Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • lmd ceacht 11
  • Simplíocht

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Simplíocht
  • Gráigh Daoine—Déan Deisceabail
  • Fotheidil
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • An Méid a Rinne Íosa
  • Céard Atá Le Foghlaim Againn Ó Íosa?
  • Déan Aithris ar Íosa
  • An Bealach le Dul i mBun Staidéir Bíobla Ag Úsáid “Mair Go Sona Go Deo!”
    Gráigh Daoine—Déan Deisceabail
  • Cabhraigh le Mic Léinn Bíobla Seasamh a Thógáil ar son na Fírinne
    The An Túr Faire ag Fógairt Ríocht Iehova (Staidéar)—2025
  • Crógacht
    Gráigh Daoine—Déan Deisceabail
Gráigh Daoine—Déan Deisceabail
lmd ceacht 11

AG DÉANAMH DEISCEABAIL

[Pictiúr ar leathanach 24]

Math. 6:​25-27

CEACHT 11

Simplíocht

Prionsabal: ‘Labhraígí go soiléir.’ —1 Cor. 14:9.

An Méid a Rinne Íosa

Íosa ag múineadh grúpa daoine in aice le huisce. Éin ag eitilt sa spéir, agus bláthanna fiáine ag fás in aice láimhe.

FÍSEÁN: Léiríonn Íosa go Bhfuil Suim ag Ár nAthar Ionainn

1. Féach ar an bhFÍSEÁN, nó léigh Matha 6:​25-27. Ansin déan machnamh ar na ceisteanna a leanann:

  1. Cén chaoi ar léirigh Íosa go bhfuil suim ag Iehova ionainn?

  2. Cé go raibh go leor eolais ag Íosa faoi éin, céard iad na sonraí simplí ar dhírigh sé isteach orthu? Cén fáth go mba mhodh maith múinte a bhí ann?

Céard Atá Le Foghlaim Againn Ó Íosa?

2. Nuair a bhíonn ár modh teagaisc simplí, beidh daoine ag cuimhniú ar an méid a mhúin muid dóibh agus bogfaidh a gcroí.

Déan Aithris ar Íosa

3. Ná déan an chaint ar fad. Seachas gach a bhfuil ar eolas agat faoi ábhar a lua, dírigh ar an ábhar atá sa bhfoilseachán staidéir. Tar éis duit ceist a chur, fan go foighneach le go bhfreagróidh do mhac léinn. Mura bhfuil an freagra ar eolas aige nó má chuireann sé dearcadh in iúl a thagann salach ar theagasc an Bhíobla, úsáid ceisteanna breise chun cuidiú leis an t-ábhar a thuiscint. Nuair a thuigeann do mhac léinn an príomhphointe, bog ar aghaidh.

4. Úsáid an t-eolas atá ag do mhac léinn cheana féin le cuidiú leis rudaí nua a thuiscint. Mar shampla, sula dtosaíonn tú ar cheacht faoin aiséirí, b’fhéidir go ndéanfá athbhreithniú gearr ar a bhfuil foghlamtha aige faoi riocht na mairbh.

5. Bí cúramach nuair atá tú ag úsáid parabal. Sula n-úsáideann tú parabal, fiafraigh duit féin:

  1. ‘An bhfuil an parabal simplí?’

  2. ‘An dtuigfidh mo mhac léinn go héasca é?’

  3. ‘An gcuideoidh sé le mo mhac léinn cuimhneamh ar an bpríomhphointe—ní ar an bparabal amháin?’

FÉACH FREISIN

Math. 11:25; Eoin 16:12; 1 Cor. 2:1

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn