Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • lmd ceacht 6
  • Misneach

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Misneach
  • Gráigh Daoine—Déan Deisceabail
  • Fotheidil
  • An Méid a Rinne Íosa
  • Céard Atá Le Foghlaim Againn Ó Íosa?
  • Déan Aithris ar Íosa
Gráigh Daoine—Déan Deisceabail
lmd ceacht 6

AG TOSÚ COMHRÁ

Íosa ag spreagadh Zacháias anuas ón gcrann, rud a chuir iontas ar roinnt den lucht féachana.

Lúcás 19:​1-7

CEACHT 6

Misneach

Prionsabal: “Ach fuaireamar de mhisneach ó Dhia a dhea-scéal a fhógairt.”—1 Teas. 2:2.

An Méid a Rinne Íosa

Íosa ag spreagadh Zacháias anuas ón gcrann, rud a chuir iontas ar roinnt den lucht féachana.

FÍSEÁN: Craobhscaoileann Íosa do Zacháias

1. Féach ar an bhFÍSEÁN, nó léigh Lúcás 19:​1-7. Ansin déan machnamh ar na ceisteanna a leanann:

  1. Cén fáth a bhféadfadh daoine áirithe a bheith ag seachaint Zacháias?

  2. Céard a spreag Íosa chun an dea-scéal a roinnt leis?

Céard Atá Le Foghlaim Againn Ó Íosa?

2. Ní mór dúinn a bheith misniúil chun teachtaireacht na Ríochta a chraobhscaoileadh do chách.

Déan Aithris ar Íosa

3. Cuir muinín in Iehova. Neartaigh spiorad Dé Íosa chun an craobhscaoileadh a dhéanamh, agus is féidir leis tusa a neartú freisin. (Math. 10:​19, 20; Lúcás 4:18) Iarr ar Iehova misneach a thabhairt duit ionas go mbeidh tú in ann craobhscaoileadh dóibh siúd a bhfuil scáth agat rompu.—Gníomhartha 4:29.

4. Ná tabhair réamhbhreith ar dhaoine. D’fhéadfadh sé go mbeadh drogall orainn labhairt le daoine áirithe mar gheall ar an gcaoi a mbreathnaíonn siad, a stádas sóisialta, a stíl mhaireachtála, nó a reiligiún. Ach cuimhnigh:

  1. Is féidir le hIehova agus Íosa croíthe a léamh; ní féidir linne.

  2. Níl trócaire Dé i bhfad ó aon duine againn.

5. Bí muiníneach ach bí measúil agus cúramach freisin. (Math. 10:16) Seachain argóint. Cuir deireadh go múinte leis an gcomhrá mura nglacann an duine leis an dea-scéal nó mura mothaíonn tú sábháilte.—Sean. 17:14.

FÉACH FREISIN

Gníomhartha 4:31; Eif. 6:​19, 20; 2 Tiom. 1:7

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn