Réamhrá Cuid 12
Mhúin Íosa do dhaoine faoi Ríocht na bhflaitheas. Mhúin sé freisin dóibh le guí go naomhófaí ainm Dé, go dtiocfadh a Ríocht, agus go ndéanfaí a thoil ar an talamh. Más tuismitheoir thú, mínigh an phaidir seo do do pháiste. D’fhan Íosa dílis do Dhia beag beann ar iarrachtaí Shátain. Roghnaigh sé aspail. Bhí siad ar na chéad bhaill den Ríocht agus thug Íosa obair speisialta dóibh le déanamh. Tabhair faoi deara cé chomh dúthrachtach is a bhí Íosa i dtaobh adhradh Iehova. Bhí Íosa ag iarraidh cabhrú le daoine, dá bhrí sin leigheas sé na daoine a bhí tinn, thug sé bia do dhaoine a raibh ocras orthu, agus thóg sé daoine ó na mairbh. Ní raibh sna míorúiltí seo ar fad ach blaiseadh beag den mhéid a dhéanfaidh an Ríocht don chine daonna.