Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • lmd ceacht 5
  • Bí Deisbhéalach

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Bí Deisbhéalach
  • Gráigh Daoine—Déan Deisceabail
  • Fotheidil
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • An Méid a Rinne Pól
  • Céard Atá Le Foghlaim Againn Ó Phól?
  • Déan Aithris ar Phól
  • “D’fhonn go nDéanfaidís Dia a Lorg, . . . agus Go nAimseoidís É”
    “Bearing Thorough Witness” About God’s Kingdom
  • Uirísle
    Gráigh Daoine—Déan Deisceabail
  • Léirigh Suim i nDaoine
    Gráigh Daoine—Déan Deisceabail
  • Nádúrthacht
    Gráigh Daoine—Déan Deisceabail
Tuilleadh
Gráigh Daoine—Déan Deisceabail
lmd ceacht 5

AG TOSÚ COMHRÁ

An tAspal Pól ag réasúnú le muintir na hAithne.

Gníomhartha 17:​22, 23

CEACHT 5

Bí Deisbhéalach

Prionsabal: “Bíodh bhur gcomhrá leo go suáilceach deisbhéalach.”—Col. 4:6.

An Méid a Rinne Pól

An tAspal Pól ag réasúnú le muintir na hAithne.

FÍSEÁN: Craobhscaoileann Pól do na hAithinigh

1. Féach ar an bhFÍSEÁN, nó léigh Gníomhartha 17:​22, 23. Ansin déan machnamh ar na ceisteanna seo a leanann:

  1. Cén chaoi ar mhothaigh Pól faoi na cleachtais reiligiúnacha bhréagacha a chonaic sé i gcathair na hAithne?—Féach Gníomhartha 17:16.

  2. Seachas a bheith ag cáineadh na nAithneach, cén chaoi ar úsáid Pól an méid a chreid siad chun an dea-scéal a roinnt leo ar bhealach stuama?

Céard Atá Le Foghlaim Againn Ó Phól?

2. Tá níos mó seans ann go n-éistfidh daoine linn má roghnaíonn muid go cúramach an rud atá le rá againn chomh maith leis an mbealach a ndeir muid é.

Déan Aithris ar Phól

3. Cuimhnigh go maith ort féin. Mar shampla, má tá tú ag labhairt le duine nach bhfuil cúlra Críostaí aige, b’fhéidir go mbeadh ort an bealach a dtagraíonn tú don Bhíobla nó d’Íosa a athrú.

4. Ná bíodh aon deifir ort ag ceartú duine. Lig dó é féin a chur in iúl. Má deir sé rud éigin a thagann salach ar theagasc an Bhíobla, ná bí ag argóint leis. (Séam. 1:19) Trí éisteacht leis, gheobhaidh tú amach céard a chreideann sé ann agus an chúis a gcreideann sé é.—Sean. 20:5.

5. Aontaigh leis an duine agus mol é nuair is féidir. D’fhéadfadh sé go gcreideann sé ina chroí go bhfuil an reiligiún ceart aige. Déan iarracht labhairt faoi rud éigin a n-aontaíonn sibh araon leis, agus ansin de réir a chéile cabhraigh leis tuiscint a fháil ar an méid a mhúineann an Bíobla.

FÉACH FREISIN

Sean. 25:15; 2 Tiom. 2:​23-26; 1 Pead. 3:15

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn