Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • lff ceacht 4
  • Cé hÉ Dia?

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Cé hÉ Dia?
  • Mair Go Sona Go Deo!—Cúrsa Idirghníomhach ar an mBíobla
  • Fotheidil
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • DÉAN TAIGHDE
  • ACHOIMRE
  • FIOSRAIGH
  • Ainm Iehova— Gach a Chiallaíonn sé Dúinn
    The An Túr Faire ag Fógairt Ríocht Iehova (Staidéar)—2025
  • Céard é Cuspóir Dé Don Duine?
    Mair Go Sona Go Deo!—Cúrsa Idirghníomhach ar an mBíobla
Mair Go Sona Go Deo!—Cúrsa Idirghníomhach ar an mBíobla
lff ceacht 4
Ceacht 4. Radharc teileascóp de spéir na hoíche le réaltaí agus réaltraí.

CEACHT 04

Cé hÉ Dia?

Eagrán Priontáilte
Eagrán Priontáilte
Eagrán Priontáilte

Tá daoine ag adhradh go leor déithe agus bandéithe, ó cruthaíodh an duine. Ach deir an Bíobla faoi Dhia amháin acu “is mó ár nDia ná na déithe go léir.” (2 Croinicí 2:4 [2 Croinicí 2:5 i mBíoblaí eile]) Cé hé an Dia sin? Cén fáth gur fearr É ná na déithe eile go léir a adhrann an duine? Foghlaimeoidh tú sa gceacht seo faoin gcaoi a gcuireann an Dia seo é féin in aithne duit.

1. Cén t-ainm atá ar Dhia, agus cén chaoi ar féidir linn a bheith cinnte go bhfuil sé ag iarraidh go mbeadh a ainm ar eolas againn?

Cuireann Dia é féin in aithne dúinn sa mBíobla. Deir sé: “Mise, arb é an Tiarna [Iehovaa] is ainm dom.” (Léigh Íseáia 42:​5, 8.) Is aistriúchán ar ainm Eabhraise é an t-ainm “Iehova”—ainm a chiallaíonn “Déanann Seisean le go dTarlóidh sé.” Tá Iehova ag iarraidh go mbeadh a ainm ar eolas againn. (Eaxodus 3:​15) Cén chaoi ar féidir linn a bheith cinnte de sin? Tá a ainm luaite sa mBíobla breis agus 7,000 uair! Is é Iehova an t-ainm atá ar an bhfíor Dhia “ar neamh thuas agus ar talamh thíos.”​—Deotranaimí 4:​39.b

2. Céard atá ráite sa mBíobla faoi Iehova?

Deir an Bíobla gurb é Iehova an t-aon Dia fírinneach amháin. Cén fáth? Tá cúpla cúis leis seo. Tá údarás ardcheannasach aige, agus dá bhrí sin is é amháin an “Té is Airde os cionn an domhain go léir.” (Léigh Salm 83:19. [Salm 83:18 i mBíoblaí eile]) Is é “an tUilechumhachtach” é, rud a chiallaíonn go bhfuil sé de chumhacht aige pé rud a roghnaíonn sé a dhéanamh, a dhéanamh. “Chruthaigh [Sé] an uile ní”​—an chruinne agus gach dúil bheo atá ar an talamh. (Apacailipsis 4:​8, 11) Bhí Iehova ann i gcónaí, agus beidh sé ann go deo.​—Salm 90:2.

DÉAN TAIGHDE

Scrúdaigh an difríocht atá idir na teidil atá ag Dia agus a ainm sainiúil pearsanta. Ansin faigh amach faoin gcúis ar chuir sé ar an eolas thú faoina ainm.

Fear ag féachaint ar spéir na hoíche. Tá an t-ainm Iehova greanta ar an spéir.

3. Tá go leor teidil ag Dia, ach níl air ach ainm amháin

Chun an difríocht idir an teideal atá ag duine agus a ainm a fháil amach, seinn an FÍSEÁN, agus ansin pléigh an cheist a leanann.

FÍSEÁN: Go Leor Teidil, ach Ainm Amháin (0:​41)

  • Cén difríocht atá idir teideal, mar “Tiarna,” agus ainm?

Deir an Bíobla go n-adhrann daoine go leor déithe agus tiarnaí. Léigh Salm 136:​1-3, agus déan plé ar an gceist:

  • Cé hé ‘Dia na ndéithe’ agus ‘Tiarna na dtiarnaí’?

4. Ba mhaith le hIehova go mbeadh a ainm ar eolas agat agus go n-úsáidfeá é

Céard a léiríonn go bhfuil Iehova ag iarraidh go mbeadh a ainm ar eolas agat? Seinn an FÍSEÁN, agus ansin pléigh an cheist a leanann.

FÍSEÁN: An Bhfuil Ainm ar Dhia?​—Blaisín (3:​11)

Radharc ón bhfíseán ‘An Bhfuil Ainm ar Dhia?​—Blaisín.’ Scrúdaíonn fear ainm Dé, Iehova, ag Salm 83:18 i ‘leagan an King James’ den Bhíobla a foilsíodh i 1611.
  • An gceapann tú go bhfuil Iehova ag iarraidh go mbeadh a ainm ar eolas ag daoine? Cén fáth?

Tá Iehova ag iarraidh ar dhaoine a ainm a úsáid. Léigh Rómhánaigh 10:​13, agus déan plé ar an gceist:

  • Cé chomh tábhachtach is atá sé ainm Dé, Iehova, a úsáid?

  • Cén chaoi a mothaíonn tú nuair a chuimhníonn duine éigean ar d’ainm agus úsáideann sé é?

  • Cén chaoi a mothaíonn Iehova nuair a úsáideann tú a ainm?

5. Tá Dia ag iarraidh ort druidim isteach leis

Dúirt bean ón Chambóid darb ainm Soten “nach raibh sí chomh sásta riamh” is a bhí sí nuair a d’fhoghlaim sí ainm Dé. Seinn an FÍSEÁN, agus ansin pléigh an cheist a leanann.

FÍSEÁN: My Search for the True God (8:​18)

Colláis: Radhairc ón bhfíseán ‘My Search for the True God.’ 1. Suíonn Soten faoi chrann san fhoraois, féachann sí suas ar an spéir, agus guíonn sí chuig an fhíor-Dhia. 2. Múineann Herold do Shoten gurb é Iehova ainm Dé.
  • De réir an fhíseáin sin, cén tionchar a bhí ag ainm Dé ar Shoten?

Is é a ainm an chéad rud a fhaigheann tú amach faoi dhuine sula mbíonn tú cairdiúil leis. Léigh Séamas 4:8a, agus pléigh na ceisteanna seo:

  • Cén cuireadh a thugann Iehova duitse?

  • Cén fáth go mbeadh sé cabhrach ainm Dé a bheith ar eolas agat agus é a úsáid chun dlúthchairdeas a chothú leis?

DEIR DAOINE ÁIRITHE: “Níl ann ach aon Dia amháin, mar sin is cuma cén t-ainm a thugtar air.”

  • An gcreideann tú gurb é Iehova ainm Dé?

  • Cén chaoi a mhíneofá go bhfuil Dia ag iarraidh orainn a ainm a úsáid?

ACHOIMRE

Is é Iehova ainm an t-aon Dia fírinneach amháin. Tá sé ag iarraidh go mbeadh an t-ainm sin ar eolas againn agus é a úsáid ionas gur féidir linn teannadh isteach leis.

Súil Siar

  • Cén difríocht atá idir Iehova agus na déithe eile go léir a bhíonn á n-adhradh ag daoine?

  • Cén fáth ar chóir dúinn ainm Dé a úsáid?

  • Céard a léiríonn go bhfuil Iehova ag iarraidh ort dlúthchaidreamh a chothú leis?

Sprioc

FIOSRAIGH

Scrúdaigh cúig chúis a chruthaíonn go bhfuil Dia ann.

“An Bhfuil Dia Ann?” (Alt ar líne)

Cén fáth go ndéanann sé ciall a chreidiúint go raibh Dia ann i gcónaí?

Who Made God?” (The Watchtower, August 1, 2014)

Faigh amach faoin gcúis ar chóir dúinn ainm Dé a úsáid, fiú mura bhfuil muid cinnte faoin gcaoi a bhfuaimnítí é san am a caitheadh.

“Cé hÉ Iehova?” (Alt ar líne)

An cuma cén t-ainm a thugann muid ar Dhia? Féach ar an gcúis nach bhfuil air ach ainm pearsanta amháin.

“Cé Mhéad Ainm atá ar Dhia?” (Alt ar líne)

a Tá an t-ainm diaga aistrithe mar “an Tiarna” in An Bíobla Naofa (féach an réamhrá ar leabhar Eaxodus, faoi An Peintiteoch​—Brollach.) Dá bhrí sin, gach áit a bhfuil an t-ainm diaga aistrithe mar “an Tiarna” sna scrioptúir a luaitear sa bhfoilseachán seo, cuireann muid an leagan Gaeilge den ainm diaga, “Iehova,” idir lúibíní ina dhiaidh.

b Le haghaidh tuilleadh eolais faoin mbrí atá le hainm Dé agus an chúis ar tógadh amach as cuid d’aistriúcháin an Bhíobla é, féach: Appendix A4 in the New World Translation of the Holy Scriptures.

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn