CEACHT 10
Cén Chaoi ar Féidir le Cruinnithe Fhinnéithe Iehova Dul Chun Tairbhe Duit?
An bhfuair tú cuireadh chuig cruinniú de chuid Fhinnéithe Iehova? B’fhéidir go mbraitheann tú neirbhíseach faoi. B’fhéidir go bhfuil tú ag fiafraí díot féin: ‘Céard a tharlaíonn ag na cruinnithe? Cén fáth a bhfuil siad tábhachtach? Cén fáth ar chóir dom freastal orthu?’ Pléifear anois an bealach ar féidir le comhluadar dhaoine eile cabhrú leat go pearsanta agus an chaoi le teanna isteach le Dia.
1. Cén fáth go mbíonn cruinnithe ag Finnéithe Iehova?
Seo é an cur síos a rinne scríbhneoir Bíobla amháin ar an bpríomhchúis a dtagann na finnéithe le chéile: “Molfaidh mé an Tiarna [Iehova] sna tionóil.” (Salm 26:12) Bíonn an-áthas ar Fhinnéithe Iehova cruinniú le chéile. Tagann siad le chéile gach seachtain ar fud an domhain, chun Dia a mholadh, chun canadh, agus chun guí. Freastalaíonn siad ar chruinnithe móra freisin cúpla uair sa mbliain chun Dia a adhradh.
2. Céard a fhoghlaimeoidh tú ag ár gcruinnithe?
Déantar plé ar Bhriathar Dé á ‘mhíniú don phobal ionas go dtuigtear é.’ (Léigh Nihimiá 8:8.) Trí fhreastal a dhéanamh, foghlaimeoidh tú faoi Iehova agus a thréithe iontacha. De réir mar a gheobhaidh tú amach faoina ghrá duit, teannfaidh tú isteach leis. Gheobhaidh tú amach freisin faoin gcaoi ar féidir leis cabhrú leat le saol suaimhneach a bheith agat.—Íseáia 48:17, 18.
3. Cén chaoi ar féidir leis na daoine a chastar ort ag ár gcruinnithe cabhrú leat?
Ordaíonn Iehova dúinn ‘gan fanacht as láthair ónár gcruinnithe ach a bheith ag spreagadh a chéile chun dea-oibreacha a dhéanamh.’ (Eabhraigh 10:24, 25) Ag ár gcruinnithe, casadh tú le daoine atá mór le chéile agus cosúil leat féin tá suim acu níos mó a fhoghlaim faoi Dhia. Cloisfidh tú iad ag roinnt pointí spreagúla ón mBíobla. (Léigh Rómhánaigh 1:11, 12.) Beidh tú in ann labhairt le daoine singil agus pósta atá ag déileáil go sásúil le fadhbanna móra an tsaoil. Níl ansin ach cuid de na cúiseanna a mbíonn Iehova ag iarraidh orainn castáil le chéile go rialta!
DÉAN TAIGHDE
Faigh amach faoin méid a bhíonn ar siúl ag cruinnithe Fhinnéithe Iehova agus an chúis gur fiú iarracht a dhéanamh freastal ar na cruinnithe seo.
4.Cruinnithe Fhinnéithe Iehova
Thagadh Críostaithe na chéad aoise le chéile go rialta chun Iehova a adhradh. (Rómhánaigh 16:3-5) Léigh Colosaigh 3:16, agus pléigh an cheist seo:
Cén chaoi a ndearna na chéad Chríostaithe Iehova a adhradh?
Tagann na finnéithe le chéile go rialta inniu ag a n-ionaid adhradh. Chun a fháil amach faoin méid a bhíonn ar siúl ag a gcruinnithe, seinn an FÍSEÁN. Ansin, féach ar phictiúr de chruinniú pobail, agus pléigh na ceisteanna a leanann.
Céard iad na cosúlachtaí atá idir an méid a tharlaíonn ag Ríocht-halla agus an méid atá luaite ag Colosaigh 3:16?
An bhfaca tú aon rud eile sa bhfíseán nó sa bpictiúr a thaitin leat faoi na cruinnithe?
Léigh 2 Corantaigh 9:7, agus pléigh an cheist seo:
Cén fáth go bhfuil cruinnithe Fhinnéithe Iehova saor in aisce?
Féach ar an méid a phléifear ag ceann de chruinnithe na seachtaine seo in éineacht le do mhúinteoir.
Cén chuid den chruinniú is suimiúla nó is úsáidí duit?
An raibh a fhios agat?
Is féidir eolas a fháil ag jw.org, maidir leis an áit agus an uair a reáchtáiltear cruinnithe ar fud an domhain.
Bíonn cainteanna, taispeántais, agus físeáin ar siúl ag ár gcruinnithe. Tosaítear agus críochnaítear gach cruinniú le hamhrán agus paidir
Bíonn deis ag an dream atá i láthair freagra a thabhairt le linn an chruinnithe
Tá fáilte roimh chách—teaghlaigh, daoine singil, daoine scothaosta, agus gasúir
Bíonn cead isteach saor in aisce, agus ní dhéantar aon bhailiúcháin
5. Tá iarracht i gceist le freastal ar chruinnithe
Tóg mar shampla teaghlach Íosa. Bhí thart ar 60 míle siúil le déanamh acu thar thalamh sléibhtiúil ó Nazarat go hIarúsailéim chun freastal ar ócáid bhliantúil. Léigh Lúcás 2:39-42, agus ansin pléigh na ceisteanna seo:
An gceapann tú go raibh iarracht i gceist leis an turas go hIarúsailéim?
Cén fáth go bhfuil sé dúshlánach freastal ar chruinnithe?
An gceapann tú gur fiú é? Cén fáth?
Deir an Bíobla go bhfuil sé an-tábhachtach a theacht le chéile chun adhradh. Léigh Eabhraigh 10:24, 25, agus ansin pléigh an cheist seo:
Cén fáth ar chóir dúinn freastal ar chruinnithe go rialta?
DEIR DAOINE ÁIRITHE: “Ní gá duit dul chuig cruinnithe. Is leor staidéar a dhéanamh ar an mBíobla sa mbaile.”
Cé na scrioptúir nó na samplaí ón mBíobla a léiríonn riachtanais Iehova?
ACHOIMRE
Cabhróidh na cruinnithe leat le níos mó a fhoghlaim faoi Iehova, le caidreamh pearsanta a chothú leis, agus é a adhradh i gcomhar le do chomh-Chríostaí.
Súil Siar
Cén fáth ar ordaigh Iehova dúinn a theacht le chéile chun é a adhradh?
Céard a fhoghlaimeoidh tú ag cruinnithe Fhinnéithe Iehova?
Cén tairbhe eile a bhaineann le freastal ar chruinnithe?
FIOSRAIGH
Céard faoi má tá tú neirbhíseach faoi fhreastal ar chruinniú? Féach ar an gcaoi ar tháinig athrú intinne ar fhear amháin nuair a d’fhreastal sé ar chruinniú.
Faigh amach faoi fhear óg amháin a bhain taitneamh as na cruinnithe agus an méid a rinne sé chun leanúint air ag freastal orthu.
Faigh amach faoin gcaoi a mothaíonn daoine eile faoi na cruinnithe.
Faigh amach faoin gcaoi ar athraigh saol fir a bhí i ngrúpa foréigneach tar éis dó freastal ar chruinniú de chuid Fhinnéithe Iehova.
“I Never Went Anywhere Without My Gun” (The Watchtower, 1 Iúil, 2014)