Dúirt Nabúcadnazar le Dainéil: ‘Chonaic mé crann i mo bhrionglóid. D’fhás sé suas go hard sa spéir. Bhí sé le feiceáil ar fud an domhain. Bhí duilleoga áille air agus go leor torthaí. Bhíodh na hainmhithe ag ligean a scíth faoina scáth, agus bhíodh na héin ag déanamh neadacha ina ghéaga. Ansin tháinig aingeal anuas ó neamh. Ghlaoigh sé amach: “Gearraigí anuas an crann, agus gearraigí de na géaga. Ach fágaigí an stumpa agus a chuid fréamhacha sa talamh, agus cuirigí banda iarainn agus banda copair timpeall air. Athrófar an croí daonna atá ag an gcrann agus déanfar croí ainmhí de, agus rachaidh seacht n-aimsir thairis. Beidh a fhios ag gach duine beo gurb é Dia atá ag rialú, agus gur féidir leis ríocht a thabhairt don té is mian leis.”’

Thug Iehova tuiscint ar an mbrionglóid do Dhainéil. Leis sin bhuail eagla é. Dúirt sé: ‘A rí, faraor nach é do namhaid atá i gceist sa mbrionglóid seo, ach ní hé, is tú féin atá i gceist. Is tusa an crann a gearradh anuas. Bainfear díot do ríocht, agus beidh tú ag ithe féir sa bpáirc, mar a bheadh ainmhí fiáin ann. Ach de bhrí go ndúirt an t-aingeal an stumpa agus a chuid fréamhacha a fhágáil sa talamh, tabharfar do ríocht ar ais arís duit.’

Bliain ina dhiaidh sin, bhí Nabúcadnazar ag siúl ar dhíon a pháláis agus é ag déanamh gaisce as an mBablóin. Dúirt sé: ‘Féach ar an gcathair mhór seo a thóg mé. Nach iontach mé!’ Ní raibh na focail as a bhéal, nuair a chuala sé guth ó na flaithis ag rá: ‘A Nabúcadnazar! Tá do ríocht á baint díot anois.’

Ag an nóiméad sin, chaill Nabúcadnazar a mheabhair agus bhí sé mar a bheadh ainmhí fiáin ann. Díbríodh as an bpálás é agus bhí air maireachtáil leis na hainmhithe fiáine sna páirceanna. D’fhás gruaig Nabúcadnazar mar a bheadh cleití iolair, agus a chuid ingne mar a bheadh crúba éin.

Tháinig Nabúcadnazar chuige féin arís tar éis seacht mbliana, agus thug Iehova ar ais a ríocht dó. Ansin dúirt Nabúcadnazar: ‘Molaim Iehova, Rí na bhFlaitheas. Anois tá a fhios agam gurb é Iehova atá i gceannas. Íslíonn sé daoine a bhíonn uaibhreach, agus tá sé in ann ríocht a thabhairt dá rogha duine.’

“Gabhann uabhar roimh thubaiste; agus éirí in airde roimh threascairt.”—Seanfhocail 16:18

Ceisteanna: Céard a chiallaigh brionglóid Nabúcadnazar? Cén ceacht a d’fhoghlaim Nabúcadnazar?

Dainéil 3:98-100 (4:1-3 i mBíoblaí eile); 4:1-34 (4:4-37 i mBíoblaí eile)

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn